An cluiche idir Gaillimh agus Sligeach i mbaol de bharr cásanna Covid-19

Fógraíodh ar maidin go bhfuil seachtar ar fhoireann peile Shligigh tar éis torthaí deimneacha a fháil ar thástálacha Covid-19

An cluiche idir Gaillimh agus Sligeach i mbaol de bharr cásanna Covid-19

Tá amhras ann an imreofar an cluiche leathcheannais i gCraobh Shinsir Peile Chonnacht idir Gaillimh agus Sligeach an deireadh seachtaine seo.

Fógraíodh ar maidin go raibh torthaí deimhneacha ar thástálacha Covid-19 faighte ag seachtar ar fhoireann peile Shligigh.

Dúirt bord an chontae gur deineadh tástáil ar roinnt imreoirí eile mar thoradh ar an scéal agus go bhfuiltear anois ag fanacht ar thorthaí na dtástálacha sin.

I ráiteas a d’eisigh siad ar maidin, dúirt bord chontae Shligigh go raibh na himreoirí a bhfuil an Covid-19 orthu ag féinleithlisiú agus go raibh treoracha an HSE á leanúint acu.

Dúirt bord an chontae go raibh siad anois i dteagmháil le Páirc an Chrócaigh agus le Comhairle Chonnacht maidir leis an scéal.

Tá Sligeach in ainm is aghaidh a thabhairt ar Ghaillimh i Staid an Phiarsaigh Dé Sathairn ach beidh le feiceáil an mbeifear in ann dul ar aghaidh leis an gcluiche. Dá mbeadh an Covid-19 ar roinnt imreoirí eile, bheadh sé deacair ag Sligeach foireann a chur chun páirce.

Nuair a d’fhág cásanna den Covid-19 go raibh foireann Fhear Manach gann ar roinnt mhaith imreoirí do chluiche sraithe in aghaidh an Chláir an mhí seo caite, dhiúltaigh Cumann Lúthchleas Gael d’iarratas ó Fhear Manach go gcuirfí an cluiche siar.

D’fhógair Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael John Horan inné nach gcuirfí siar aon chluichí de bharr cásanna Covid-19, seachas b’fhéidir babhtaí leathcheannais agus ceannais na hÉireann.

Fág freagra ar 'An cluiche idir Gaillimh agus Sligeach i mbaol de bharr cásanna Covid-19'