An craoltóir ildánach Séamus Mac Géidigh imithe ar shlí na fírinne

Bhí ardmheas ar Shéamus Mac Géidigh mar chraoltóir cumasach díograiseach ildánach agus mar shártráchtaire spóirt

000c5bd0-990

Tá ómós á léiriú go tréan do Shéamus Mac Géidigh, an craoltóir, iriseoir agus tráchtaire spóirt a bhásaigh go tobann tráthnóna inné.

54 bliain d’aois a bhí Séamus Mac Géidigh, a bhí ina Bhainisteoir Réigiúin ag RTÉ Raidió na Gaeltachta sa Tuaisceart.

Ba as an Ailt, An Ardaí Bheag, Gort an Choirce i nDún na nGall dó agus bhí ardmheas air ar fud an chontae sin, ar fud na Gaeltachta agus ar fud na tíre mar fhear uasal, mar chraoltóir cumasach díograiseach ildánach agus mar shártráchtaire spóirt.

I ráiteas a d’eisigh RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin dúradh gur “cúis mhór bhróin” d’fhoireann an stáisiúin Séamus Mac Géidigh a bheith imithe ar shlí na fírinne. “Ceannaire foirne, craoltóir ildánach, ach thar rud ar bith eile cara mór” ab ea é, a dúradh.

Thosaigh Séamus Mac Géidigh ag obair le RnaG i mí Eanáir 1988 agus ceapadh é ina Bhainisteoir Réigiúin an Tuaiscirt in 2004. Craoladh ar RTÉ RnaG ar maidin clár ómóis don chraoltóir. Agus tús á chur leis an gclár sin aici, dúirt Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta Edel Ní Chuireáin go raibh “scamall dorcha” os cionn stáisiún RnaG sna Doirí Beaga. “Níl an té a bhí le bheith sa chathaoir seo linn níos mó,” a dúirt sí.

Dúirt Ní Chuireáin “go raibh achan duine a raibh aithne acu ar Shéamus croíbhriste” agus go raibh sé deacair an saol a shamhlú gan é “a bheith páirteach ann”.

“Duine iontach speisialta a bhí in Séamus, an meangadh gáire ar a aghaidh agus loinnir ina shúil i gcónaí. Fear a bhí breá ábalta feoil a chur ar scéal agus an chuid is fearr a bhaint as daoine,” a dúirt ceannaire RTÉ RnaG.

Fear mór pobail ab ea Mac Géidigh a bhí ina Rúnaí ar Choiste Pobail Ghort an Choirce le blianta fada, agus dúirt sagart paróiste Ghort an Choirce, an tAthair Seán Ó Gallchóir, gur fhág bás tobann an chraoltóra go mbeadh “bearnaí millteanacha sa saol ar fad”.

“Ní thiocfadh leis an pharóiste caill ní ba mhó a fhulaingt ná caill Shéamuis,” a dúirt sé.

“Gael agus tráchtaire den scoth” ab ea Séamus Mac Géidigh, a dúirt Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Aogán Ó Fearghaíl, a d’ainmnigh Séamus ar Choiste Náisiúnta na Gaeilge CLG dhá bhliain ó shin. Dúirt Uachtarán CLG go raibh “na scamaill dhorcha os cionn Pháirc an Chrócaigh” ar maidin agus “duine faoi leith agus fear uasal” ar lár.

Le linn an eagráin speisialta den chlár Barrscéalta ar maidin, dúradh gurb é Séamus “guth na gConallach” fad is a bhain sé leis na cluichí Gaelacha.

Dúirt an tAthair Brian Ó Fearraigh, sagart paróiste i nGaoth Dobhair, gur “saibhre muid de bharr a chomhluadair, a chineáltachta agus a cheannródaíocht chraoltóireachta”.

Dúirt Jim Jennings, Ceannasaí Raidió RTÉ gur “cailliúint mhór do Raidió RTÉ agus do Raidió na Gaeltachta go háirithe, bás tobann Shéamuis Mhic Géidigh”.

Dúirt Kevin Bakhurst, Stiúrthóir Feidhmeach RTÉ:

“Cúis mhór bhróin dom bás Shéamuis.  Bhí ardmheas air mar iriseoir agus mar chraoltóir, agus aireoidh a chuid comhghleacaithe ar fud na heagraíochta seo uathu é.  Déanaim comhbhrón ó chroí lena mhuintir agus lena chairde.”

Ag tagairt dó don chluiche deireanach a ndearna an craoltóir tráchtaireacht air, an cluiche leathcheannais i gCraobh Uladh idir Dún na nGall agus Muineachán tráthnóna Dé Sathairn, dúirt an tAthair Ó Fearraigh go raibh an bealach slachtmhar ar chuir Mac Géidigh deireadh leis an tráchtaireacht sin oiriúnach mar chur síos ar a shaol féin:

“Tá an fheadóg dheireanach séidte, ach a leithéid de chluiche.”

Maireann a bhean chéile Dolores agus a dtriúr clainne, Póilín, Éadaoin agus Dónal.

Cuirfear Séamus Mac Géidigh i ndiaidh aifreann 12 pm i nGort an Choirce Dé hAoine.

Fág freagra ar 'An craoltóir ildánach Séamus Mac Géidigh imithe ar shlí na fírinne'