An comhrá le múinteoir corpoideachais as an Nua-Shéalainn a d’fhág cor mór i scéal rugbaí na hÉireann….

Faoin mbliain 1989 bhí cuid den loinnir ag tréigeadh Galwegians agus nuair a bhuaigh Longfort orthu thuigeadar go raibh uair na cinniúna ar láimh

An comhrá le múinteoir corpoideachais as an Nua-Shéalainn a d’fhág cor mór i scéal rugbaí na hÉireann….

Warren Gatland (sa lár). Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

An tseachtain seo 29 bliain ó shin d’imir foireann na Nua-Shéalainne agus Connachta a chéile i gcathair na Gaillimhe i gcoimhlint a mheall an líon lucht féachana ba mhó a facthas go dtí sin chuig cluiche rugbaí in iarthar na tíre.

8,000 acu siúd a bhí ann agus níor thuig aon duine amháin féin acu go mba ócáid a bhí inti a chuirfeadh athrú ó bhonn ar leagan amach an rugbaí sa gcúige.

Ní raibh baint ná páirt ag an méid a tharla ar pháirc na himeartha leis an athrú céanna. Ansiúd bhuaigh na cuairteoirí ar bheagán anró (40-6) agus go deimhin cé is moite de dhuine acu, bhí na himreoirí a ghlac páirt san gcluiche stairiúil chomh haineolach céanna ar an gcor cinniúnach a bhí ar na bacáin – an té ba mhó a bheadh sáite ina lár ar dhuine acu.

Ar an 11 Samhain 1989 a rinneadh an imirt tráth ar chluiche amaitéarach an rugbaí, ach bhí an Sraithchomórtas Uile-Éireann ar leac na tairsí agus cé nárbh shin leis féin ba chúis le an ngairmiúlacht a thabhairt isteach, bhí foirne na tíre ag caitheamh corrshúil i gcéin féachaint lena lámha a neartú don chomórtas nua a thosódh an séasúr dár gcionn.

Bhí siad ag earcú go háitiúil freisin agus ar bheirt a bhí ar an bpáirc ag Connachta an lá sin in aghaidh na All Blacks bhí Enda Guerin agus Eric Elwood, a bhí ag imirt ar fhoirne Chumann Lúthchleas Gael na Gaillimhe i gCraobh Shinsir Chonnacht dhá bliain roimhe sin.

Ba bhaill an bheirt acu de chumann Galwegians, arb iad féin agus Corinthians an dá fhoireann rugbaí is láidre i gCathair na dTreabh – príomhchomórtais Chonnacht buaite acu níos minice ná aon chumann eile sa gcúige.

Faoin mbliain 1989 bhí cuid den loinnir ag tréigeadh na ‘Wegians’ agus nuair a bhuaigh Longfort orthu cúpla seachtain sular imríodh cluiche na All Blacks, thuigeadar go raibh uair na cinniúna ar láimh.

Cois an chuntair sa gclubtheach oíche, chuir rúnaí an chumainn, Pat Holland, a raibh tamall caite aige ag obair sa Nua-Shéalainn, plean i láthair cúpla duine de na hoifigigh agus an lucht cúltaca ba dhílse sa gclub.

‘Cén fáth nach bhfiafródh muid de dhuine de na All Blacks a bheas ag imirt anseo an tseachtain seo chugainn an mbeadh aon fhonn orthu tamall a chaitheamh sa tír seo ag imirt linne agus a bheith mar chóitseálaí ag an gclub freisin?’ a d’fhiafraigh an rúnaí.

Bhí a fhios ag Holland go mba ar ais i mbun oibre na seachtaine – in oifigí, bancanna, feirmeacha – a bheadh na Nua-Shéalannaigh ag dul nuair a d’fhillfeadh siad ar an mbaile.

Níos tábhachtaí ná sin, thuig sé gur iad foireann cúltacha na All Blacks a bheadh ag dul chun páirce ar an mBóthar Beag mar gur fhág cluiche in aghaidh na hÉireann an Satharn dár gcionn go mbeadh a mbainisteoir Alex Wylie ag tabhairt scíthe do na himreoirí ab fhearr a bhí aige. B’fhurasta an té nár mhór í a chaill a mhealladh ná leithéidí Wayne Shelford agus Seán Fitzpatrick.

Faoi Holland agus faoi chaptaen Galwegians, Guerin, a fágadh an scéiméireacht agus ba le frapa darbh ainm Steve McDowell a labhraíodar i dtosach san óstán ina raibh na cuairteoirí ag fanacht.

D’eitigh sé siúd den tairiscint ach dúirt leo labhairt le comrádaí dá chuid a raibh Warren Gatland air. Ba é Gatland an húcálaí sa gcluiche ar an mBóthar Beag ach bhí a fhios aige faoin am a dtiocfadh an ceann in aghaidh na hÉireann an Satharn dár gcionn agus go deimhin cinn níos faide anonn gur ar Fitzpatrick a bheadh an geansaí sin.

Tá seisean ar ndóigh ar dhuine de na himreoirí is cáiliúla a chaith geansaí a thíre riamh agus cé gur imir Gatland don Nua-Shéalainn mar húcálaí 17 uair, níor chluiche idirnáisiúnta oiread agus ceann amháin acu sin.

Ba é an t-aon deacracht a bhí ann go mba frapa a bhí ó Wegians, ach nuair a dúirt an t-imreoir gur cheap sé go mbeadh sé in ann ag an gcúram, bhí an ‘start’ faighte aige.

Faoi oiliúint Warren Gatland bhuaigh Galwegians 11 cluiche as a chéile nuair a cuireadh tús le Sraith Uile-Éireann 1990 agus faoin am ar fhill sé ar a phost mar mhúinteoir corpoideachais sa Nua-Shéalainn dhá shéasúr dár gcionn, bhí na Gaillimhigh i Roinn 1.

I Lúnasa 1995 d’fhógair an IRB ré na gairimiúlachta agus go gairid ina dhiaidh sin ba ghlaoch géarchéime eile a thug Gatland ar ais chuig iarthar na hÉireann – Uachtarán Bhrainse Chonnacht Billy Glynn an babhta seo ag áitiú air filleadh ar Ghaillimh.

Bhí Corn Heineken tagtha ar an saol i 1995-96 agus gan aon áit faighte ag Chonnachta ann siocair cúigí eile na tíre a bheith níos fearr ná iad agus gan dlite d’Éirinn ach trí áit. Nuair a bunaíodh an Challenge Cup, nó Corn an Dúshláin, an séasúr dár gcionn bhí cosán chuig an ardú céime ar fáil. Measadh, siocair a ghaiscí le Galwegians, go mba é Gatland an treoraí a theastaigh agus b’in a d’fhág Glynn sa tóir air.

Bhí an-luí ag Warren le muintir an iarthair agus tháinig sé le fonn.

Ceithre bliana dár gcionn bhí Gatland ina oiliúnaí ar fhoireann idirnáisiúnta na hÉireann é agus ó shin, tá an cúram céanna air sa mBreatain Bheag agus le foirne na Leon in 2013 agus 2017.

Sa lá atá inniu ann bíonn príomhfhoirne na hEorpa le feiceáil go rialta ar an mBóthar Beag.

Ag Dia féin atá a fhios cén chaoi a mbeadh an scéal ag Connachta ná ag Warren Gatland dá nglacfadh Steve McDowell leis an bpost a tairgeadh dósan i 1989.

Fág freagra ar 'An comhrá le múinteoir corpoideachais as an Nua-Shéalainn a d’fhág cor mór i scéal rugbaí na hÉireann….'