An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (25 Meán Fómhair 1915)

Uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

An Claiomh

Uimhir 913               Cláraithe mar pháipéar nuachta               Meán Fómhair 25, 1915               Pingin

Cúrsaí an tSaoil

An Cogadh

Cruachás na gCarad

Níl ag éirí leis na cairde sa Chogadh. Níl ag éirí leo sa Fhrainc nó sa Rúis nó sa Tuirc. Tá an Rúis buailte agus beagnach briste. Tá muintir na Rúise míshásta leis an Rialtas agus tá na Feisirí ag dul in aghaidh lucht ceannais na tíre. Sheas na Francaigh an fód go maith agus tá siad le 750,000 Afraiceach a thabhairt aneas le cuidiú leo in aghaidh na nGearmánach. Níl aon fhear anois sa Fhrainc atá feidhmiúil chun troda nach bhfuil san arm nó i seirbhís éigin faoin Rialtas. Chaill Sasana 400,00 fear ó thús an chogaidh. Maraítear nó gointear suas le 15,000 fear gach seachtain agus de réir an chaillteanais sin níl ag Sasana faoi láthair ach líon na bliana seo chugainn. Má sheasann an cogadh beidh ar an Rialtas 20,000 fear a fháil in aghaidh na seachtaine. Ní heol dúinn cé mar atá ag éirí leis an liostáil. Dúirt ceann an airm le gairid nach bhfuil ag éirí léi go rómhaith le déanaí. Sin é an fáth a bhfuiltear ag caint ar an bpreasáil. Má leantar don ár uafásach sa Tuirc beidh riachtanas leis an bpreasáil. Is dóigh le lucht maoine go bhfuil riachtanas léi cheana féin. Tá maoin Shasana (agus Éireann) á caitheamh go tiubh, suas le ceithre milliún punt sa lá. Ní féidir le bainc Shasana cairde a fháil san Oileán Úr, agus tá sí ag iarraidh airgead a fháil ar iasacht thall ionas go mbeidh ar a cumas díol as an lón cogaidh agus na gunnaí móra le hairgead síos. Is léir do lucht maoine go bfhuil an cogadh róchostasach agus is mian leo deireadh a chur le pá an tsaighdiúra. Ní íoctar pá le harm preasáilte. D’fheilfeadh an phreasáil go breá do lucht maoine.

An Phreasáil

dhéantar iarracht chun ógbhaidh na hÉireann a chur san arm dá n-ainneoin cuirfear an tír seo trí chéile. Ní thiocfaidh dá bharr ach doirteadh fola agus dearg-ár. Níl aon cheart ag Rialtas Shasana dlí preasála a dhéanamh d’Éirinn agus ní thiocfadh léi go réidh a leithéid de dhlí a chur i bhfeidhm. Feictear dúinn go mbeidh an Rialtas ag iarraidh ar cheannairí na tíre glacadh leis an bpreasáil mar mhalairt ar Hóm Rúil (Rialtas Dúchais). Ba dheas an margadh é sin. Ceannach mhuice i mála a bheadh ann. An Hóm Rúil a gheofaí ar an gcuma sin chuirfeadh sé ar chumas Shasana an t-iarsma beag den tsaoirse atá fágtha againn a bhaint dínn. Ná bíodh dul amú orainn i dtaobh na cúise seo. Is mó againn agus i tairbhí dúinn a bheith saor ón bpreasáil ná an Hóm Rúil suarach gortach atá ceaptha dúinn. Ní daoirse go dtí an phreasáil.

