An Clár v Luimneach agus cluichí móra eile na deireadh seachtaine

Cuirfear tús le Craobh Iomána na Mumhan an deireadh seachtaine seo i Staid Semple. An Cabhán v Muineachán an cluiche mór peile sa tuaisceart

Graeme Mulcahy (Luimneach) agus David McInerney (An Clár) san iomaíocht i gcluiche leathcheannais na hÉireann 2013. Pictiúr: INPHO/Lorraine O’Sullivan
Graeme Mulcahy (Luimneach) agus David McInerney (An Clár) san iomaíocht i gcluiche leathcheannais na hÉireann 2013. Pictiúr: INPHO/Lorraine O’Sullivan

tús curtha le Craobh Iomána na hÉireann leis na cluichí grúpa i gCraobh Laighean ach, fearacht chluiche na deireadh seachtaine seo caite idir Dún na nGall agus Tír Eoghain i gCraobh Peile Uladh, is é coimhlint an Domhnaigh idir Luimneach agus an Clár i gCraobh na Mumhan a spreagfaidh suim an phobail sa chraobh den chéad uair i mbliana.

Is feachtas tábhachtach é seo don bheirt bhainisteoirí, Davy Fitzgerald go háirithe. Níl ach cluiche amháin buaite ag na Cláirínigh le bliain anuas, nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Bhaile Átha Cliath sa tsraith i mbliana. Tar éis an achrainn uile a tharraing scéal Davy O’Halloran agus Nicky O’Connell ar an bpainéal níos luaithe i mbliana, tá dea-thorthaí ag teastáil go géar ó Fitzgerald má ag iarraidh a bheith sa phost tar éis na bliana seo.

buille faighte aige cheana féin leis an scéal go bhfuil sé beagnach cinnte nach mbeidh an tosaí Conor McGrath in ann imirt sa chluiche ceathrú ceannais. Agus Colm Galvin imithe chuig na Stáit Aontaithe don samhradh agus an rogha déanta ag Podge Collins imirt le foireann peile an chontae, sin triúr a bhuaigh Craobh na hÉireann agus gradaim All-Star i 2013 nach mbeidh fáil ag Fitzgerald orthu.

Mar a tharlaíonn sé, d’imir an bheirt bhainisteoirí i gcoinne a chéile i gCraobh na Mumhan i 1994, ’95, agus ’96, agus péire díobh siúd buaite ag TJ Ryan. Beidh bainisteoir Luimnigh ag iarraidh a fhoireann a spreagadh arís tar éis dóibh críoch dhíomách a chur lena bhfeachtas sraithe i mbliana. Chríochnaigh siad sa dara háit, taobh thiar de Phort Láirge, i Roinn 1B ach nuair a d’imir foireann Ryan Baile Átha Cliath sa chluiche ceathrú ceannais, thug siad taispeántas thar a bheith lag, iad buailte le 12 phointe.

Tar éis dóibh Craobh na Mumhan a bhuachan i 2013 agus cluiche leathcheannais na hÉireann a shroicheadh arís anuraidh, nuair a bualadh iad i sárchluiche i gcoinne Chill Chainnigh, is é an chéad seachtain de mhí Mheán Fómhair an sprioc atá ag Luimneach anois.

cheapann Ryan go bhfuil fuil úr ag teastáil ón bhfoireann, tá beirt tógtha isteach aige ó fhoireann mionúr an chontae a shroich cluiche ceannais na hÉireann anuraidh, is iad sin Cian Lynch agus Tom Morrissey. Is mac deirféar le Ciarán Carey é Lynch agus is léir go bhfuil an iomáint sa dúchas aige. Má chaitheann a bhainisteoir Lynch isteach sa bhearna bhaoil ar an Domhnach, ní bheidh an spreagadh breise ag teastáil uaidh ach féachaint ar phointe inspioráideach a d’aimsigh a uncail i gcoinne na gCláiríneach i 1996.

