An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (27 Samhain 1915)

Uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

Claíomh

Uimhir 922                            Cláraithe mar pháipéar nuachta                            Samhain 27 1915                            Pingin

Cúrsaí an tSaoil
An Cogadh

An tSeirbia

Tá ríocht na Seirbia ar lár. D’imir galair nimhneacha dochar mór ar an arm agus ar na daoine tar éis an chéad chatha a cuireadh orthu bliain ó shin. Níor sheas siad fód ar chor ar bith nuair a ionsaíodh iad an dara am. Tá siad ag imeacht roimh an namhaid le sé seachtaine agus is baolach go gcaithfidh siad glanadh as a dtír dúchais ar fad.

Cine trodach misniúil is ea na Seirbiaigh. Is í an tsaighdiúireacht an cheird is fearr acu agus féach, níor éirigh sí leo. Má ba iad ba chiontach leis an gcogadh, tá siad ag íoc go daor as. Ní cabhair dóibh a bheith ag súil le cúnamh slua ó Shasana nó ón bhFrainc. Da mba thoil leo siúd an tSeirbia a tharrtháil, bheadh sé thiar orthu anois agus tá lán a gcraicinn le déanamh acu agus a mbearna féin a chosaint.

Ba í an tSeirbia an chéad ríocht de na ríochtaí beaga a bhris cuing na Tuirce. Maor muice ab ea an chead rí. Bhí sé ina cheann ar arm na saoirse agus ríodh é sa bhliain 1817. Ghnóthaigh an Ghréig, an Rómáin agus an Bhulgáir a saoirse i ndiaidh a chéile tar éis sin. Níor réitigh na Seirbiaigh agus a gcomharsana go maith. Tá toradh an éada agus an achrainn anois aici.

An Ghearmáin

Níor cuireadh na Gearmánaigh siar (nó soir) míle sa Fhrainc le bliain. Tá naoi miulliún Francach faoi rialtas na Gearmáine. Tá seilbh ag na Gearmánaigh ar 77 per cent d’oibreacha iarainn na Fraince, ar 34 per cent d’innill agus de mheaisínre na tíre ar 68 per cent de ghual na tíre, ar 70 per cent de na hoibreacha crua. Bhain na Gearmánaigh 75,000 acra de bharraí sa Fhrainc i mbliana.

Dá láidre iad na Gearmánaigh, ní dócha go dtiocfaidh leo teacht níos faide anoir sa Fhrainc. Tá na Francaigh ag seasamh a gcirt go maith le bliain anois. Tá a ndóithín de neart slua acu agus a ndíol féin de ghunnaí agus pléascáin is lón ag na sluaite.

Fuair Rialtas na Gearmáine £1,275,000,000 (€187,293,677,000) ar iasacht ó mhuintir na Gearmáine. B’éigean do gach cumhacht eile de na cumhachtaí móra airgead a fháil ar iasacht óna chéile agus ó Mheiriceá. Tá, ar a laghad, 2,000,000 fear leis an nGearmáin marbh nó curtha dá gcois. Níor glaodh fós ar fhear faoi bhun fiche bliain nó os cionn dhá fhichid is cúig bliana.

Caitear airgead na Gearmáine sa bhaile. Níl aon ghanntanas bia sa tír cé nach ligtear oiread agus lon isteach sa Mhuir Bhaltach. Fásann oiread bia ar thalamh na Gearmáine is a bheathaíonn a muintir ó cheann ceann na bliana. Ní fhásann díol ráithe de bhia ar thalamh Shasana. Agus tá Éire chomh dona le Sasana.

Éigeantacht

Is í an phreasáil nó an tsaighdiúireacht éigeantach is mó atá ag cur buartha ar Ghaeil an tseachtain seo. Tá an phreasáil i bhfeidhm i Sasana cheana féin, ce nach bhfuil sí ina dlí fós. Ní thugtar ach dhá rogha do na hógánaigh de lucht oibre thall. Caithfidh siad dul san arm nó bás a fháil den ocras.
Bainfidh an cogadh go dlúth linne má fhéachtar le fir óga Éireann a thógáil in aghaidh a dtola. Deir Seán Diolúin nach ndéanfaidh an Rialtas a leithéid, ach is léir go bhfuil eagla air go ndéanfaidh. Ní dea-chomhartha an cosc a cuireadh ar an imirce. Má fhéachtar leis na fir a thógáil, beidh doirteadh fola ann, dar le hEoin Mac Néill, agus doirtfear fuil thar ár bhfuil sinne.
Tháinig 2,000 fear le chéile i mBaile Átha an Rí lá an tseachtain seo caite le fógairt ar an Rialtas nach nglacfaidh siad leis an bpreasáil. Bhí seacht gcéad óglach orthu agus gunnaí is pící acu. Bhí go leor sagart agus dlíodóirí as Gaillimh á gcomhairliú. Dúradh leis an slua a n-anam a chosaint ar lucht an airm dá dtiocfaí orthu. “Is fearr bás a fháil sa bhaile ná ar an aonach”.

