An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (5 Meitheamh 1915)

Uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

An C. Solais

Meitheamh 5, 1915                    An Claidheamh                    3

Eagar na Foghlama

[Aiste é seo a scríobh Eoghan Ó Neachtain cúpla bliain ó shin nuair a moladh eagar níos fearr a chur ar an bhfoghlaim. Níor cuireadh aon eagar fós uirthi.]

Sin rud atá ag teastáil go géar a dhéanamh, obair foghlama na Gaeilge a leagan amach agus a chur in eagar ceart. Tá na Gaeilgeoirí agus lucht a foghlama ar fud na tíre anois agus gan treoraí taoiseach acu – ní ceart dom sin a rá, is treorú atá uathu agus eagar ar a gcuid oibre. Foghlaimeoidh siad beagán Gaeilge nó mba é an mórán é, agus ansin níl a fhios acu cá conair a rachaidh siad ag foghlaim a thuilleadh, níl a fhios acu cé mhéad di atá foghlamtha acu, ná níl a fhios acu an fada eile a rachaidís go mbeidís ina nGaeilgeoirí maithe, ná níl a fhios acu amháin cad is Gaeilgeoir maith ann, ná an Gaeilgeoir maith é an té a raibh an teanga ó thús aige. Tá fear an Chlaidhimh Soluis ag caint ar an gceist sin le seachtain nó dhó, tá Uladh ag caint air an tseachtain seo, agus sin é an rud is géire atá ó lucht foghlama na Gaeilge faoi láthair. Ní hea ach is ní é atá ag teastáil le blianta.

Ba chóir lucht na foghlama a roinnt de réir a n-eolais ar an nGaeilge agus de réir a n-oideachais inti, agus céimeanna agus buíonta a chur ar bun, agus comhartha éigin a thabhairt don mhac léinn de réir na céime ina mbeadh sé. Is cuma liom cén comhartha a thabharfar dó; is beag nach cuma liom cén cúrsa a chuirfear air idir dhá chéim, is cuma leis féin é ach fios a bheith aige go bhfuil sé ag dul ar aghaidh agus go ndearna sé a chuid oibre go maith i rith an chúrsa.

Dhéanfainn trí roinn go leith de lucht na foghlama, sin é le rá trí mhór-roinn go leith; mar atá roinn don aos óg atá ag foghlaim sna scoileanna náisiúnta agus a gcothrom sin, is é sin daoine atá ag foghlaim na leabhar beag atá á bhfoghlaim ag lucht na scoileanna náisiúnta, bíodh na daoine sin ag dul ar scoil nó bíodh. An dara mór-roinn chuirfinn na daoine sin a bhfuil an oiread seo Gaeilge foghlama acu; daoine mar an dream atá sna scoileanna idirmheánacha. Is fearr iadsan ná na daoine atá sa mór-roinn tosaigh. An treas mór-roinn bíodh daoine ann atá níos fearr ná sin arís, daoine mar atá ar an ollscoil agus bíodh lucht na hollscoile féin ann más breá leo é. Agus an leathroinn chuirfinn na hollúna ansin ar lucht dóibh féin, na ollúna agus na húdair agus na máistrí le léann.

trí mhór-roinn agat ansin, ná bac leis an leathroinn, agus mór-roinn iad sin go ndéana tú céim nó trí chéim nó ceithre chéim de gach mór-roinn, leag amach an obair a thabharfá don mhac léinn le déanamh idir dhá chéim agus cuir ainm ar an gcéim. Déan ceithre cúrsa, cuir i gcás, den chéad mhór-roinn, trí chúrsa den dara roinn agus trí ceathair de chúrsaí den roinn is airde agus bíodh an chéim i ndeireadh gach cúrsa.

Feilfidh an t-eagar sin don tír ar fad, ach leag amach an obair i gceart ar dtús agus má fheiceann na daoine atá ag foghlaim go mbeidh onóir na céime ag dul dóibh as a gcuid oibre, glacfaidh siad misneach athuair agus is mó an tairbhe a thiocfaidh den Ghaeilge as ná a tháinig as ceist na Gaeilge san Ollscoil.