Náisiún Beag agus a Theanga

Nuair a cheap scoláirí agus lucht léinn an chine a dtugtar an Úcráin (i. an teorainn) ar a dtír, ar Acadamh Ealaíon a chur ar bun bí léann agus litríocht an chine i gcruachás. Ceart go leor bí teanga na hÚcráinise ag na daoine in Úcráin na Rúise (an Rúis Bheag nó Deisceart na Rúise) agus in Úcráin na hOstaire (an Ghailís). Ach is beag má bhí de chead acu sin a bhí faoi smacht na Rúise úsáid a bhaint as a dteanga dhúchais. Bhí an Rúis go mór anuas ar an athbheochan litríochta a tosaíodh le saothar an fhile Chotliareisky ( Іван Котляревський) i dtosach na naoú haoise déag. Leis an athbheochan sin d’éirigh scríbhneoir mór a bhfuil a cháil is a chlú ar fud na hEorpa agus ar fud an domhain. Tá Nioclás Gógol ar na húrscéalaithe is mó dá raibh sa Rúis ach má tá is sa Rúisis a scríobh sé. Cé gur chuir Gógal síos go breá is go beacht ar sheansaol na hÚcráine ní oiread is dada de chreidiúint ag dul dá thír dá bharr. Leis an athbheochan fosta d’éirigh Taras Seibhtséancó (Тара́с Шевче́нко), file mór na hÚcráine a raibh meas mór ar a shaothar agus drochmheas ar a pholaitíocht sa Rúis. Leath a chlú ar fud na hOstaire agus ar fud na Gearmáine agus go mall san aois seo a chuaigh thart shroich sí an Fhrainc tríd an Eibhéis agus na Balcáin. Ní féidir go fóill a leabhair a léamh ach san Úcráinis, an Rúisis agus sa Ghearmáinis. Níor shroich a cháil an Bhreatain Mhór go dtí le gairid agus ní gá a rá nach bhfuil a ainm féin ar eolas in Éirinn go sea de bhrí go bhfuil na Gaeil taobh leis an mBéarla.

Sa chéad chuid den aois bhí lucht léinn na hÚcráine ag déanamh a ndíchill le héalú a shaothrú san Úcráinis. Ní raibh aon litríocht ealaíon acu, ní raibh clónna acu, ní raibh airgead acu; agus sa Rúis ní raibh cead acu an teanga a scríobh ná a theagasc, ná leabhair a chur i gcló inti. Bhí an-eagla ar Rialtas na Rúise roimh an athbheochan mar a chonacthas dóibh go dtiocfadh aiséirí an chine as athbheochan na litríochta. Méadaíodh ar an ngéarleanúint in aghaidh na gluaiseachta. Cuireadh bac agus cosc ar leabhair agus ar pháipéar nuachta a fhoilsiú, druideadh na scoileanna poiblí a raibh an teanga á theagasc, agus rinneadh iarracht ar chleachtadh na hÚcráinise a chosc ar na daoine féin. Díbríodh cathraitheoirí  agus scoláirí móra chun na Sibéire agus ar fud na hEorpa. Ar na daoine seo bhí Costomarov (Никола́й Костома́ров), staraí a rinne obair mhór ar sheanstair agus ar sheanlitríocht na hÚcráine, agus staraí mór eile Dromanov, ollamh san ollscoil i gCíbh, a chuir faoi ar dtús i nGinéibhe na hEilbhéise agus a rinne ollamh le stair de san ollscoil i Soifie na Bulgáire áit a raibh an-urraim ag na mic léinn dó. Ach sa bhaile san Úcráin b’éigean do scríbhneoirí na tíre stad den obair agus fanacht ina dtost.

Fuair Seibtséancó bás sa bhliain 1861. Ní nach ionadh ba mhór an meas a bhí ag aos óg na húcráine air mar gheall ar a ndearna sé lena linn ar son litríochta agus náisiúntachta na tíre. I ndaiidh a bháis bhain an Úcráin toradh an tsíl a chuir sé. Thiontaigh an t-aos óg a smaointe agus a súile ar an nGailís, áit a raibh roinn dá bpobal faoi chosaint na hOstaire agus cead acu a nósanna, a dteanga agus a litríocht a chur ar aghaidh. D’éirigh saol agus béasa na hÚcráine as an nua arís. Curieadh páirpéir, cumainn, cruinneoga agus dreamanna polaitíocht ar bun, ach sa Ghailís féin bhí cuid de na daoine óga nach raibh saor ón Rúis. Bhí fréamhacha na gluaiseachta curtha i gceart agus bhí sí ag fás i measc na ndaoine i gcoitinn ach bhuail an drochshíol isteach ón Rúis agus anseo is ansiúd thóg Diabhal na Pan-Rúiseachta nó na Mór-Rúiseachta a cheann. Leis an diabhal seo a dhíbirt agus na drochspiorad a mharú chinn Úcránaigh na Gailíse ar an litríocht a chur faoi mheas, agus leis sin a dhéanamh ar chumann a chur ar bun agus ar chlónna a chur amach.

Cathal  Ó Seanáin

Nuair a cheannaíonn tú an Claidheamh, cabhraíonn tú le cúis na Gaeilge. Tá do chabhair uainn anois

Fág freagra ar 'An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (25 Meán Fómhair 1915)'

  • Fearn

    Dea-thuairisc ar an Úcráin muis!