An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (24 Iúil 1915)

Uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

ClaiomhNUA

Uimhir 904 Cláraithe mar pháipéar nuachta Iúil 24 1915 Pingin

Cúrsaí an tSaoil

Scoileanna Gaelacha sa Ghalltacht

Tuairim is ceithre mhíle ó Lios Tuathail i gCiarraí Thuaidh tá scoil agus ba mhaith liom beagán a scríobh mar gheall uirthi. An bhfuil a fhios agaibh cad ina thaobh gur mhaith liom an beagán sin a scríobh? Tá obair déanta ann chun an Ghaeilge a mhúineadh agus dá ndéantaí a chomh-mhaith d’obair i scoileanna Éireann, bheadh an Ghaeilge sábháilte againn i gceann deich mbliana! Cuireann sin ionadh oraibh, ach fanaigí libh go fóill! Tá Gaeilge á labhairt ag gach gasúr sa scoil. Níl aon Ghaeilge ach focal fánach ag na seandaoine sa cheantar sin. Níl aon fhocal di arbh fhiú a áireamh ag na daoine meánaosta. Ach, féach, tá Gaeilge ag gach garsún sa scoil! Cuimhnígí air sin; agus cuimhnígí air seo chomh maith – labhraíonn na garsúin aon Bhéarla le linn dóibh a bheith ag súgradh i ngairdín na scoile. Sin í an fhadhb, a chairde.

Béarla sa Ghaeltacht

ceantar Gaelacha againne agus ní labhraítear ach Béarla na nGall le linn do na leanaí a bheith ag súgradh. Tá siad sin ag cailliúint na Gaeilge agus ag foghlaim an Bhéarla.

Cloisim a lán oidí ag rá nach bhféadfaidís an Ghaeilge a mhúineadh toisc a mbíonn le déanamh in éagmais. Tá an ceart acu. An chuma ina gcuireann siad chun an teanga a mhúineadh, agus an méid aimsire a chaitheann siad ina bhun á chomhartha, ní éireodh leo í a mhúineadh sa cheart go brách.

Cuireadh in iúl domsa sa scoil seo, áfach, gur féidir í a mhúineadh i gcuma go bhféadfadh na leanaí í a labhairt, ach an obair a dhéanamh sa cheart. Agus nach in é atá uainn ó thosach – an teanga a chur á labhairt. Táim tar éis roinnt a scríobh mar gheall ar an scoil seo sa tuairisc bhliantúil a scríobh mé i gcomhair na hArdfheise, ach níor mhaith liom gan an scéal a nochtadh soir siar ar fud na hÉireann mar is fiú é a nochtadh, agus tairbhe a bhaint as.

An tOide

B’fheidir gur dhóigh libh gur scoláire mór Gaeilge an t-oide nó gur cainteoir ó dhúchas é, ach ní hea. Deir sé féin gur ag foghlaim na Gaeilge atá fós, agus creidim é; ach tá cuid mhaith di foghlamtha aige, agus is é atá go tuisceanach cruinn nuair a théann sé á múineadh. Is cuimhin liom é a fheiceáil sa Daingean seacht mbliana ó shin, agus gan aige ach Ceachta Beaga an-bheaga. Ag tosú a bhí an uair sin. Tosú lag ab ea é, dar le daoine, ach tá toradh ar a ghnó anois. Níor stad sé ó shin dá shaothar. Ní fhanann seisean go dtí go mbíonn garsún sa tríú sa dara bliain chun Gaeilge a mhúineadh dó. Ní bhíonn sé an dara lá ar scoil nuair a fhaigheann sé cuid di, agus faigheann sé cuid di gach lá as sin amach. Ansin nuair a bhí cuid de na garsúin maith go leor chun í a labhairt, chuir sé iad á labhairt amuigh am an tsúgartha, agus lean sé mar sin de go dtí go bhfuil an scéal faoi mar a dúirt cheana.

Cuireann an scéal seo ionadh orainn, ach ní chuirfeadh mura mbeadh an chuma nach bhfuil rian an Ghalldachais ar gach rud sa tír, agus rian ár ndaoirse orainn féin, faraor géar!

dtugtaí cothrom don teanga sna scoileanna, ní dhéanfadh éinne aon ionadh den scoil seo, ach níor tugadh agus tá a rian sin ar na daoine a fuair oideachas iontu.

An Sampla

Ach is é an fáth go bhfuilim ag cur an méid sin spéise sa scoil seo ná go bhfuil sé mar shampla againn ar cad is féidir a dhéanamh chun an Ghaeilge a shábháil agus a athfhréamhú in Éirinn. Fiú amháin, sna ceantair is Gallda inti. Dá mbeadh Bord Náisiúnta ceart againn, agus aon treo oiriúnach ar an náisiún, ba ghearr an mhoill go bhféadfaí an Ghaeilge a chur á labhairt sna scoileanna.

Oideachas dátheangach atá ar siúl sa scoil seo agus tá fógra curtha don Bhord le tamall ag an mbainisteoir gur mhian leis an clár dátheangach a bheith i bhfeidhm inti. An cigire atá sa cheantar, tá ag cabhrú leis an obair go fearúil, agus tá gach aon dealramh go gcuirfear i bhfeidhm an clár dátheangach sa scoil. Is oiriúnach a leithéid de chlár ann ná sna ceantair Ghaelacha, agus ní mar atá a bheadh dá dtuigtí é sin agus dá leantaí réir agus dá mbeadh aon stiúradh ciallmhar ar obair an oideachais.

Níor chuir mé ainm na scoile síos fós ná ainm an oide. Lios Eibhlín a scríobhann siad féin mar ainm ar an scoil ach tá Liselton i mBéarla air, agus ní dóigh liom gur Lios Eibhlín an ceart. Ach mionrud é sin, agus ní bhacfaidh mé a thuilleadh leis. Tomás Ó Duilleáin an príomhoide agus Seán Ó Fathaigh mar chúntóir aige agus iad araon go dúthrachtach ag cabhrú le chéile.

Scoileanna Eile

scoil eile i gCiarraí Thuaidh, leis, agus má bhíonn uain agam, scríobhfaidh mé mar gheall uirthi uair éigin eile. I Licsnámha atá an scoil seo agus tá stair ag baint léi a chuirfeadh áthas ar Ghaeil. Abair as gur i nGalltacht…

An té nach dtuigeann an Ghaeilge, taitneoidh na pictiúir leis.

Níl duine in Éirinn ach an dall nach dtaitneodh an Claíomh leis.