An craoltóir, léiritheoir agus scríbhneoir Muiris Mac Conghail ar shlí na fírinne

Bhí Muiris Mac Conghail, Gaeilgeoir líofa, ar dhuine de mhórphearsana na craoltóireachta in Éirinn lena linn

An craoltóir, léiritheoir agus scríbhneoir Muiris Mac Conghail ar shlí na fírinne

Tá an craoltóir, léiritheoir agus scríbhneoir aitheanta Muiris Mac Conghail tar éis bháis.

Bhí sé 78 bliain d’aois.

Bhí Muiris Mac Conghail, Gaeilgeoir líofa, ar dhuine de mhórphearsana na craoltóireachta in Éirinn lena linn.

Thóg sé féin agus a chéad bhean, Máire Ní Dhobhráin, a gclann le Gaeilge agus bhí baint mhór aige le saol na Gaeilge agus na Gaeltachta i gcaitheamh a shaoil, ag áireamh seal a thug sé ina cheannasaí ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Bhí ceangal mór aige le Gaeltacht Chorca Dhuibhne agus le Dún Chaoin, áit a raibh teach saoire aige, agus na Blascaodaí go háirithe.

Rugadh i mBaile Átha Cliath é i 1941.

Ba iad Maurice MacGonigal, an t-ealaíontóir mór le rá, agus Ada Kelly a thuismitheoirí. Teaghlach mór ealaíne a bhí ann agus ba chol ceathracha a athair agus an t-ealaíontóir gloine dhaite Harry Clarke.

Muiris Mac Conghail (1993)

I ndiaidh dó céim a bhaint amach ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus seal a chaitheamh mar mhúinteoir gairmscoile fuair sé post i 1964 in RTÉ, mar a raibh sé ar dhuine de ghlúin óg iriseoirí agus craoltóirí a rinne obair cheannródaíoch i mblianta luath an stáisiúin.

D’oibrigh sé ar dtús ar an gclár Newsbeat agus ina dhiaidh sin bhí sé ina léiritheoir agus ina eagarthóir ar an gclár cúrsaí reatha Seven Days.

Le linn a thréimhse le Seven Days tugadh lucht an chláir os comhair binse fiosrúcháin mar gheall ar chlár a rinneadar faoi iasachtaí airgid mídhleathacha.

I Márta 1973 d’fhág sé saol na craoltóireachta ar feadh seala chun dul ag obair i Roinn an Taoisigh mar Cheannasaí Sheirbhís Eolais an Rialtais. An Taoiseach Liam Cosgrave a cheap é ach bhí luí aige le polaitíocht na heite clé agus le Páirtí an Lucht Oibre agus bhí sé cairdiúil le leithéidí Brendan Corish agus Conor Cruise O’Brien.

Dar leis an údar Risteard Ó Glaisne “rinne sé gléas i bhfad ní ba líofa agus ní ba phroifisiúnta de Sheirbhís Eolais an Rialtais”.

I 1975 fógraíodh go raibh sé le ceapadh ina cheannasaí ar Raidió na Gaeltachta agus ina chúntóir ag Príomh-Stiúrthóir RTÉ. Bhain méid áirithe conspóide lena cheapachán toisc go raibh sé ag teacht ó phost rialtais, cé nach raibh ceist ar bith faoina chumas ná a dhintiúir chraoltóireachta.

Cé nár fhan sé rófhada ina cheannasaí ar an Raidió,  tréimhse chorraitheach a bhí ann sa stáisiún agus dhein sé féin iarracht athruithe móra conspóideacha a chur i gcrích ar sceideal an stáisiúin trí na huaireanta craolta a athrú go dtí níos luaithe sa lá.

Muiris Mac Conghail (1967)

Dúradh ar an iris Hibernia ag an am gurbh amhlaidh go raibh Mac Conghail tagtha ar an dtuiscint ‘that the kind of programming which is being transmitted at the moment from Raidió na Gaeltachta is rather more appropriate to the work of the Irish Folklore Commission than to a radio service purporting to serve a living community’.

I 1977 d’fhill sé ar Dhomhnach Broc mar Cheannasaí na gClár Teilifíse, ceann de na poist ba  shinsearaí agus ba mhó a raibh cumhacht ag baint leis i saol na craoltóireachta in Éirinn.

Ba é an chéad chathaoirleach ar Bhord Scannáin na hÉireann é agus thuill a shaothar féin meas agus gradaim chomh maith, ina measc duaiseanna teilifíse Jacobs, ceann acu, i 1985, dá scannán cáiliúil faoin mBlascaod, Oileán Eile.

Foilsíodh roinnt leabhar leis faoi na Blascaodaí chomh maith, ina measc beathaisnéis faoin scoláire Seoirse Mac Thomáis, Aghaidheanna Fidil Agus Púicíní, The Blaskets: A Kerry Island agus The Blaskets — People and Literature.

Bhíodh sé ag scríobh chomh maith d’fhoilseacháin Ghaeilge, ina measc Comhar agus an nuachtán Foinse.

Dúirt ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta gur “ábhar bróin” d’fhoireann an Raidió bás Mhuiris Mhic Conghail. 

Bhí Muiris mar Cheannaire ar Raidió na Gaeltachta ó mí Iúil 1975 go dtí mí Meitheamh 1976, an tríú duine sa phost ó bunaíodh an tseirbhís i 1972.  An sprioc a bhí aige i rith an ama sin ná cur leis an méid uaireanta craolta a bhí ag an raidió, agus forbairt a dhéanamh ar an tseirbhís nach raibh i bhfad ar an saol ag an am.  Is fear é a bhí dílis don chraoltóireacht agus don Ghaeilge…” arsa Gearóid Mac Donncha.

Dúirt sé gur “fear ildánach” a bhí i Muiris Mac Conghail.

Maireann a bhean Mary Malone, agus a chlann Fiach, Cúán, Somhairle, Marcus agus Étaín.

Muiris Mac Conghail (1986)

Fág freagra ar 'An craoltóir, léiritheoir agus scríbhneoir Muiris Mac Conghail ar shlí na fírinne'