Rogha Tuairisc.ie: Luimneach

Michael Lyng (An Cabhán) agus Dessie Mone (Muineacháin) i rith Chorn Mhic Cionnaith 2014. Pictiúr: INPHO/Presseye/Andrew Paton
Michael Lyng (An Cabhán) agus Dessie Mone (Muineacháin) i rith Chorn Mhic Cionnaith 2014. Pictiúr: INPHO/Presseye/Andrew Paton

Is é an cluiche idir an Cabhán agus Muineachán an cluiche peile is mó an deireadh seachtaine seo. Tá na foirne seo ar an taobh ‘éasca’ den tarraingt i gCúige Uladh agus beidh dóchas ag an mbuaiteoir go mbeidh siad in ann áit sa chluiche ceannais, mar a mbeadh Aontroim nó Fear Manach rompu.

an Cabhán fós ag fanacht le go mblátódh an tallan a bhí faoi aois acu le blianta beaga anuas. Bhuaigh siad ceithre Chraobh Uladh Faoi-21 as a chéile idir 2011 agus 2014 ach níl an rath céanna orthu ag leibéal na sinsear. Níl ach dhá chluiche buaite ag an Cabhán i gcraobh an chúige ó 2010, in aghaidh Ard Mhacha agus Fear Manach i 2003. Fuair an Cabhán ardú céime ó Roinn 3 i 2014 ach tá feachtas craoibhe maith ag teastáil go géar uathu.

Ar an taobh eile den scéal tá Muineachán, atá tar éisdul chun cinn mór a dhéanamh i gCúige Uladh gan an rath céanna orthu faoi aois. Tá obair iontach déanta ag Malachy O’Rourke ó tháinig sé isteach mar bhainisteoir dhá bhliain ó shin. Bhuaigh sé craobh an chúige ina chéad bhliain agus shroich siad an chluiche ceannais anuraidh, ach fós beidh sé  ag iarraidh cúpla céim eile chun cinn a thabhairt. Tá amhras fós ann go bhfuil siad ag brath an iomarca ar Conor McManus chun na scóranna a aimsiú, ach ba cheart go mbeidís rómhaith don Chabhán ar an Domhnach mar sin féin.

Rogha Tuairisc.ie: Muineachán

Dé Satharn, 23 Bealtaine

Craobh Peile Mumhan – Cluiche Ceathrú Ceannais

An Clár v Luimneach, Páirc Uí Chíosóg (Inis), 7i.n.

Corn Christy Ring – Cluichí Ceathrú Ceannais

An Mhí v Cill Dara, Baile Átha Troim, 2i.n.

An Dún v Londain, Baile Crann, 3.30i.n.

Corn Christy Ring – Cluichí Dícháilithe

Cill Mhantáin v Maigh Eo, Páirc Uí Chíosóg (An Muileann gCearr), 1i.n.

Corn Nicky Rackard – Cluiche Leathcheannais

Tír Eoghain v Ros Comáin, An Charraig Mhór, 3i.n.

Ard Mhacha v Dún na nGall, Páirc Lúthchleasaíochta, 3i.n.

Corn Nicky Rackard – Cluiche Dícháilithe

An Lú v An Longfort, Páirc Naomh Lómáin (An Muileann gCearr), 3i.n.

Corn Lory Meagher – Babhta 4

Lancashire v Sligeach, Páirc na hÉireann, 4i.n.

Fear Manach v Liatroim, Páirc Brewster, 5i.n.

Dé Domhnaigh, 24 Bealtaine

Craobh Peile Chonnacht – Cluiche Ceathrú Ceannais

Londain v Ros Comáin, Ruislip, 3i.n.

Craobh Peile Uladh – Cluiche Ceathrú Ceannais

An Cabhán v Muineachán, Páirc Breffni, 2i.n.

Craobh Iomána Laighean – Babhta 3

Ceatharlach v Aontroim, Páirc Uí Chuilinn, 2i.n.

Laois v An Iarmhí, Portlaoise, 2i.n.

Craobh Peile Mumhan – Cluiche Ceathrú Ceannais

An Clár v Luimneach, Staid Semple, 4i.n.

Fág freagra ar 'An Clár v Luimneach agus cluichí móra eile na deireadh seachtaine'