An cluiche rugbaí idir Éirinn agus an Fhrainc le cur ar athlá

Breis is 110,000 cás den ghalar atá deimhnithe ar fud an domhain go n-uige seo agus fuair breis is 3,800 bás dá bharr

An cluiche rugbaí idir Éirinn agus an Fhrainc le cur ar athlá

Tá an cluiche rugbaí idir Éirinn agus an Fhrainc i gcraobh na Sé Náisiún le cur ar athlá.

De réir tuairiscí sa bhFrainc ní rachfar ar aghaidh leis an gcluiche a bhí beartaithe don Stade de France i bPáras Dé Sathairn seo chugainn.

Tuairiscítear gur thug rialtas na Fraince le fios do Chumann Rugbaí na Fraince inniu nach ceadmhach an cluiche a imirt ach amháin sa chás go n-imreofaí é agus gan aon slua ann.

Tá sé i gceist na cluichí deireanacha sa chomórtas a chur siar go dtí deireadh mhí Dheireadh Fómhair. Cuireadh ar ceal cheana an cluiche idir Éirinn agus Iodáil sa chomórtas céanna.

Tá breis is 1,100 cás de Covid-19 deimhnithe sa bhFrainc agus 19 duine atá básaithe de bharr an ghalair.

Dúirt an tAire Sláinte Simon Harris níos túisce inniu go bhfuil seans ann go leanfaidh Éire patrún na ráigeanna den choróinvíreas i dtíortha eile san Eoraip amhail an Iodáil, an Fhrainc agus an Ghearmáin.

Tá 33 cás den choróinvíreas deimhnithe in Éirinn go n-uige seo, 21 ceann ó dheas agus 12 ó thuaidh den teorainn.

Idir measartha agus mór atá an baol go mbuailfidh  an coróinvíreas níos mó daoine in Éirinn, a dúirt an tAire Sláinte Simon Harris ar Morning Ireland.

Tháinig ráiteas an Aire sna sála ar an scéal nach bhféadfadh an HSE easaontú leis an áiteamh go mbuailfeadh an galar 1.9 milliún duine ó dheas. Dúirt an HSE áfach nach raibh an obair maidir le tuar a dhéanamh faoina leithéid críochnaithe go fóill.

Tinneas éadrom nó measartha éadrom a bhíonn ar dhaoine i gcás 80% de chásanna Covid-19, bíonn sé tromchúiseach i gcás 14% agus an-tromchúiseach a bhíonn sé i gcás 6%.

De ghnáth, ní foláir do dhuine a bheith ceathrú uaire i ngartheagmháil le duine a bhfuil an galar orthu, is é sin i ngiorracht 1-2 méadar dó, chun go mbeadh sé nó sí i mbaol a tholgtha.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ón Eagraíocht Sláinte Dhomhanda is ráta báis 3.4% atá i gceist leis an víreas ach d’fhéadfadh go mbeadh an céatadán sin níos lú ag brath ar líon na gcásanna nach bhfuiltear ar an eolas fúthu.

Breis is 110,000 cás den ghalar atá deimhnithe ar fud an domhain go n-uige seo agus fuair breis is 3,800 bás dá bharr. Tá téarnamh déanta ag 62,100 duine a raibh an galar orthu.

Tá cruinniú inniu ag an bhfochoiste de chuid an Rialtais a bunaíodh chun plé leis an ngalar agus pléifear, i measc rudaí eile, ceist na n-ollchruinnithe agus na n-ócáidí móra poiblí agus ar cheart iad a chosc.

Tá 16 milliún duine curtha i gcoraintín san Iodáil agus na húdaráis ag iarraidh dul i ngleic le scaipeadh an ghalair sa tír sin mar a bhfuil breis is 366 duine básaithe dá bharr. Tháinig ardú 57% in aon lá amháin ag an deireadh seachtaine ar líon na ndaoine ar thug Covid-19 a mbás san Iodáil.

 

Fág freagra ar 'An cluiche rugbaí idir Éirinn agus an Fhrainc le cur ar athlá'