An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (29 Meitheamh 1915)

Uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

Claiomh

Uimhir 900                                Cláraithe mar pháipéar nuachta                                Meitheamh 26, 1915                                Pingin

Cúrsaí an tSaoil

File Gaeilge

Mícheál Ó Cadhain

Cuireann lucht léinn Choláiste na Gaillimhe irisleabhar amach uair sa bhliain. Mura mbeadh na haistí Gaeilge a bhíonn ann ag Tomás Ó Máille ba bheag an tsuim a chuirfimis ann. Is cuimhneach lenár léitheoirí aiste ar Chearbhallán a bhaineamar as irisleabhar na bliana seo caite. In irisleabhar na bliana seo tá aiste eile ar fhile eile ag an Máilleach.

Aiste an Mháilligh

“Le tuilleamh agus céad go leith bliain, ó aimsir Chearbhalláin anuas, ní raibh aon fhile i gConnachta arbh fhiú le lucht scríofa seanchais trácht amháin a dhéanamh ar a ainm, cé is moite do Reachtabhra. Ach mura ndeachaigh a gcáil i bhfad, ní raibh Connachta an t-achar sin gan lucht déanta duan agus amhrán, agus b’fhearr cuid acu go mór ná Ceabhallán agus ná Reachtabhra. Mar bhí orthu sin: an tAthair Ó Cuirnín, Ó Gabhráin, Ó Casaide (An Caisdeach Bán), Domhnall Meirgeach Macnamara, Risteárd Bairéad, Maoilsheachlainn Ó Máille, Mícheál Mac Suibhne, Seán Macnamara, agus Mícheál Ó Cadhain, gan trácht ar a lán eile nach bhfuil lua ná áireamh orthu anois.

“Is ar Mhícheál Ó Cadhain atá dúil againn trácht anois, le go mbeidh samhail ag Fir Fáil ar an gcineál filíochta a rinneadh tuairim is deich mbliana ó shin in iargúl Éireann. Agus ní fhéadfadh lucht léinn an Choláiste saothar is teachtmhaire a dhéanamh ná amhráin Mhícheáil Uí Chadhain a chur i gcló le haoibhneas a chur ar an saol Fodhlach.

“An té a léas trácht ar fhilí na seanaimsire is minc a ghníos sé ionadh cén chaoi  ndearnadar a gcuid duan ar chor ar bith, nó céard ba cionsiocair a ndéanta. Ach an lá atá an file é féin go leathan láidir os ár gcomhair agus go bhfeicfeá, geall leis, ag déanamh na n-amhrán é, gheofá léargas agus tuiscint ar an scéal nach bhfaighfeá mbeifeá ag léamh leabhar agus údar go dtí Luain an Bhraith. Ba é sin fearacht againne agus ag Mícheál Ó Cadhain, file.

Filí Gaelacha

“Maidir leis na filí Gaelacha a bhí ann le dhá chéad bliain, níorbh ionann iad agus baird agus filí na seanaimsire. Ní raibh eolas acu ar sheanchas na tíre, nó ar chraobha coimhneasa ná géaga ginealaigh na muintire a bhí in éineacht inti. Ní a chuireadar suim sna nithe sin. Ach fir intleachtacha a bhí iontu mar atá le léamh go soiléir as a gcuid amhrán, agus deis ar bith ar fhoghlaim dá bhfuaireadar níor ligeadar le faillí í. Agus má bhíodar aineolach ar sheanchas na seanaimsire, an rud nach raibh a fhios acu agus nár chuireadar suim ann, ní dhearna sé pian dóibh, agus is amhlaidh is mó a chuireadar spéis ina n-aimsir féin agus sa rud a tháinig abhaile go gar dóibh.

“Amhráin mholta nó amhráin cháinte is mó a rinneadar do dhaoine a raibh aithne acu orthu agus a thuill moladh nó cáineadh uathu. An té a bheadh tuirseach sáraithe ag éisteacht le cur síos ar nithe bréige na Gréige agus na Róimhe nó n-abraínn é, ar “Thuathal tréan Mac Teachtmhair” ar Chormac Mac Cuinn Chéad-Chathaigh nó ar Oisín agus ar Fhionn agus ar Fhianna Éireann nó ar Aireall Ó Luim nó ar Aodh Mhac Ainmhireach – an té a bheadh tuirseach ag éisteacht le trácht orthu sin chuirfeadh sé cluas air fein nuair a chloisfeadh sé amhrán a bheadh ag cur síos ar dhuine éigin a thógfaí ar aon sráid leis féin nó sa bhaile ba ghaire dó.

“Ní maith linn a bheith i gcónaí ag trácht ar shean-nósanna ón Díle. Anois nuair atá an saol ag dul ar aghaidh agus muintir an hÉireann ag dul ar aghaidh céim ar chéim agus cos ar chois leis, nó b’fhéidir níos sciobtha ná é, is maith linn cur in iúl go bhfuil fir – agus dá n-abraínn, mná, inár measc atá in ann filíocht a dhéanamh chomh maith agus a cumadh riamh.

Nuair a cheannaíonn tú an Claidheamh cabhraíonn tú le cúis na Gaeilge. Tá do chabhair uainn anois.

Fág freagra ar 'An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (29 Meitheamh 1915)'