AN CLUICHE CEANNAIS: Cúig cinn de na comhraic is tábhachtaí i gcluiche

Níl an bhéim chéanna is a bhíodh san iomáint ar choimhlintí beirte, ach beidh tábhacht ar leith ag baint le cuid de na comhraic sin i gCluiche Ceannais Chraobh Iomána Uile-Éireann Dé Domhnaigh. Pictiúir: INPHO

Cé gur geansaí uimhir 15 a bhíonn ar dhroim Aaron Gillane go hiondúil, tá seans ann go gcaithfidh sé cuid mhaith de chluiche an Domhnaigh ar imeall na cearnóige. Is ann a bhí sé in aghaidh Chorcaí, nuair a fuair sé an ceann is fearr ar Damien Cahalane san aer. Bheadh cúpla cúl scóráilte ag fear Luimnigh mura mbeadh an camán fágtha ina dhiaidh aige chomh minic sin.

Beidh sé níos deacra ag Gillane in aghaidh na Gaillimhe agus é i gcoinne an lánchúlaí is fearr sa tír, Daithí Burke. Tá fear an Turlaigh Mhóir ar fheabhas san aer chomh maith agus ní bhfaighidh Gillane mórán sásaimh má bhíonn sé ag súil go mbuafaidh sé os a chionn an liathróid. Tá gortú rúitín ag spochadh le Burke, áfach, agus ní bheidh sé ag iarraidh an paiste os comhair an chúil a fhágáil, rud a thabharfaidh deis do Gillane más féidir leis Burke a mhealladh as an nead.


Má bhíonn Gearóid McInerney aclaí a dhóthain chun imirt ó thús an chluiche, ba chóir go mbeadh coimhlint den scoth idir an bheirt fhathach seo ar an líne 45 méadar. Ní minic a tharlaíonn sé go mbíonn a chéile comhraic níos airde ná McInerney ach is amhlaidh a bheidh Dé Domhnaigh má bhíonn Kyle Hayes á mharcáil.

Cé go bhfuil Hayes orlach nó dhó níos airde ná an Gaillimheach, tá McInerney cumasach ag ceapadh na liathróide san aer agus seans gur fearr a éireoidh le Hayes má éiríonn leis McInerney a tharraingt amach ó lár na páirce.


Ní stadann an bheirt seo den obair agus bíonn siad i lár an aicsin i gcónaí. Déanann Lynch, go háirithe, obair na gcapall do Luimneach agus go leor di i ngan fhios den saol. Bíonn sé lárnach i ngach gné de chur chuige na foirne agus baineann sé úsáid chliste as an sliotar.

Níl Burke ag imirt chomh maith agus a bhí sé an t-am seo anuraidh. Chuir sé roinnt iarrachtaí áiféiseacha amú in aghaidh an Chláir san athimirt agus b’fhearr a d’fheilfeadh sé dó pas a thabhairt seachas a bheith ag tabhairt faoi scóranna ó lár na páirce.

Seans nach mbeidh an bheirt acu ag leanúint a chéile i gcónaí, ach is cinnte go mbeidh siad gar go mba dá chéile sna tréimhsí is cinniúnaí den chluiche.


Ní gnáth-leathchúlaí láir é Declan Hannon. Ní bhíonn an oiread sin cúraimí cosanta air mar is é an ról is tábhachtaí a bhíonn aige an imirt a stiúradh nuair a bhíonn seilbh an tsliotair ag Luimneach.

Beidh ar Luimneach plean ar leith a bheith acu chun Joe Canning a cheansú Dé Domhnaigh, áfach. Bronnadh gradam Imreoir na Bliana ar Canning anuraidh agus tá sé ag imirt níos fearr fós i mbliana. Bíonn saoirse ag Canning dul ar fud na páirce agus mura mbíonn Hannon á leanúint, caithfear an dualgas sin a thabhairt d’fhear éigin eile.


Seans gurb í seo an choimhlint is tábhachtaí a mbeifear á faire Dé Domhnaigh. Tá córas cosanta ar leith ag Luimneach, ach údar imní atá ann dá lucht leanúna an mbeidh siad in ann ag nós na Gaillimhe sliotar a sheoladh isteach ard i dtreo imeall na cearnóige.

Fear mór láidir é lántosach na Gaillimhe Jonathan Glynn agus, cé gur cosantóir den scoth é Mike Casey, tá Glynn cúig nó sé horlaí níos airde ná é agus é ceithre clocha meáchain níos troime.

Is maith ábalta atá Glynn scrios a dhéanamh nuair a chuirtear pasanna maithe ina threo agus seans gurbh fhearr a d’éireodh le Luimneach dá n-éireodh leo na pasanna sin a stopadh seachas a bheith ag brath ar Casey an ceann is fearr a fháil ar Glynn. Beidh cabhair ag teastáil ó Casey óna a líne lánchúil.

Fág freagra ar 'AN CLUICHE CEANNAIS: Cúig cinn de na comhraic is tábhachtaí i gcluiche'

  • wtf

    Ar bís atáimid!