An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (7 Lúnasa 1915) – Seanchas Duibhneach

Uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

Claíomh S

Seanchas Duibhneach

Tomás Ó Raithile a chnuasaigh

Meargach na nGlaslann Géara

Nuair a bhí Fionn Mac Cumhaill agus na Fianna i bhFionntrá fadó, tháinig Meargach na nGlaslann Géara, agus dúirt sé le Fionn go gcomhraicfeadh sé an fear is fearr a bhí aige. “Bog is briathar orm,” arsa Fionn, ar seisean, “go dóigh liom go mbainfidh Oscar Tréanmhór iompú asat.”

Tháinig siad an lá ina mhárach ar a sé a chlog, agus rinne siad ar aon faoi chéile, agus is gearr dóibh go raibh fuil ina slaoda ar gach duine acu.

Ar a sé a chlog tráthnóna, dúirt Meargach le hOscar go raibh sé in am staid. Chuaigh siad abhaile dóibh féin, lán de ghearrthacha agus d’fhuil.

Bhíodar ar an bhfód lá ina mhárach arís ar a sé a chlog, agus rinne siad faoi chéile, agus lean siad don chomhrac go dtí a sé a chlog tráthnóna. Dúirt Meangach arís: ‘Oscar, tá sé am staid.” Stad siad.

Chonaic Fionn Oscar an-mhór bataráilte, agus dúirt sé leis: “Bog is briathar orm, a Oscair,” ar seisean. “Gurb é mo thuairim go bhfaighidh Meargach an mámh maith ort, mar chonaic mé inniu ag teacht é, agus gan aon rian gearr ann tar éis chomhrac an lae inné. Agus tá tusa gearrtha basctha ó chomhrac an lae inniu agus an lae inné; agus bog is briathar ormsa, a Oscair, go mbeith a fhios agamsa cad é an draoíocht atá air.” Chogain Fionn a ordóg ón smior go dtí an smúsach, agus fuair sé amach as an ordóg go raibh tobar slánaithe ag Meargach, agus nuair a nífeadh sé a aghaidh ann, go mbeadh sé chomh folláin agus a bhí sé riamh, gan aon rian gearr ann. “Agus, a Oscair,” arsa Fionn, “níl agat ach aon tslí amháin chuige. Nuair a thiocfaidh sé amárach chun comhraic, agus nuair a bheidh sé a sé a chlog, déarfaidh sé: ‘A Oscair, is mithid dúinn stad.’ Abairse leis á fhreagairt: ‘Bog is briathar orm, a Mheargaigh, nach stadfaidh mé choíche go dtitfidh laoch éigin lena chéile.

Lá ina mhárach chuaigh siad ag comhrac arís, agus níor thug Oscar aon sos comhraic dó; dúirt sé go gcaithfeadh laoch éigin titim le chéile sula stadfaidís. Ambaiste, is gearr don tráthnóna go raibh Oscair ag fáil an mámh maith ar Mheargach. Lorg Meargach sos comhraic arís air, agus dúirt Oscar leis nach bhfaigheadh ná pioc. Is gearr ina dhiaidh sin gur mharaigh Oscar Meargach, agus d’fhág sé sínte marbh i bhFionntrá é.

Nuair nach ndeachaigh Meargach abhaile an oíche sin, d’éirigh a bhean ar maidin lá ina mhárach, agus chuaigh sí amach go dtí an tobar slánaithe, agus is amhlaidh a bhí sé ina thobar fola roimpi. D’aithin sí ansin go raibh a fear marbh. Tháinig sí go Fionntrá ansin faoi strip siúil. Agus rinne sí amach Fionn Mac Cumhaill, agus dúirt sí le Fionn nár mharaigh aon fhear singil dá raibh aige Meargach riamh ach le héagóir mhór. “Go deimhin, a bhean,” arsa Fionn, “ní raibh éinne chuige ach Oscar Tréanmhór”. Is ea, ní chreidfeadh sí Fionn; bhí sí ag áiteamh air i gcónaí. Rith Conán Maol, agus bhuail sé clabhta boise ar an mbean, agus rith Fionn agus bhuail sé Conán le buille dorn. “A rascail!” ar seisean le Conán, “ná buail bean go deo.”

