AN CLUICHE CEANNAIS: ‘Tá seans beag ag Tír Eoghain, ach níl ann ach seans beag’ – tuairimí phainéal Tuairisc.ie faoin gcluiche mór…

Caitheann na hiar-imreoirí idirchontae Gary Brennan, Coman Goggins agus Seán Óg de Paor súil chun cinn ar chluiche ceannais an lae inniu idir Áth Cliath agus Tír Eoghain

AN CLUICHE CEANNAIS: ‘Tá seans beag ag Tír Eoghain, ach níl ann ach seans beag’ – tuairimí phainéal Tuairisc.ie faoin gcluiche mór…

Cé hé an t-imreoir is tábhachtaí ar an bpáirc tráthnóna?

Gary Brennan: Tá sé deacair imreoir amháin a phiocadh amach ach ag breathnú siar ar na cluichí go dtí seo i mbliana, bheifeá den tuairim go mbeadh an-thionchar ag Ciarán Kilkenny ar chúrsaí. Dá mbeinnse i gceannas ar fhoireann Átha Cliath, bheinn ag rá go gcaithfí duine a chur air nuair a bhíonn sé i do leath féin den pháirc. Is féidir é a fhágáil saor beagáinín nuair atá sé sa leath eile den pháirc, ach nuair a thagann sé isteach i do leath féin, bíonn an méid sin tionchair aige ar chúrsaí nach féidir scaoileadh leis.

Coman Goggins: Ag breathnú ar an gcluiche, tá leithéidí Chiaráin Kilkenny, Mattie Donnelly, Peter Harte uilig ann ach is dócha gurb é Brian Fenton an t-imreoir is tábhachtaí. Má tá Áth Cliath chun an cluiche a bhuachan, ní mór do Brian cluiche maith a bheith aige. Má tá Tír Eoghain ag iarraidh é a choinneáil faoi chois, caithfidh siad an fear ceart a chur air.

Seán Óg de Paor: Ciarán Kilkenny. Eisean a eagraíonn an fhoireann agus iad ar an ionsaí. Faigheann sé go leor leor seilbhe. Má imríonn seisean go maith, tá seans an-mhaith ann go mbuafaidh Áth Cliath.

An í foireann Átha Cliath seo an fhoireann is fearr riamh?

GB: Leis an méid cluichí atá buaite i ndiaidh a chéile acu, b’fhéidir gur féidir é sin a rá. Anois, bhí foireann iontach ag Tír Eoghain deich mbliana ó shin nuair a bhuaigh siad Craobh na hÉireann, cé nár bhuaigh siad dhá cheann as a chéile, agus bhí Ciarraí an-láidir timpeall an ama sin freisin. Cinnte le cúpla bliain anuas, níl aon amhras ach go bhfuil Áth Cliath chun cinn ar gach dream eile ach tagann deireadh le tréimhsí mar seo am éigin i gcónaí. Tá sé níos éasca breithiúnas a thabhairt ar fhoireann nuair a bhíonn a ré thart agus tú ag féachaint siar ar chúrsaí.

CG: Níl ceist ar bith ann ach bhfuil siad thuas ansin i measc na bhfoirne is fearr riamh ach tá an stíl peile atá ann anois go hiomlán difriúil ón stíl a bhí ann roimhe seo. Mar Áth Cliathach, is cuma liom an iad an fhoireann is fearr sa tír iad nó an fhoireann is fearr riamh, níl mé ach ag iarraidh go dtaispeánfaidh siad cé chomh maith agus atá siad tráthnóna agus go dtabharfaidh siad craobh eile leo. Bhí muid tamall fada gan craobh againn agus cé go bhfuil craobh i ndiaidh craoibhe á bhfáil againn faoi láthair, tiocfaidh stop leis sin lá éigin.

SdeP: Is iad an fhoireann is fearr atá feicthe agamsa ó thaobh torthaí de. Ní féidir le duine ar bith argóint a chur suas faoina bhfuil buaite acu. Ach, agus ní ag caitheamh anuas ar Áth Cliath atá mé, is toradh é sin ar an gcaoi a bhfuil an pheil imithe. B’fhearr liom i bhfad a bheith ag breathnú ar fhoireann Chiarraí deich mbliana ó shin, leithéidí Darragh Ó Sé, Tomás Ó Sé, Gooch. Tá go leor leor imreoirí maithe ag Áth Cliath agus is maith liom a bheith ag breathnú orthu, ach b’fhearr liom breathnú ar fhoireann sin Chiarraí.

An mbeidh cleas éigin ag Mickey Harte chun teacht aniar aduaidh ar Áth Cliath?

