An coróinvíreas tolgtha ag Donald Trump agus céadbhean na Stát Aontaithe

Agus gan ach mí fágtha go dtí toghchán uachtaránachta Mheiriceá ar an 3 Samhain, ní fios go fóill cén tionchar a bheidh ag an scéal ar cheann de na feachtais is cinniúnaí i staire na tíre

An coróinvíreas tolgtha ag Donald Trump agus céadbhean na Stát Aontaithe

Tá sé ráite ag Uachtarán Stát Aontaithe Mheiriceá Donald Trump go raibh toradh dearfach ar thástáil don choróinvíreas a cuireadh air féin agus a bhean Melania Trump.

Ar Twitter a d’fhógair Trump an scéal go raibh Covid-19 tolgtha aige féin agus a bhean agus dúirt sé go rachaidís beirt ar coraintín láithreach.

Bhí toradh dearfach ar an tástáil don víreas a cuireadh Déardaoin ar dhuine de chomhairleoirí an uachtaráin, Hope Hicks.

Agus gan ach mí fágtha go dtí toghchán uachtaránachta Mheiriceá ar an 3 Samhain, ní fios go fóill cén tionchar a bheidh ag an scéal ar cheann de na feachtais is cinniúnaí i staire na tíre.

Dúirt dochtúir an Uachtaráin, Seán Conley go raibh Trump agus a bhean “ag coinneáil go maith” agus go mbeadh a dhualgais á gcomhlíonadh aige fad is a bheidh sé ag fanacht glan ar dhaoine sa Teach Bán.

Tá beag is fiú déanta go minic ag Donald Trump den phaindéim Covid-19, cé go ndúirt sé in agallamh leis an iriseoir cáiliúil Bob Woodward gur thuig sé i gcónaí a thromchúisí is a bhí an scéal ach gurb amhlaidh nach raibh sé ag iarraidh scaoll a chur i ndaoine. Déantar cáineadh air chomh maith faoina dhearcadh patuar i leith caitheamh mascanna agus faoi gan aon scaradh sóisialta ceart a bheith i bhfeidhm ag na mórócáidí toghchánaíochta a bhíonn á reáchtáil aige in ainneoin na paindéime.

Tholg Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson agus Uachtarán na Brasaíle Jair Bolsonaro an víreas roimhe seo ach d’fhéadfadh Donald Trump a bheith níos leochailí ná an bheirt sin.

Chuir Melania Trump tvuít amach chomh maith ag fógairt an scéil.

Fág freagra ar 'An coróinvíreas tolgtha ag Donald Trump agus céadbhean na Stát Aontaithe'