An Coimisinéir Teanga le fianaise a thabhairt do Thithe an Oireachtais faoi theip an HSE ó thaobh na Gaeilge

Sa bhliain 2007 a threoraigh Aire Gaeltachta na linne sin don fheidhmeannacht scéim teanga a ullmhú ach níl a leithéid curtha i bhfeidhm fós

An Coimisinéir Teanga le fianaise a thabhairt do Thithe an Oireachtais faoi theip an HSE ó thaobh na Gaeilge

Tá sé i gceist ag an Choimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, baill Thithe an Oireachtais a chur ar an eolas faoi na deacrachtaí éagsúla a bhí ag daoine seirbhísí Gaeilge a fháil le linn na paindéime. Pléifidh an Coimisinéir cás na teanga le linn na paindéime nuair a thabharfaidh sé fianaise do Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal na Gaeilge san fhómhar.

Thug an Coimisinéir an méid sin le fios do dhaoine a rinne gearán lena oifig faoi theip Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte freastal ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ina dteanga féin ó thús na géarchéime sláinte poiblí.

Dúirt Rónán Ó Domhnaill nach léir go bhfuil dualgas reachtúil ar an bhFeidhmeannacht i dtaca le roinnt mhaith de na hábhair ghearáin a cuireadh faoina bhráid mar nach bhfuil scéim teanga náisiúnta aontaithe ag an eagraíocht fós. 14 bliain ó shin, sa bhliain 2007, a threoraigh Aire Gaeltachta na linne sin don Fheidhmeannacht scéim teanga a ullmhú ach níl a leithéid curtha i bhfeidhm fós.

Thug Ó Domhnaill le fios go raibh scéim teanga daingnithe ag Limistéar an Iarthair den Fheidhmeannacht ó 2005, ach gur chuir a oifig in iúl do Thithe an Oireachtais sa bhliain 2011 go raibh teipthe ar an eagraíocht sláinte an scéim sin a chur i bhfeidhm.

“Tharraing an cheist seo go ginearálta aird an athuair ar laigí na reachtaíochta teanga reatha. Faoin mBille Teanga nua tá i gceist córas fabhtach na Scéimeanna Teanga a chur go leataobh agus córas nua caighdeán comónta a chur ina n-áit.

“Bheinn ag súil leis an gcóras sin go mbeadh caighdeáin reachtúla teanga chuí leagtha síos do chomhlachtaí poiblí ar nós Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a chinnteodh seirbhís shásúil trí Ghaeilge, rud nár tharla sa chás seo, is léir,” a dúirt sé.

Thug sé le fios go raibh “obair leanúnach” ar bun ag Oifig an Choimisinéara Teanga maidir leis na gearáin atá déanta ag baill den phobal faoin easpa seirbhíse trí Ghaeilge ó Fheidhmneannacht na Seirbhíse Sláinte.

I measc na ngearán a bhí ag daoine, bhí an tairseach le clárú don vacsaín a bheith i mBéarla amháin; gan aon eolas a bheith tugtha ar an suíomh gréasáin faoi sheirbhís fóin a bheith ar fáil i nGaeilge; téacsanna a bheith á n-eisiúint i mBéarla chuig daoine a chláraigh i nGaeilge; fógraí réamhthaifeadta a bheith i mBéarla amháin; agus gan an t-eolas céanna a bheith ar fáil i nGaeilge agus a bhí i mBéarla.

Rinneadh gearáin freisin faoi eolas um Chosaint Sonraí a bheith á léamh amach i mBéarla, fiú ina gcás siúd a roghnaigh an leagan Gaeilge den tseirbhís fóin. Fuarthas gearáin eile faoi gan aon bhileoga/bróisiúir eolais a bheith ar fáil i nGaeilge sna hIonaid Vacsaínithe agus faoi na teastais vacsaínithe a bheith i mBéarla amháin.

