Ach mo rogha a bheith agam, níl áit is fearr liom píosa de thráthnóna Sathairn a chaitheamh ná istigh i lár ‘Seastán Clan’ (Seastán na dTreabh) ar Pháirc an Spóirt ar an mBóthar Beag i gcathair na Gaillimhe, ag breathnú ar fhoireann rugbaí Chúige Chonnacht ag imirt i gComórtas an Pro 12 nó sa Challenge Cup, mar a bhíodar ar an Satharn seo caite nuair a thug siad liúradh 48-12 do La Rochelle. Níor buadh ar na Connachtaigh ar an mBóthar Beag ó thús an tséasúir seo agus tá athrú giúmair le brath orthu siúd a bhíonn i mo thimpeall sa seastán.
Tá áit suite agus seasaimh eile timpeall ‘Pháirc an Spóirt’, foscadh agus compord le fáil ar chúl an ghloine sa bhfoirgneamh mór atá trasna ón Clan, ach ní chuimhneoinn mo bhealach a dhéanamh ann go deo, mura gcinnfeadh orm. Is maith ann an compord, ach fágann an ghloine nach bhfuil blaiseadh ar bith le fáil den teannas, den fhisiciúlacht ná den choimhlint a bhíonn amuigh ar an bpáirc agus níos tábhachtaí fós, domsa ar chuma ar bith, go mbíonn an té a bhíonn ann dall ar an bhfonóid agus ar na sáiteáin a bhíonn á gcaitheamh i ‘Seastán na dTreabh’.
Is iad muintir na cathrach féin is glóraí a bhíonn ann gan aimhreas. Tá tradisiún fada rugbaí ansiúd leis na blianta agus dála Luimnigh, ní leis an meánaicme amháin a bhain an cluiche i gCathair na dTreabh. Ba é an tseaníomhá a bhain le Galwegians agus le Corinthians ach le 60 bliain tá foireann rugbaí Our Lady’s Boys Club (OLBC) ag imirt i Sraitheanna Chonnacht – a nginiúint siúd fréamhaithe go domhain in aicme an lucht oibre i bhfad sular thosaigh cúrsaí ag athrú.
Tá tradisiún láidir rugbaí le fada freisin i mBaile Átha Luain, i Sligeach agus i mBéal Átha na Sluaighe agus fiú i mbailte beaga ar nós an Chlocháin, Muine Mheá agus na Creaga, i ndeisceart Ros Comáin. Ach le gairid, tá borradh thar cuimse tagtha ar an rugbaí i gConnachta agus clubanna anois in áiteacha nach mbeadh luaite ach leis an gCumann Lúthchleas Gael tráth – Cora Droma Rúisc, Béal Átha hAmhnais, an Dún Mór, Clár Chlainne Mhuiris, Tuaim, Uachtar Ard, Bearna agus an Cheathrú Rua, cuir i gcás.
Fágann an t-athrú go mbíonn corrdhídeanach as Maigh Eo, as Sligeach, Ros Comáin, as Liatroim agus as áiteanna coimhthíocha eile i Seastán na dTreabh gach tráthnóna Sathairn anois, ach faoin tráth seo tá glactha go hiomlán leo i ‘mBráithreachas Rugbaí Chonnacht’.
Ní hé nach bhfaigheann siad corrphriocadh.
Is minic leo ‘linseman’ a thabhairt ar an té a bhíonn ag rith feadh na taobhlíne agus bratach aige, nó go gcuireann ‘saoi’ eicínt ar a súile dóibh gur ‘touch judge’ ba chóir a thabhairt air. Amannta eile, nuair a chuireann siad aineolas ar na ‘rialacha’ i leith an réiteora, meabhraítear dóibh gur ‘dlíthe’ atá sa rugbaí!
Ach tríd is tríd, is ar na réiteoirí agus ar na maoir líne céanna is mó a ídítear cumas grinn an lucht féachana i Seastán na dTreabh.
Agus duine ag iarradh meabhair a bhaint as an gcumas grinn sin, is cúnamh scaití eolas a bheith agat ar an tíreolaíocht atá i do thimpeall. Dé Sathairn seo caite, cuir i gcás, agus fear a bhí le m’ais ag clamhsán go mba ‘chun cinn’ a caitheadh an pas as a bhfuair La Rochelle an t-aon úd a scóráil siad, scread sé. “Bhí an liathróid sin chomh fada chun cinn agus go mba dhóbair di landáil i Reilig an Bhóthair Mhóir” ! (Tá an reilig ar chúl na bpostaí).
Faoin tráth seo, tá corrdhuine den lucht leanta a thagann leis na foirne a thugann cuairt ar an mBóthar Beag ag déanamh a mbealaigh chuig Seastán na dTreabh go mblaisfidh siad den acmhainn grinn a bhíonn ansiúd. Nuair a d’imir Connacht agus Harlequins a chéile arú anuraidh i gCorn Heineken, ba ann a chuir dornán beag de lucht leanta na Sasanach fúthu, iad lánchinnte go mbuafadh ceann de mhórfhoirne Shasana gan stró. De réir a chéile, d’imigh an chaint uathu nuair ba léir gur teip nach raibh aon súil leis agus iad a bheith díbrithe as an gcomórtas a bhí i ndán dóibh.
Agus an cath caillte, thug ógánach dá gcuid aon iarracht amháin eile ar an dream a bhí ina thimpeall a mhaslú le véarsa d’amhrán.
“God save our gracious Queen…” a chan sé. Sin eile a raibh ráite aige nuair a tháinig glór a raibh toinn láidir an Chladaigh nó an tSeantalaimh sa mullach air : “I hope he does, like, ….cause no wan else round here will, annaway, thats for sure, like”.
Anois agus arís tagann Breandán Ó hEithir isteach i m’intinn agus mé i mo sheasamh i Seastán na dTreabh.
Ní raibh Páirc an Phiarsaigh tógtha nuair a d’fhreastal Breandán ar Choláiste na hOllscoile. Gaillimh, rud a d’fhág go raibh an iománaíocht chomh maith leis an rugbaí á himirt ar Pháirc an Spóirt ag an am – an dá chluiche ab ansa le Breandán.
Ina leabhar ‘Over the Bar’, déanann Ó hEithir cur síos ar an tionchar a bhí ag an mbac a bhí ar bhaill CLG ag an am freastal fiú ar chluiche rugbaí. Deir sé freisin go mba ar an mBóthar Beag a chonaic sé cuid de na hiománaithe ab fhearr a d’imir do Ghaillimh riamh – na deartháireacha Seán, Jimmy agus Paddy Duggan, a rugadh in aice láimhe; Joe Salmon, Josie Gallagher agus Johnny Molloy ina measc.
Inniu tá Éamon Molloy, mac le Johnny, lonnaithe i bhfoirgneamh atá ar chúl Sheastán na dTreabh, é ag obair ansiúd mar bhainisteoir ar Fhorbairt Oiliúna an Rugbaí i gConnachta agus ag déanamh ainilíse anois agus arís ar chluichí do TG4 – cor nach dtiocfadh amú ar an Árannach, measaim.
Fág freagra ar 'An ‘Clan’ is fearr'