Eoghan Ó Neachtain

Gnóthaí Tiúscalacha – Téarmaí

Coicís ó shin dheineas tagairt don easnamh a bhí ar an nGaeilge toisc gan ainmneacha na mbláthanna a bheith foilsithe inti. An luibhleabhrán a chuir an tAthair Éamonn Ó hÓgáin, d’ord Íosa, le chéile is é an t-aon chnuasach amháin dá shaghas atá againn, ach an té a chuireann chun leabhair níos oiriúnaí ar bhláthanna a thabhairt dúinn beidh bunphréamh an tsaothair le fáil aige i gcnuasach an Athar Éamann. Ní hannamh a chuimhne agam ná gurb ait an Ghaeilge a bhí ag cuid de na daoine in óige na gluaiseachta seo againn agus a chiotaí is a cuireadh leabhair in eagar an uair úd. Pé scéál é, ba mhaith an ní é leabharáinín a chur i ndeá-eagar mar a bhfaighfí ainmneacha Gaeilge ar bhláthanna agus luibheanna chun leighis. Más áil linn an teanga a ghléasadh le haghaidh na hoibre nach foláir a dhéanamh inti, is é an tslí is fearr is dóigh liom chun breith ar chnámhdhroma uirthi, sraitheanna léachta ar ghnóthaí lae an phobail a chur os a gcomhair! Aitheasc ar bhláthanna ar bheacha ar chearca, srl., agus na daoine a theagasc ar an treo sin i dteanga na tíre. Ná bactar le ceantar seachas ceantar eile. Tá daoine sna ceantair Ghallda agus ba bhinne leo léachta ar ghnóthaí tionscail a chloisteáil i nGaeilge dá ndéanfaí iarracht chun na léachta sin a sholáthar dóibh agus na daoine a chuirtear i mbun an ghó a bheith díograiseach ina thaobh agus a bheith deá-iompartha ag cur an ghnó sin chun cinn. Ní mór do lucht cosanta na Gaeilge féachaint chuige sin in am.

an iomarca daoine á ngléasadh féin chun dul ag teagasc an phobail i dtaobh na Gaeilge. Tá an choitiantacht ag dul i dtuirse dínn agus ár soiscéal cainte i dtaobh saothrú na Gaeilge mar tá an oiread múinteoirí agus lucht cainte ag dul i gcúram na Gaeilge agus bhéarfadh teangacha na hEorpa ón mbás – má tharlaíonn aon tionóisc a imeacht orthu agus is eagal liom go n-imeodh, agus an saol atá istigh againn. Ní fheicim, ámh, go bhfuil aon ghluaiseacht mhór uasal againn féin go n-oirfeadh dúinn sciatháin a ghabháil chugainn dá bharr.

Aon bhuíon daoine a bhfuil roinnt Gaeilge acu dá gcloífidís le chéile agus scríobh chugam faoi chúram an pháipéir seo rachaidh mé i gcabhair dóibh más mian leo na gnóthaí tiúscalacha seo a chur ar bun agus an Ghaeilge a chur á úsáid lena ndéanamh. Ba mhaith liom a fhios a bheith agam an mbeadh an pobal freagrach don obair seo agus dá mbeadh d’fhéadfaimis í a chur ina reacht dlí agus gach craobh faoi leith di a chur i mbun an té is ainléite chuici. Ní hamhlaidh go bhfuil aon eolas rómhór agamsa ar na gnóthaí tiúscaileacha seo. Níor mhór do dhuine blianta fada a chaitheamh ag cur eolais orthu agus ina theannta sin a bheith oilte go maith ar an nGaeilge. Ach le teacht na haimsire, gheofar na daoine is eolaí agus is fearr léann agus tuiscint chun a bheith páirteach san obair agus chun dul á riaradh de réir mar a thiocfaidh beatha agus fás don iarracht a dhéanfaimid.

Cáit Ní Dhonnchadha

It is your duty to support the Advertisers who support the Gaelic movement. Do your duty.