Dúirt an Coimisinéir Teanga go raibh na téamaí céanna sna freagraí a thug an HSE ar na gearáin sin: go mb’éigean “gníomhú go práinneach”. Dúradh chomh maith gur cinneadh “i gcúinsí fíor-eisceachtúil na géarchéime sláinte” seirbhísí trí Ghaeilge a chur i leataobh, iad a chur ar atráth, nó gan aird a thabhairt orthu ar chor ar bith toisc go gcuirfeadh sé moill ar chúrsaí.

Dúirt Rónán Ó Domhnaill go gcreideann sé go láidir nach bhfuil “an teidlíocht reachtúil seirbhís a fháil as Gaeilge ag brath ar thosca, ar thosaíochtaí ná ar acmhainn an chomhlachta phoiblí, agus nár cheart go mbeadh coimhlint idir na gníomhartha tromchúiseacha náisiúnta atá idir lámha agus dualgais i dtaca le cearta teanga”.

Dúirt sé gur léir gur “toil atá i gceist freisin agus go mba chóir an réamhphleanáil chuí a bheith déanta lena chinntiú go bhfuil ar chumas an chomhlachta phoiblí na seirbhísí sin a sholáthar sa chéad teanga oifigiúil nuair a thagann brú ar a chuid seirbhísí ar chúiseanna éagsúla. Is léir nach mar sin a tharla sa chás seo”.

Fág freagra ar 'An Coimisinéir Teanga le fianaise a thabhairt do Thithe an Oireachtais faoi theip an HSE ó thaobh na Gaeilge'

  • Rossa Ó Snodaigh

    A Chairde Gaeil is a iriseoirí díograiseacha,
    Impím oraibh feidhm a bhaint as acrainmeacha na Gaeige. Mar Nuair a mbaintear feidhm as acrainm/giorrúchán an tSasannais do chomhlucht nó roinn stát atá teideal Gaeilge acu, tá sibh
    1. Ag déanamh cinneadh an teideal Sasannaise a uasaicmiú agus dá réir an leagan Gaeilge a íosaicmiú.
    2. Tá sibh ag tabhairt le fios nach síleann tusa agus do chomrádaithe sna meáin go bhfuil feidhm ar bith leis an Ghaeilge sa státchóras.
    3. Tá sibh ag cruthú dóibh siúd sa Dáil atá goimh acu dar dteanga nach fiú teidil Gaeilge a thabhairt do rannaí stát mar nach mbíonn na Gaeil fiú ag baint feidhm astu.
    4. Tá sibh ag géileadh don choilíniú teanga atá faoi lán-tseoil i gcónaí.
    5. Tá sibh ag deimhniú don léitheoir a roghnaigh an alt nuachta a léamh i nGaeilge seachas i Sasanais gur dóigh leatsa go bhfuil an tSasannais i réim.
    6. Tá sibh ag scaipeadh duairceas i measc siúd ar chúis leo slánú na Gaeilge.
    7. Tá sibh ag rá go síleann sibh go m’fherr Kerry in áit Ciarraí, Murphy in áit Ó Murchú, 086 in áit Náid a hOcht a Sé. Ireland in áit Éire
    8. Níl sibh ag tabhairt tús áite Ghaeilge ná do chúis na Gaeilge.

    Mar sin ar na cúiseanna thuas agus ar son Dé athraígí bhur stíl tí chun acrainmneacha ba Gaeilge a chuir san áireamh.

  • Traolach

    Feidhmeannach na Seirbhíse Sláinte (FSS)

  • Antóin

    Cén fáth a bhfuil postaeir mhóra faoi Chovid 19 as Béarla ar crochadh in áiteanna i gcroílár na Gaeltachta? Tá ceann crochta taobh amuigh den Ionad Tástála Náisiúnta Carranna i nGaoth Dobhair. Mar bharr ar an donas tá gach fógra eile faoi thástáil náisiúnta carranna san ionad nach mór i mBéarla; Tá fógra amháin i nGaeilge, cupla fógra gairide atá datheangach agus tuairim is 25 fhógra i mBéarla.