GB: Ba bhreá liom dá mbeadh. Cheapas anuraidh go bhfeicfimis rud éigin difriúil ach níor tharla sé. Tá sé deacair smaoineamh ar cén cleas a bheadh acu. D’fhéadfaidís fear mór a chur isteach ar imeall na cearnóige, b’fhéidir go gcuirfeadh sé scaoll éigin ar chúlaithe Átha Cliath, ach n’fheadar an bhfuil a leithéid d’imreoir acu. Nuair a bhí ag éirí go maith le Tír Eoghain, bhí cleas éigin ag Mickey i gcónaí don chluiche ceannais ach níl an chuma orthu le cúpla bliain anuas go bhfuil sé iontu cúrsaí a athrú mórán.

CG: Tá mé ag ceapadh go mbeidh air rud éigin a dhéanamh ach tá gach rud triailte ag na foirne a d’imir i gcoinne Átha Cliath roimhe seo. Is é an rud is tábhachtaí ná go gcuirfidh na himreoirí an plean atá acu i bhfeidhm ar an bpáirc. Caithfidh siad oibriú go crua agus beidh orthu sciorta den ádh a bheith orthu ach tá mé cinnte go bhfuil siad maith a ndóthain chun ceisteanna móra a chur ar Áth Cliath. Beidh orthu suí siar uaireanta agus brú chun cinn uaireanta eile agus b’fhéidir go mbeadh ‘trigger’ éigin réitithe acu le linn an chluiche chun go mbeadh a fhios acu go léir go bhfuil sé in am dóibh brú suas.

SdeP: Tá trí chraobh buaite aige agus bíonn cleas éigin aige i gcónaí: Canavan a thabhairt isteach arís in 2003, Stephen O’Neill a thabhairt ar ais in 2008. Bhí caint ann go raibh Conor McKenna, a bhí thall san Astráil, chun teacht ar ais ach ní bheadh a fhios agat. Is bainisteoir é Mickey Harte a bhfuil féinmhuinín láidir ann agus creideann sé go mór ann féin. Ní bheidh aon fhaitíos air roimh an gcluiche seo. Tá daoine ag súil go ndéanfaidh sé rud éigin, ach b’fhéidir nach ndéanfaidh sé rud ar bith.

Cé a thabharfaidh an lá leo?

GB: Aon duine a mbeadh ciall aige, déarfadh sé Áth Cliath ach mar a luaigh mé cheana, d’fhás mise suas ag breathnú ar an bhfoireann sin ó Thír Eoghain agus bhí rud éigin fúthu i gcónaí a spreag daoine. Tá mé ag súil go dtiocfaidh Tír Eoghain le rud éigin níos fearr ná a bhí acu go dtí seo. Má bhíonn rud éigin difriúil, thabharfainn seans dóibh dúshlán Átha Cliath a thabhairt, ach is deacair an bua a fheiceáil acu.

CG: Cé go bhfuil gach duine ag rá go mbeidh béim mhór ar an gcosaint, ceapaim féin gur cluiche suimiúil a bheidh ann agus go mbeidh daoine tógtha leis agus an dá fhoireann ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar chórais a chéile. Tá mé ag tnúth le cluiche iontach agus tá gach seans ag Tír Eoghain stop a chur le hÁth Cliath. B’fhéidir go bhfuil tosaithe níos fearr ag Áth Cliath, áfach, agus nuair nach mbeidh fágtha ach thart ar 10 nóiméad, is iadsan a gheobhaidh na scóranna cinniúnacha chun an cluiche a bhuachan.

SdeP: Go minic i ndiaidh cluiche mar seo, chuirfeá an cheist, ‘Cén fáth nach bhfaca mé seo ag teacht?’, ach chaithfeá Áth Cliath a phiocadh mar bhuaiteoir. Tá sé léirithe acu go bhfuil siad in ann na cluichí móra seo a bhuachan. Tá ceithre chluiche ceannais buaite acu le pointe amháin. An t-aon rud a déarfainn faoi sin ná gur bhuaigh Diarmuid Connolly an cluiche dóibh anuraidh agus níl sé ann faoi láthair. Rinne Bernard Brogan go maith anuraidh, agus ní bheidh seisean ann ach an oiread. Tá seans beag ag Tír Eoghain, ach níl ann ach seans beag.

Fág freagra ar 'AN CLUICHE CEANNAIS: ‘Tá seans beag ag Tír Eoghain, ach níl ann ach seans beag’ – tuairimí phainéal Tuairisc.ie faoin gcluiche mór…'