An coróinvíreas: greann dubh sa Bhrasaíl, réchúis san Ísiltír agus scaoll in Éirinn…

Luíonn sé le réasún go mbeadh difríochtaí cultúrtha idir dearcthaí phobail éagsúla ar ráig an choróinvíris, ach thug ár gcolúnaí faoi deara difríocht ollmhór amháin idir cur chuige na n-údarás agus na meán in Éirinn agus a macasamhla i gcuid mhór tíortha eile

An coróinvíreas: greann dubh sa Bhrasaíl, réchúis san Ísiltír agus scaoll in Éirinn…

Bhí rolla páipéar leithris á ghearradh ina dhá leath le scian aráin ag cara liom anseo sa Bhrasaíl nuair a thug mé cuairt uirthi an lá cheana. Nuair a bhí sí réidh chuir sí an dá leathrolla i dhá bhosca plaisteach, dhoirt sí alcól glantúcháin anuas orthu go dtí go raibh an páipéar ar maos agus chuir na claibíní ar na boscaí ansin.

‘Is dócha go bhfuil tú ag déanamh iontais céard atá ar bun agam,’ a d’fhiafraigh sí. ‘Caithfidh mé dul ar eitleán an tseachtain seo chugainn. A luaithe is a bheidh mé i mo shuí glanfaidh mé mo shuíochán féin agus na suíocháin i mo thimpeall ar fad. Slán slán, a choróinvíris!’.

Oibrí sláinte í mo chara agus is dócha go bhfuil sé le tuiscint go mbeadh ráig an choróinvíris ag déanamh imní ar leith do dhaoine a oibríonn sa réimse sin. Ach thug mé suntas dá hiompar toisc gurbh í an t-aon Bhrasaíleach í a casadh orm go fóill atá buartha faoin víreas dáiríre – fiú agus 30 cás den ghalar deimhnithe sa tír, péire acu sin i stát Bahia, mar a bhfuil cónaí orm féin agus ar mo chara. Ag déanamh grinn den ghalar nó ag déanamh neamhairde de – barraíocht cúrsaí níos tromchúisí ar a n-aigne – a bhíonn an chuid is mó de na daoine timpeall orm sa Bhrasaíl, díreach mar a bhí aimsir an zika, an chikungunya agus ráigeanna eile.

As mo thír dhúchais, an Ísiltír, fear céile mo chara sa Bhrasaíl agus cé go raibh sé cúramach nach bhfeicfeadh a bhean chéile é bhí a shúile á gcasadh i dtreo na bhFlaitheas aige nuair a chonaic sé í i mbun ullmhúcháin don phlá. Chuirfinn síos ar dhearcadh mhuintir na hÍsiltíre (321 chás deimhnithe agus an t-alt seo á scríobh) ar ráig an choróinvíris mar seo: ‘Níl muintir na hÍsiltíre déanta as siúcra agus caithfidh duine bás a fháil ar bhealach éigin, ach ós rud é gur muidne an tír is lú san Eoraip a nitear na lámha ann tar éis cuairte ar an leithreas, más fíor na staitisticí, b’fhearr dúinn stopadh ag croitheadh lámha le chéile go dtí go mbeidh an ráig seo thart. Tá slad á dhéanamh ar na stocmhargaí!’

Rith sé liom go bhfuil difear mór millteach idir greann dubh an Bhrasaíligh agus réchúis an Ísiltírigh agus dearcadh mhuintir na hÉireann ar an scéal. Más aon fhianaise iad na colúin is déanaí ó Chathal Mac Coille agus ó Bhridget Bhreathnach, tá súil á coinneáil ag muintir na hÉireann ar nósanna níochán lámha na gcomharsan ar bhealach nach raibh riamh roimhe seo (is mór an trua nach bhfuil Caitríona Pháidín thart chun ‘lucht na lámha lofa’ a thabhairt ar mhuintir an Ghoirt Ribigh.) Tá an scaoll agus an claonadh coiteann chun na seanmóireachta le mothú ar na meáin shóisialta freisin: fuair mé léacht fada ó leantóir Éireannach amháin ar Twitter nuair a rinne mé atvuíteáil ar chartún ina ndearnadh magadh faoin ngalar.

Ar ndóigh, luíonn sé le réasún go mbeadh difríochtaí cultúrtha idir dearcthaí phobail éagsúla ar ráig an choróinvíris, ach tugaim faoi deara difríocht ollmhór amháin idir cur chuige na n-údarás agus na meán in Éirinn agus a macasamhla i gcuid mhór tíortha eile, an Ísiltír agus an Bhrasaíl san áireamh. ‘Cás deimhnithe in iarthar na tíre’ a deirtear in Éirinn. Tugtar sonraí i bhfad níos cuimsithí (áit chónaithe, gairm an othair) i dtuairiscí na meán sa Bhrasaíl agus san Ísiltír. Tá léarscáil bheo ag Roinn Sláinte na hÍsiltíre inar féidir súil a choinneáil ar scaipeadh na gcásanna sa tír, na bailte ina bhfuil cásanna deimhnithe luaite go sonrach. Is ea, cosnaíonn cur chuige údaráis agus mheáin na hÉireann príobháideachas na n-othar. Ach cuireann cur chuige a macasamhla san Ísiltír agus sa Bhrasaíl ar chumas daoine iad féin a chosaint níos fearr ar an ngalar – agus, níos tábhachtaí, seans, níl eolas á cheilt, rud a choinníonn srian leis an scaoll gan ghá agus le teoiricí comhcheilge.

Ghearr mo chara Brasaíleach – an t-oibrí sláinte – rolla páipéar leithris eile ina dhá leath agus na difríochtaí cultúrtha seo á bplé againn. ‘Bhuel, ar a laghad beidh mise réitithe,’ a dúirt sí agus na leathrollaí á dtumadh in alcól glantúcháin agus á gcur i mboscaí plaisteacha aici.

‘An rud atá mise ag déanamh iontais faoi ná cén uair a stopfaidh na meáin ag tuairisciú líon na gcásanna toisc nach mbeifear in ann líon na gcásanna a chomhaireamh.’

Fág freagra ar 'An coróinvíreas: greann dubh sa Bhrasaíl, réchúis san Ísiltír agus scaoll in Éirinn…'

  • Poraic O'hEipicín

    Go sábhala Mac Dé sinn. Ón galar seo.
    Agus Cosain an Ghin san Bhroinn.
    In Ainm Dé.