An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (28 Lúnasa 1915)

Uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

An Claidheamh

Uimhir 909                   Cláraithe mar pháipéar nuachta                  Lúnasa 28, 1915                  Pingin

Cúrsaí an tSaoil

Filleadh Lucht Oibre

An Spailpín

Is cosúil go gcuirfidh an spailpín fánach faoi in Éirinn feasta. Ba é an tAcht Cláraithe a ruaig abhaile é. Cuireadh an tAcht sin i bhfeidhm leis an mbealach a dhéanamh réidh roimh an bpreasáil agus na fir óga a bhfuil a n-ainmneacha ar an gclár, is iad is túisce a chuirfear amach. Na fir oibre ó Éirinn, níor airíodar go raibh sé de dhualgas orthu a n-anam a thabhairt ar son Shasana nó ar son na Seirbe agus d’fhágadar Sasana agus thángadar abhaile. Níl an tAcht ina dhlí in Éirinn agus taispeánann filleadh an lucht oibre nach nglacfar leis an bpreasáil go toilteanach sa tír seo.

An Dualgas Impiriúil

Ní bhfuair na hÉireannaigh, fir nó mná, mórán cineáltais thall. Ní bhíodh dóibh ach bothán bó chun codlata agus shaothraídís a bpá go crua. Níor luigh agus ní luíonn an dualgas impiriúil orthu. Is í an Impireacht a bhochtaigh a dtalamh dúchais agus a chuir orthu féin imeacht as. Ba mhaith leis an Impireacht a gcúnamh a fháil anois ach níl an cúnamh le fáil. Maslaíodh go mór iad faoina dteacht abhaile. Ní bhfuaireadar riamh ach an masla ón Sasanach. Ach má cuireadh masla orthu thall, cuireadh fáilte rompu abhus. Fanaidís abhus. Tá neart oibre le déanamh in Éirinn, agus b’fheidir go mbeadh fir throda ag teastáil uainn féin ar ball.

Rabhadh don Rialtas

B’fhearr leis na hÉireannaigh a d’fhill abhaile cur suas dá saothrú thall ná dul san arm. B’fhearr leo troid a dhéanamh ná dul san arm dá n-ainneoin. Bíodh a fhios sin ag lucht na preasála. Má bhíonn doirteadh fola in Éirinn i dtaobh na preasála, is iad an Rialtas a bheidh thíos leis. Má cheapadar roimhe seo go nglacfaí leis an bpreasáil, tá a fhios acu anois nach nglacfaí. Na míle fear a thug suas a slí beatha agus a d’fhill go hÉirinn, chuireadar i gcéill don Rialtas nach nglacfaidh siad le haon dlí nua a bhainfeadh a saoirse ar fad díobh. Tugadh an rabhadh don Rialtas in am. Mura nglacann siad leis an rabhadh, beidh aireachas orthu.

Na Feisirí agus an Phreasáil

Is mór an trua nár léigh na Feisirí do na boird agus do na Comhairlí cuidiú leis an ngluaiseacht in aghaidh na preasála. Dúradh leo go mba mhasla mór ar na Feisirí gan an obair a fhágáil acusan. Níor mhaith leis na comhairleoirí céim síos a thabhairt do na Feisirí agus dhiúltaíodar aon rud a rá in aghaidh na preasála. Is baolach anois go ligfidh an Rialtas orthu go bhfuilimid toilteanach glacadh leis an bpreasáil. Ní dóigh linn go bhfuil na Feisirí ag obair ina coinne. Tionóladh go leor comhdháil acu le gairid agus is dóigh linn nár labhraíodh ar an gceist ar aon chomhdháil acu.

Clárú in Éirinn

Níl an tAcht Cláraithe ina dhlí in Éirinn ach rinneadh an clárú in Éirinn mar sin féin. Cuireadh foirmeacha cláraithe go dtí gach beairic sa tír. Dúirt an Bireallach Tigh na Feise atá tamall ó shin nár ghá an clárú a dhéanamh in Éirinn, go raibh sé déanta cheana féin ag na Constáblaí. Tá na Constáblaí anois tar éis na foirmeacha a líonadh. Níl aon chinnteacht againn nach bhféachfaidh an Rialtas leis an bpreasáil a chur i bhfeidhm. Tá an clár á chur le chéile acu ionas go mbeidh an bealach réidh ar ball don phreasáil. Ní dhéanann an Rialtas obair in aisce agus ní mór dúinn ar fad a bheith san arideall orthu. Is mór an t-ábhar misnigh dúinn na fir oibre a bheith sa bhaile arís againn.

Má mheabhraíonn an Claidheamh duit dul go dtí siopa áirithe ag ceannach earraí  ná fág an siopa sin gan an Claidheamh a lua.