Beidh 20 post nua le líonadh thar thréimhse cúig bliana i monarcha suibhe Folláin atá lonnaithe i gCúil Aodha i nGaeltacht Chorcaí. Beidh na fostaithe nua ag tabhairt faoi obair oifige agus riaracháin, cócaráil agus eile sa monarcha atá ag súil le líne eile táirgeachta a chur leis an líne atá ann cheana féin.
Bunaíodh an comhlacht ‘Folláin’ sa bhliain 1983 agus tá “32 bliain fhada” curtha isteach acu ó shin, a deir Máirín Uí Lionáird, comhúinéir an chomhlachta. Déantar subha, marmaláidí agus anlann eile ann a dhíoltar fud fad na tíre.
Tá ‘Folláin’ ag súil le hionad cuairteoirí agus caifé a chur leis an bhfoirgneamh freisin agus is sna háiteanna a bheidh cuid de na fostaithe nua ag obair freisin.
“Tá an Ghaeltacht an-tábhachtach dúinn agus bheimis ag súil go gcuirfidh muintir na Gaeltachta isteach ar na postanna. Tá roinnt daoine fostaithe againn cheana féin ón gceantar agus tá daoine eile anseo a tháinig chugainn ó Ghaeltacht Chiarraí.
“Tá cúpla Polannach fostaithe againn freisin atá tar éis bogadh isteach sa cheantar agus tá a bpáistí siúd anois ag freastal ar scoileanna Gaeltachta agus ag labhairt na Gaelainne,” a dúirt Uí Lionáird le Tuairisc.ie.
Fág freagra ar 'An comhlacht Folláin i gCúil Aodha ag súil go gcuirfidh muintir na Gaeltachta isteach ar phostanna'