D’imigh bean Mhearaigh abhaile go dubhach brónach, agus d’inis sí dá mac, do Mheargach óg, cad a rinne Conán – gur bhuail Conán í. Tháinig Meargach Óg lá ina mhárach agus a chlaíomh is a chuid airm is éadaigh air, chun sásamh a bhaint amach mar gheall ar a athair agus a mháthair. Dúirt sé le Fionn Mac Cumhaill go gcomhraicfeadh sé an fear ab fhearr a bhí aige. Níor mhaith le Fionn aon fhear maith a mharú leis, ach dúirt sé le Conán go gcaithfeadh sé Meargach Óg a chomhrac inniu. Dúirt Conán nach gcomhraicfeadh sé é, “ach comhraicfidh mé i gcath coiteann”, ar seisean.

Chuir Fionn iallach ar Chonán dul ag comhrac le Meargach Óg dá ainneoin. Bhí siad araon ag déanamh faoi chéile, faoina gcultacha airm is éadaigh, nuair a labhair Conán:

“A Mheargaigh,” ar seisean, “is measa duit éinne amháin i do dhiaidh ná beirt romhat!” D’fhéach Meargach ina dhiaidh, agus ba thapaidh an iarracht ó Chonán é – léim sé as a chorp agus bhain sé an ceann ón muineál dó.

D’fhan sin mar sin ar feadh áirithe aimsire ina dhiaidh, agus bhí Fionn agus a fir ag comhrac i gcoinne fórsaí eile, agus bhí fir Fhinn ag titim go tiubh, agus dúirt sé le Conán: “Cuir in airde do lámh, a Chonáin,” ar seisean, “agus féach trí shúile do mhéar, titfidh siad sin marbh.” “An raibh an bua sin riamh agam?” arsa Conán le Fionn. “Bhí, a Chonáin,” arsa Fionn. “Níor inis tú riamh dom é go dtí anois?” “Níor inis, a Chonáin, mar bhí eagla ar an bhFéinn go marófá iad go léir.” “Sea, a Fhinn”, arsa Conán, “uair nár inis sibh domsa riamh roimhe seo é, titfidh go léir le chéile!”

Bhí deireadh anseo le Fionn agus lena fhir; ní chuirfeadh Conán a lámh in áir le holc orthu. Agus sin mar a cailleadh Fionn Mac Cumhaill agus na Fianna.

[Raidhrí Ó Cinnéide a d’inis, 1910.]

Éire sa tSean-Aimsir

Le Caitlín Nic Ghabhann

(Duais-aiste an Oireachtais, 1914)

Labhraidh Loingseach (200 RC)

 Frítheadh scéala i dTeamhair go raibh Labhraidh gan ainimh. Cuireadh fios air. Chonacthas d’Fheirceirtne agus do Chraiftine, a chuaigh ann in éineacht leis, gur le feall a imirt air a tugadh ann é, agus chinn siad ar éalú ó Theamhair agus Labhraidh a bhreith leo. Ghluais siad rompu go Cúige Mumhan agus chuir siad Labhraidh faoi chomhairce Scoriath agus Cobhthach, agus, dá bhíthin sin, bhí a dhá oiread fáilte aige roimh an té ar leis an Ard-Ríocht ó cheart.

Bhí iníon álainn ag an Rí seo darbh ainm Moriath. Thug sí féin agus Labhraidh grá dá chéile. Bhí a hathair agus a máthair in aghaidh a bpósta ó nach raibh i Labhraidh an uair sin ach díbirteach. Chuir sé sin fonn ar Labhraidh a cheart a bhaint amach. Thug Scoriath slua dó. Thriall sé ar Dhionn Rí

(Ní críoch.)

Fág freagra ar 'An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (7 Lúnasa 1915) – Seanchas Duibhneach'