An cluiche is mó sa bhliain idir Cúige Chonnacht agus Cúige Laighean

Cé gur ag Connachta atá buntáiste an bhaile is deacair aon bhuntáiste eile a lua

An cluiche is mó sa bhliain idir Cúige Chonnacht agus Cúige Laighean

Seans gurb é an cluiche idir Cúige Chonnacht agus Cúige Laighean tráthnóna inniu ar an mBóthar Beag an cluiche is dúshlánaí agus is tábhachtaí d’fhoireann na Gaillimhe ó thús an tséasúir seo.

Beidh an pháirc lán go geata don chéad cheann den dá chluiche i gCorn na gCuradh a bheas á n-imirt ag na foirne seo i gcoinne a chéile, inniu agus an deireadh seachtaine seo chugainn, tráth a mbeidh buntáiste an bhaile ag na Laighnigh.

Má theipeann ar na Connachtaigh anocht seans gur constaic dhosháraithe a bheas i gcluiche na seachtaine seo chugainn i Staid Aviva. Ach roimhe sin cé gur ag Connachta atá buntáiste an bhaile is deacair aon bhuntáiste eile a lua. Is cinnte go raibh bua maith as baile ag foireann Andy Friend i gcoinne Benetton an deireadh seachtaine seo caite ach ní dóigh gur leor é sin chun an greadadh (45 – 8) a thug foireann dara rogha Chúige Laighean dóibh ar an mBóthar Beag coicís ó shin a chur as an gcloigeann. Ba é sin an tríú bua as a chéile ag na Laighnigh agus iad ag cur lena gcáil i gcoinne Chúige Chonnacht. Is fiú a mheabhrú gur bhuaigh Cúige Laighean 76 cluiche i gcoinne Chonnacht ó 1946 agus gan ach 19 cluiche buaite ag Connachta.  Bhí siad cothrom ceithre bhabhta. Níl na comharthaí go maith d’fhoireann Andy Friend agus más leo seans ar bith a thabhairt dóibh féin anocht caithfidh siad imirt ar chaighdeán níos airde ná mar a rinne siad, ní hamháin i mbliana ach le cúpla séasúr anuas. Mar is iondúil, beidh go leor ag brath ar Jack Carty Chonnacht agus an tionchar a bheas aige ar an gcluiche gan trácht ar a chumas ciceála. Má theipeann ar Carty, beidh Cúige Chonnacht i gcruachás arís.

Tá aiféala orm, ach tá mé ag tuar bua eile ar an mBóthar Beag d’fhoireann Leo Cullen.  Ba bhreá liom a bheith mícheart.

Amárach imreoidh an dá chúige eile as baile sa gcomórtas céanna. Is ar an bhFrainc a bheas triall na nUltach agus dúshlán ollmhór rompu agus iad ag tabhairt faoi Toulouse, curaidh an chomórtais, foireann a bhuaigh an comórtas seo chúig uaire roimhe seo. Tá Toulouse sa gcúigiú háit ar thábla an Top 14 faoi láthair agus tá filleadh a gcuid imreoirí idirnáisiúnta a bhuaigh an Grand Slam ag cur borradh fúthu. Cé gurb iad foireann an bhaile an rogha don choimhlint seo seans go mbeidh na hUltaigh ag iarraidh bearna na scór idir iad féin agus Toulouse a choinneáil chomh híseal agus is féidir leo ionas go mbeidh seans acu chuile bhuntáiste a bhaint as a bheith ag imirt i mBéal Feirste faoi cheann seachtaine. Tá tráthnóna crua roimh na hUltaigh amárach.

Seans gur ionann an cás ag na Muimhnigh, foireann a bheas d’uireasa roinnt mhaith imreoirí chéad rogha atá gortaithe faoi láthair agus iad i gcoinne Exeter Chiefs, foireann a bhuaigh an comórtas seo dhá shéasúr ó shin. Cé go mbeidh na Muimhnigh, ach an oiread le Cúige Uladh, ar thóir bua, má theipeann orthu sin a aimsiú is cinnte go mbeidh siad ar a míle dícheall ag iarraidh an bhearna scóir a choinneáil chomh híseal agus is féidir é. Beidh siad ansin ag iarraidh chuile leas a bhaint as a bheith ag imirt sa mbaile ar Pháirc Thuamhan faoi cheann seachtaine.   Sea, tá cluiche crua roimh na Muimhnigh freisin amárach.

Fág freagra ar 'An cluiche is mó sa bhliain idir Cúige Chonnacht agus Cúige Laighean'