An comhrialtas i mbaol a scriosta ag easpa ómóis agus muiníne

Cén fhad eile a bheidh foighid ag Fianna Fáil agus Fine Gael lena chéile?

An comhrialtas i mbaol a scriosta ag easpa ómóis agus muiníne

Tá sé deacair a shamhlú go mbeidh an mhuinín agus an iontaoibh chéanna ag na páirtithe rialtais as a chéile feasta.

Tháinig siad slán as an vóta mímhuiníne san Aire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney Dé Céadaoin agus gan ach duine amháin caillte acu, Marc MacSharry, ach más fíor na ráflaí, na líomhaintí agus an cogar mogar, tá dochar mór déanta don chaidreamh eatarthu.

Bhí teannas agus cantal go follasach i measc na dTeachtaí Dála agus na bpáirtithe le linn na díospóireachta sa Dáil faoi Simon Coveney agus gan iad ach ar ais ó shaoire an tsamhraidh.

Cuireadh fimíneacht agus bréaga i leith daoine. Cuireadh i leith Simon Harris gur sháraigh sé rúndacht an rialtais. Cuireadh i leith Shinn Féin go bhfuil siad féin chomh ciontach nó níos ciontaí ná páirtí ar bith i dtaobh ceapachán polaitiúil. Ach an cheist anois, cén chaoi gur féidir díriú ar an obair atá le déanamh ag an rialtas agus an naimhdeas seo ar fad san aer?

Tithíocht, Sláintecare, Covid-19, athrú aeráide – níl ansin ach sampla de na ceisteanna móra a gcaithfidh an rialtas díriú orthu. Bhí an tAire Gnóthaí Eachtracha ar ais i mbun oibre inné ag déileáil le ceisteanna a bhain le Breatimeacht. Tá roinnt seachtainí corracha ar an mbealach i dTuaisceart Éireann. Níl aon amhras ach go bhfuil iontaoibh ag daoine as Simon Coveney leis an obair a dhéanamh. Níorbh í sin an cheist ar chor ar bith. Bhain an cheist le post a chruthú d’iar-aire rialtais agus leis an tuairim i measc ball sinsearach d’Fhine Gael go raibh sé de cheart acu sin a dhéanamh agus é a dhéanamh gan dul i gcomhar lena gcomhghleacaithe rialtais.

Ba é seo an dara rún mímhuiníne i mbaill shinsearacha d’Fhine Gael le tamall. Bhain an rún mímhuiníne i Leo Varadkar le sceitheadh eolais faoi chonradh dochtúirí teaghlaigh. Léirigh an dá chás easpa measa agus ómóis idir baill shinsearacha den dá pháirtí is mó atá ag bord an rialtais.

Tá leithscéal gafa ag Leo Varadkar agus Simon Coveney agus baill eile den rialtas le Fianna Fáil agus an Taoiseach. Thug baill shinsearacha Fhine Gael a labhair sa díospóireacht le fios go dtuigeann siad go ndearnadh botún. Tá seanrá a bhaineann le maithiúnas a thabhairt agus dearmad a dhéanamh sa mBéarla. An cheist anois, má tá maithiúnas tugtha ag Fianna Fáil d’Fhine Gael an ndéanfaidh siad dearmad ar na heachtraí éagsúla seo? Cén fhad eile a bheidh foighid acu lena chéile?

Cuireann pobalbhreitheanna an deireadh seachtaine seo caite dreach nua ar an bpolaitíocht agus caithfidh Fianna Fáil a bheith foighdeach mar go dtuigeann siad go bhfeictear don phobal – más fíor do na figiúirí – gur idir Fine Gael agus Sinn Féin atá sé don chéad rialtas eile. Dá réir sin beidh Fianna Fáil foighdeach go ceann tamaill eile – go dtí mí na Nollag an bhliain seo chugainn, shamhlóinn.

Ní hionann sin agus a rá go mbeidh muinín acu as a gcomhghleacaithe rialtais agus is críonna an té a déarfadh nach dteastaíonn ach eachtra amháin eile den saghas seo leis an gcomhrialtas atá leagtha cheana féin a scrios ar fad.

Fág freagra ar 'An comhrialtas i mbaol a scriosta ag easpa ómóis agus muiníne'