An Coimisinéir Teanga réidh le tuairisc faoin nGarda Síochána a chur go dtí Tithe an Oireachtais

Baineann an sárú atá á dhéanamh ag an nGarda Síochána ar an dlí teanga leis an dualgas atá orthu dóthain Gardaí le Gaeilge líofa a chur ar dualgas sa Ghaeltacht

An Coimisinéir Teanga réidh le tuairisc faoin nGarda Síochána a chur go dtí Tithe an Oireachtais

Dúirt an Coimisinéir Teanga i dTeach Laighean inné gur cosúil nach mbeidh “aon rogha eile” aige ach tuarascáil speisialta a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais lena rá go bhfuil sárú á dhéanamh ag an nGarda Síochána ar a ndualgais i leith na Gaeilge.

Baineann an sárú atá á dhéanamh ag an nGarda Síochána ar an dlí teanga leis an dualgas atá orthu dóthain Gardaí le Gaeilge líofa a chur ar dualgas sa Ghaeltacht.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ní raibh Gaeilge líofa ach ag leath na nGardaí, 51 duine as 99, atá ag freastal ar cheantair Ghaeltachta.

Gheall údaráis an Gharda Síochána go rachfaí i ngleic le heaspa líofachta Gaeilge na nGardaí sa Ghaeltacht naoi mbliana ó shin agus deir Rónán Ó Domhnaill gur “bocht an scéal” é nach bhfuil sin déanta go fóill acu.

Agus é os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta inné, dúirt an Coimisinéir Teanga go raibh scéala faighte aige go bhfuil litir “ar an mbealach” chuige ó Choimisinéir an Gharda Síochána, Drew Harris, faoin dlí teanga a bheith á shárú acu.

I gcás ar bith ina measann sé nár cuireadh moltaí imscrúdaithe i bhfeidhm go cuí laistigh d’achar réasúnta ama, is féidir leis an gCoimisinéir Teanga tuarascáil ar an ábhar a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

Cháin an Teachta Dála de chuid Shinn Féin Pa Daly agus an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Aindrias Moynihan moill naoi mbliana na nGardaí ar chomhlíonadh an ghealltanais agus dúirt siad beirt go raibh sé “áiféiseach” nach raibh an beart déanta go fóill acu.

Dúirt an Coimisinéir Teanga go ndéanfadh sé “breithiúnas” maidir le tuairisc a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais nuair a bheadh ábhar na litreach sin scagtha aige féachaint an mbeadh aon “bealach ann teacht as an tsáinn leis an nGarda Síochána”.

Sa bhliain 2011 fuair an t-iarChoimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, gearán faoina laghad Gardaí le Gaeilge líofa a bhí ar dualgas i nGaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall agus chinn se go raibh an dlí á shárú ag bainistíocht an Gharda Síochána.

Faoi fho-alt 33(2) d’Acht an Gharda Síochána 2005, tá dualgas ar Choimisinéir an Gharda Síochána Gardaí le Gaeilge líofa a chur ar dualgas sa Ghaeltacht “a mhéad is atá sin indéanta”.

Socraíodh ag an am sin córas nua earcaíochta a bhunú lena chinntiú go mbeadh Gardaí le cumas maith teanga ar fáil do cheantair Ghaeltachta na tíre.

De réir na bhfigiúirí is déanaí, earcaíodh 58 Garda nua le Gaeilge líofa ó shin faoin gcóras nua sin ach tá níos mó ná leath na nGardaí nua sin curtha i mbun oibre lasmuigh den Ghaeltacht. Tá 23 de na hearcaigh nua lonnaithe sa Ghaeltacht nó i gceantair atá ag freastal ar an nGaeltacht ach is i gceantair lasmuigh de sin atá 35 de na Gardaí nua a bhfuil Gaeilge líofa acu lonnaithe.

Aontaíodh nuair a bunaíodh an córas nua earcaíochta do Ghardaí le Gaeilge go dteastódh “achar réasúnta ama” le dul i ngleic leis an fhadhb a bhí ann. Tá ráite ag an gCoimisinéir Teanga gur “dheacair a áitiú nach bhfuil achar réasúnta ama caite” ó rinneadh na moltaí faoin ábhar sa bhliain 2011.

Maidir leis na fógraí faoin bpaindéim a craoladh i nGaeilge, léiríonn figiúirí a chuir an HSE ar fáil nár caitheadh ach €21,333 den  beagnach €1.39 milliún a íocadh ar fhógraí raidió agus teilifíse ar fhógraí Gaeilge.

Dúirt urlabhraí ón Roinn Sláinte go bhfuil ábhar á fhoilsiú ar líne i mBéarla sula mbíonn an t-aistriúchán Gaeilge ar fáil “de bharr a riachtanaí a bhí sé go gcuirfí eolas tábhachtach faoin tsláinte phoiblí ar fáil don phobal go gasta”.

Fág freagra ar 'An Coimisinéir Teanga réidh le tuairisc faoin nGarda Síochána a chur go dtí Tithe an Oireachtais'