An Covid i réim agus Sinn Féin ag neartú— bliain dhúshlánach d’Fhianna Fáil agus d’Fhine Gael

Ní raibh ní ná eachtra dár tharla in 2021 nach raibh faoi anáil na héiginnteachta agus na himní a bhain, agus a bhaineann i gcónaí, leis an ngalar

An Covid i réim agus Sinn Féin ag neartú— bliain dhúshlánach d’Fhianna Fáil agus d’Fhine Gael

Shíl muid an taca seo anuraidh go raibh bliain nua dóchais romhainn agus go mbeadh ar ár gcumas Covid-19 a dhíbirt go dtí na leabhra staire sular fada. A mhalairt a tharla agus níl ní ná eachtra dár tharla in 2021 nach raibh faoi anáil na héiginnteachta agus na himní a bhain, agus a bhaineann i gcónaí, leis an ngalar.

Sna seachtainí agus sna míonna tar éis na Nollag a tháinig an chuid is measa den phaindéim inár mullach. D’íoc muid an téiléireacht go maith as ceiliúradh na Nollag. Bhí an ghruaim go láidir inár measc. Ní hamháin go raibh daoine ag tolgadh an víris ghránna seo, ach bhí seirbhísí sláinte agus sóisialta d’aon duine eile a raibh gá acu leo fágtha ar an bhfaraor géar. Ní lia duine ná tuairim ach go cinnte bhí daoine feargach mífhoighdeach go minic faoin riocht ina raibh muid.

Ansin tháinig léas dóchais agus dea-scéal na vacsaíní. Thug an clár faoinar dáileadh iad agus trínar cuireadh an pobal ar an eolas faoin bhfeachtas vacsaínithe deis cháinte eile do dhaoine faoin rialtas. Ag deireadh na bliana, agus daoine trína chéile arís faoi shoiléire na dteachtaireachtaí as Teach Laighean, tá sé le brath gur scéal leanúnach ó thús na paindéime na fadhbanna cumarsáide.

Bíonn doiléire agus éiginnteacht ann faoi céard go díreach a bheidh ag tarlú agus bíonn an pobal míshásta, dá réir. Ach ag deireadh na bliana, is féidir a rá gur éirigh thar barr leis an bhfeachtas vacsaíní agus an dá shnáthaid faighte ag os cionn 90% de dhaoine fásta an stáit. Tá an tríú snáthaid á dáileadh faoi láthair. Is é an áit a bhfuil an éiginnteacht, agus is amhlaidh an scéal ón gcéad lá, go bhfuil an víreas seo in ann a rud féin a dhéanamh agus go bhfuil sciar den phobal ann nach mbeidh ómós acu go deo do chumhacht an víris, is cuma cé chomh contúirteach agus atá sé.

Is léir le bliain anuas go bhfuil an cleamhnas idir Fianna Fáil, Fine Gael agus an Comhaontas Glas in ann a bheith corrach ó thráth go chéile. Má tá ceachtar dream acu sásta go maith leo féin ag teannadh le deireadh 2021 déarfainn gurb iad an páirtí glas iad. Mar gheall ar an bpráinn idirnáisiúnta a bhaineann le cúrsaí aeráide, tá na páirtithe ar fad dírithe ar an gceist. Ciallaíonn sé, mar sin féin, go bhfuil spriocanna uaillmhianacha leagtha síos sa bplean aeráide.

Ní gá go mbeadh siad chomh láidir murach tionchar na nGlasach. Tá cathanna go leor le troid go fóill ach is léir go bhfuil práinn na ceiste tuigthe ag an rialtas. Beidh sé spéisiúil sé chomh dílis agus a bheifear do chur i bhfeidhm na spriocanna de réir mar atá toghchán ag teannadh linn agus polaiteoirí aonair ag teacht faoi bhrú ag dreamanna áitiúla ach tá an prionsabal leagtha síos go mbeidh muid níos fearr ó thaobh chaomhnú na timpeallachta sna blianta seo romhainn.

Tá beagnach 10,000 duine fós gan dídean sa tír. Is páistí an tríú cuid acu sin. Seoladh plean mór tithíochta le linn an tsamhraidh ach ní léir go bhfuil mórán tionchair aige go fóill ar an ngéarchéim. Tá cíosanna coimhthíoch ard agus tá ganntan soláthair ann. Tá morgáistí ag éirí níos costasaí de réir mar atá an costas maireachtála ag ardú. Seo í an cheist a bheidh ag teacht chun cinn arís agus arís eile nó go ndéantar beart níos éifeachtaí le haghaidh a thabhairt uirthi.

Bliain dhúshlánach a bhí inti d’Fhianna Fáil agus Fine Gael, iad ag iarraidh ceart a bhaint dá chéile, comhoibriú lena chéile agus, i rith an ama, ag breathnú ar Shinn Féin ag dul ó neart go neart sna pobalbhreitheanna. Má tharlaíonn sé in 2022 go bhfaightear ceannas ar Covid agus go bhfilltear ar an ngnáthpholaitíocht is féidir a bheith ag súil le hionsaithe níos fíochmhara ar Shinn Féin. Is féidir a bheith cinnte, faoi láthair ar aon nós, go gcloífidh Fianna Fáil agus Fine Gael lena chéile ar mhaithe lena gcúinne féin a chosaint.

Faraor, tá muid fós i ngreim ag Covid-19 agus gan mórán eile faoi chaibidil againn. De réir mar a bheidh tuilleadh á fhoghlaim faoi agus an cur chuige ag feabhsú, beidh muid ag díriú in athuair ar na ceisteanna móra eile atá le fuascailt againn mar thír.

Fág freagra ar 'An Covid i réim agus Sinn Féin ag neartú— bliain dhúshlánach d’Fhianna Fáil agus d’Fhine Gael'