An cluiche idirnáisiúnta ‘liom-leat’

Mór an trua nár caitheadh airgead GAAGo ag tabhairt ceithre fhoireann eadarchontae chun na hAstráile chun dhá chluiche sraithe náisiúnta peile a imirt

Pearce Hanley ag traenáil le foireann na hÉireann ©INPHO/Cathal Noonan
Foireann na hÉireann i mbun traenála ©INPHO/Cathal Noonan

Cé nach bhfuil imreoirí idirnáisiúnta peile na hÉireann ach díreach tar éis tuirlingt ins an Astráil, tá an bholscaireacht tosnaithe cheana féin don aon chluiche amháin a bheidh idir an dá thír ar an Satharn an 22 Samhain.

Díol spéise domsa an bheirt imreoirí is mó a bhí sa treis go dtí seo in sna nuachtáin – Ciarán McDonald Thiobraid Árann agus David Moran Chiarraí.

Beirt shárimreoir iad seo a bhfuil a ndóthain de chruatan agus d’ainnise an tsaoil feicthe acu le blianta beaga anuas de bharr a ngortuithe agus de bharr a bhfuil déanta acu chun teacht slán ós na gortuithe céanna.

Ní bheadh aon amhras ar dhuine tar éis a raibh le rá ag an mbeirt acu in aerfort Áth Cliath roimh scaoileadh faoin Astráil dóibh i rith na seachtaine, ná gur mhór acu bheith tofa ar phainéal na hÉireann agus gur mó ná san arís a ndiongbháilteacht agus iad meáite ar a rian a fhágaint ar an gcluiche atá le himirt i Stáid Subiaco in Perth ar an ndara lá fichead.

Ba dheacair, dá réir, dom leithéidse, atá glan in aghaidh na n-iarrachtaí atá á ndéanamh cluiche idirnáisiúnta faoi rialacha comhréitithe a chothú, gan bheith tógtha le scéala na beirte.

Tá deis iontach á fháil ag na sárimreoirí seo iad féin a chur in iúl mar lúthchleasaithe ar an stáitse idirnáisiúnta agus ba shuarach an té a bheadh ag fáil locht ar a leithéid.

Ní suaraíocht amháin, áfach, ba bhun leis an gcáineadh atá déanta ó deineadh athbheochan ar an tsraith cluichí faoi rialacha comhréitithe tríocha bliain ó shin i 1984.

Bhí, agus tá, cúiseanna maithe leis an gcáineadh.

Anois agus uair na cinniúna tagtha agus Ard Stiúrthóir CLG féin, Páraic Duffy, ag géilleadh go bhfuil tábhacht ar leith leis an gcluiche ar an 22 Samhain, b’fhéidir nár mhiste féachaint athuair ar canathaobh gurb ann in aon chor don bhfiontar.

Meastar coitianta gurb í an aidhm is mó atá leis an cluichí ná deis a thabhairt don sárimreoir peile ionadaíocht a dhéanamh ar fhoireann na hÉireann.

Gníomh tírghrách más ea, geansaí na hÉireann a chaitheamh ag an leibhéal seo agus is deacair aon áiteamh a dhéanamh leis an té a déarfadh leat gurb é seo an t-aon deis a bheidh ag plúr na n-imreoirí Gaelacha imirt lena chéile mar fhoireann Ghaelach.

B’fhéidir gur uaisle ná san an aidhm go mbeadh forbairt, éabhlóid agus claochló ag teacht ar ár gcluiche dúchasach féin, áfach, agus dá mbeadh aon fhianaise ann gurb amhlaidh atá, bheinn sásta glacadh leis an tsraith idirnáisiúnta mar rud fónta.

Bunaithe ar an bhfianaise atá againn ó 1984 i leith, áfach, is í mo thuairim gur mó díobhála ná maitheasa atá déanta ag an tsraith.

Deirim é seo toisc ná feictear dom go bhfuil oiread is rian dearfach amháin fágtha ag na cluichí idirnáisiúnta ar chluiche na peile Gaelaí féin.

Seachas turas thar lear chun na hAstráile a thabhairt do scoth na n-imreoirí agus deis chuallachta agus caidrimh a chruthú dos na himircigh san Astráil, is beag maitheas atá déanta.

Níl aon fheabhas tagtha ar pheil Ghaelach de bharr na dturasanna chun na hAstráile.

Go deimhin féin, is amhlaidh gur cothaíodh míshuaimhneas agus éiginnteacht maidir lenar gcluichí dúchasacha dá mbarra.

Ba dhóigh le duine ag féachaint ar na cluichí comhréitithe le blianta beaga anuas gur i measc na nAstrálach amháin a bhíonn béim ar bhunscil na ciceála.

Luaitear an pas coise go minic mar cheann de bhunchlocha an chluiche anseo ‘ge baile ach chaitheamar sinn féin a náiriú in aghaidh na nAstrálach chun an tuiscint sin a bhréagnú.

Nuair a tugadh an chaoi an dtaca seo anuraidh agus ag tús na bliana seo do chosmhuintir CLG a dtuairimí a nochtadh maidir leis na cluichí idirnáisiúnta, thugadar teachtaireacht neamhbhalbh d’údaráis na heagraíochta.

Ba léir ón aiseolas a tugadh do Choiste Athbhreithnithe na Peile faoi stiúir Eugene McGee nach bhfuil an cluiche idirnáisiúnta ‘liom-leat’ ag teastáil uathu.

B’fhearr leo go mór go mbeadh ardán idirnáisiúnta á thabhairt do chluichí na nGael féin.

Ceann de mhóríoróin na sraithe idirnáisiúnta i mbliana ná go bhfuil togra de chuid CLG, RTÉ, agus GAAGo ag déanamh urraíochta ar fhoireann na hÉireann.

Is iad GAAGo a chuireann na cluichí dúchasacha CLG ar fáil ar bhonn seirbhíse sruthaithe idirlín dóibh siúd go bhfuil éileamh acu orthu lasmuigh d’oileán na hÉireann.

Mór an trua nár caitheadh airgead GAAGo ag tabhairt cheithre fhoireann eadarchontae chun na hAstráile chun dhá chluiche sraithe náisiúnta peile a imirt ag tús mhí Feabhra seo chughainn.

Bheadh gníomh fónta déanta d’fhairsingiú agus idirnáisiúnú na gcluichí dúchasacha ansan.

 

 

 

 

Fág freagra ar 'An cluiche idirnáisiúnta ‘liom-leat’'

  • Séamas Mac Coitir

    Caithfidh mé a rá gan frapa gan taca go hiomlán le Dara Ó Cinnéide sa chás seo. Tá an-léargas ar fad ar na cluichí náisiúnta, go neartaí Dia é. Is breá liom a bheith ag éisteacht leana chumas labhartha, deilbhíocht na bhfocal atá aige, agus na smaointe gan cháim maidir leis na cluichí éagsúla a bhíonn faoi chaibidil sna cláracha iomadúla aige ar an raidió agus ar TG4. Gur fada buan é, agus go bhága Dia sruth na tráchtaireachta aige! S. Mac Coitir.