Rinneadh slua mór i mBaile Átha Cliath Dé Domhnaigh in onóir do chuimhne an triúir a crochadh i Manchain. Bhí timpeall míle fear d’Fhianna Fáil sa mhórshiúl agus bhí gunnaí acu ar fad. Ní thógfar na fir sin beo in aghaidh a dtola. Feicfear don phobal nach bhfuil crann cosanta ar an namhaid acu ach na Fianna. Is clos dúinn go bhfuil na Fianna ag dul i líonmhaireacht go tréan.

Litir an Easpaig

Scríobh Easpag Luimnigh litir chuig na páipéir an lá cheana mar gheall ar an íde agus ar an masla a tugadh do na buachaillí bochta as Connachta a bhí i Learpholl ar a mbealach go Meiriceá.
“Cuireann sé an fhuil ag fiuchadh agus ag coipeadh i gcuislí duine ar chloisteáil dó an íde agus an masla agus an tarcaisne a caitheadh ar na hÉireannaigh bochta a bhí i Learpholl ar a mbealach go dtí Meiriceá. Céard a rinne siad as bealach gur thuill siad easonóir agus drochíde ó bhuachaillí coirnéil agus ó leiciméaraí Sasanacha? Ní maith le buachaillí óga Chonnacht dul isteach in Arm Shasana in aghaidh a dtola agus a gcur chun cathanna a throid ar son Shasana i gcúinne éigin den domhan. Agus nach bhfuil sin go ceart agus go cóir acu? Tá siad in ainm is a bheith ina bhfir shaora, gan chuing, gan cháimh [?], agus dá éis sin agus uile, táthar ag tabhairt an íde chéanna dóibh is a thabharfaí do phríosúnaigh a mbeadh orthu a n-anam a chur i gcontúirt agus a chailleadh ar son cúise nach raibh suim puintín bioráin, nó cnaipe gan chos acu ann.

“Is dócha gur beag an t-eolas atá ag na buachaillí bochta tuaithe seo ar fáth agus ar ábhar an chogaidh mhóir seo. Agus ní náire dóibh sin. Ní chuireann sé an fhuil ag corraí sna cuislí acu nuair a chloiseann siad caint agus iomrá ar an gCosaiv, agus ní éiríonn an fhuil go luath ná go luaineach i gceartlár a gcroíthe chun troid agus chun comhraic a dhéanamh ar son na Seirbia. B’fhearr leo fada go dtabharfaí cead dóibh a gcuid giodáin bieaga talún a leasú agus fataí agus cruithneacht a chur iontu.

“Ní chuireann siad suim sna ‘Náisiúin Bheaga’ ná sa dochar agus an scrios a rinneadh ar an mBeilg, ná ar bhriseadh agus ar réabadh Ard-Eaglais Reims, ná ar nithe iltíoracha eile i bhfad i gcéin. Ní chuireann siad suim i gcabaireacht ná i ngeabstaireacht Impiriúlacht Thaidhg Phádraig Uí Chonchubhair agus an chuid eile den ‘New Brigade’.

“Ach is é an náire agus an scanall is mó agus is suaraí ar fad, agus an rud is mó a chuireann fearg ar dhuine, ná nach raibh fear a gcosanta le fáil; nach raibh fear dá dtír ná dá gcine le fáil a d’ardódh a ghlór, ná a sheasfadh go fearúil, fíochmhar chun na buachaillí bochta Gaelacha sin a chosaint ó dhíoscarshlua na Sasanach.

“Is é an t-aon choir a rinne na fir óga seo ná nach bhfuil siad réidh ullamh chun troid ar son Shasana, agus na Sasanach. Agus cad chuige go dtroidfidís ar a son? Céard a fuair siad sin riamh ná na seacht sinsear a tháinig rompu ó Shasana go bhfaighidís bás ar a son?

“Déarfaidh Seán Réamoinn go bhfuil ‘Hóim Rúil sa Leabhar,’ – agus fanfaidh sé sa leabhar. Níl aon Éireananch a bhfuil tuiscint ná éirim ann nach ndéarfaidh gur taibhse do Hóim Rúil é, – gur Hóim Rúil é a bhfuil gad ar an scornach aige agus seirín ar a cheathrúna deiridh, agus nach gcuirfear i bhfeidhm go deo na ndeor é.

Nuair a cheannaíonn tú an Claidheamh cabhraíonn tú le cúis na Gaeilge. Tá do chabhair uainn anois.

Fág freagra ar 'An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (27 Samhain 1915)'