An comórtas ag dul i ndéine agus cath na gCúigí sa Pro 12 linn

Ní pointí sa Pro 12 an t-aon sprioc amháin a bheas ag na cúigí agus iad ag tabhairt aghaidh ar a chéile an deireadh seachtaine seo

An comórtas ag dul i ndéine agus cath na gCúigí sa Pro 12 linn

Pictiúr: INPHO/Presseye/Brian Little

Tá an chéad cheann de dheirí seachtaine móra rugbaí idirchúige linn an deireadh seachtaine seo. Cé gur faoi bhrat an Pro 12 a bheas na cluichí á n-imirt, ní féidir an teannas agus an brú a bhaineann leis na coimhlintí idirchúige a bhíonn á n-imirt anois leis na blianta, a chur as an áireamh.

Ar an Aoine, beidh buntáiste an bhaile ag na Connachtaigh agus iad ag cur fáilte roimh na nUltaigh go Cathair na dTreabh. 

Beidh fir an iarthair ag iarraidh tógáil ar an taispeántas iontach a thug siad uathu  ó thús go deireadh chluiche an deireadh seachtaine seo caite i gcoinne Dhún Éideann. Ach ní dóigh go mbeidh cúrsaí ró-éasca ag na Connachtaigh, fiú agus iad sa mbaile. Níor chaill na hUltaigh oiread agus cluiche amháin as an gcúig cinn a d’imir siad sa Pro 12 go dtí seo, agus iad ar bharr an tábla dá bharr. Is cinnte go mbeidh siad ag iarraidh teacht i dtír ar na laigí móra a bhí in imirt na gConnachtach ina gcéad trí chluiche.

Is fiú a lua freisin nach pointí sa Pro 12 an t-aon sprioc amháin a bheas ag na cúigí an deireadh seachtaine seo. Beidh leathshúil acu ar fad ar chéad bhabhta Chorn na gCuradh a bheas linn faoi cheann seachtaine agus beidh siad ag úsáid na gcluichí seo mar ullmhúchán chuige sin.

Teastóidh níos mó ná cluiche crua i gcoinne na nUltach ó na Connachtaigh más leo an lámh in uachtar a fháil ar Toulouse na Fraince faoi cheann seachtaine. Is cinnte go dtabharfaidh na hUltaigh an cluiche crua sin dóibh ach is dóigh freisin go mbeidh fir Bhéal Feirste róláidir dóibh agus iad ag cleachtadh a gcuid patrún imeartha roimh thabhairt faoi Bordeaux faoi cheann seacht lá.

San Aviva ar an Satharn a bheas na Laighnigh agus na Muimhnigh ag tabhairt aghaidh ar a chéile. Is cinnte go mbeidh sárchoimhlint ann agus é dodhéanta tuar ceart a dhéanamh ar an toradh, seachas a rá gurb iad fir Átha Cliath is fearr a rinne réiteach don choimhlint. Bhí orthu sin cluiche crua a chur díobh sa mBreatain Bheag an Satharn seo caite, fad is a bhí cluiche bog a bhí ró-éasca ag na Muimhnigh i gcoinne Zebre ar Pháirc Thuamhan.

Ach an oiread le cluiche na hAoine, beidh an dá fhoireann seo ag réiteach do chluichí móra eile faoi cheann seachtaine: cuairt Castres ar na RDS i gcás Chúige Laighean agus Racing 92 i bPáras i gcás na Muimhneach. 

Beidh tuilleadh faoi na cluichí againn an tseachtain seo chugainn, ach, idir an dá linn, tá mise agus na geallghlacadóirí den tuairim gur leis na Laighnigh a bheas an lá cé nach dtabharfaidh na Muimhnigh dada bog dóibh.

Fág freagra ar 'An comórtas ag dul i ndéine agus cath na gCúigí sa Pro 12 linn'