An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (21 Lúnasa 1915)

Uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

Claidheamh

Uimhir 908                         Cláraithe mar pháipéar nuachta                        Lúnasa 21 1915                        Pingin

Cúrsaí an tSaoil

An Cogadh Eorpach

Litir Easpag Luimnigh

Scríobh Éamonn Ó Duibhir, Easpag Luimnigh, litir chuig an Réamannach an tseachtain seo caite. Faoin gcogadh a scríobh sé agus chuir sé an litir sna páipéir. Ba é barúil an Easpaig go mba chóir don Réamannach a chur in iúl don Rialtas gur tráthúil an t-am – an t-am atá anois ann – chun síochána; gur maith le muintir na hÉireann an tsíocháin; gur amaideach an rud a bheith ag iarraidh an Ghearmáin a throid go bun agus í a chur dá cos ar fad; go láidreodh an cogadh an Rúis má leantar de agus go lagóidh sé an Fhrainc; go gcuirfidh sé cáin thar chothromaíocht ar Éirinn; go mbeidh orainn fiche milliún punt a dhíol le Sasana gach bliain feasta; gur ag dul i méid a bheidh an cháin má leantar den chogadh agus nach dtiocfaidh dá bharr ach bochtanas agus mífhortún. Mhol an tEaspag críonnacht an Réamannaigh agus dúirt leis nár mhór cuimhneamh ar leas na hÉireann agus leas na hÉireann a dhéanamh.

Freagra an Réamannaigh

Níor chuir an Réamannach ach freagra gearr gairid ar an Easpag. Ní dhéanfadh sé a chomhairle mar ba é a bharúil féin nár thaispeáin an Ghearmáin fós go raibh sí toilteanach cúiteamh a dhéanamh ar a ndearna sé de dhíobháil agus de scrios ar an mBeilg agus ar na Cairde. Tá an Réamannach go díreach ar aon scéal le Ascuit agus an Comhrialtas. Níor chuir sé freagra ar bith ar an Easpag i dtaobh na cánach milltí atáthar le leagadh orainn. Níor ghearán sé an tEaspag faoi gur scríobh sé an litir, ach ba shoiléir do chách nár thaitin an litir leis. Tugtar aird ar chaint easpaig agus ní féidir a chur ina thost le freagra maslach, ná le leasainmneacha a chur air, ná le drochrún a chur ina leith. Ní féidir a rá le hEaspag gur Pro-Ghearmánach é, nó go bhfuil sé ag cothú achrainn, nó go mb’fhearr leis cáil na bhFeisirí a mhilleadh ná leas na tíre a dhéanamh. Ní féidir leis an Rialtas Easpag Luimnigh a fhógairt, nó a chur as a fhairche, nó a dhaoradh. Tá siad ar fad i bponc an t-am seo.

Éire agus an Cogadh

Bliain sa taca seo, cuireadh ceist Hóm Rúil (Rialtas Dúchais) i leataobh ar fad go ceann bliana. Cuirfear ar cairde arís í go dtí go mbeidh an cogadh thart. Bhíomar ag súil go ndéanfadh an dlí nua fóirithint orainn ach ní haon mhaith dúinn codladh a dhéanamh ar an gcluais sin feasta. Bánófar an tír seo le cáin má leantar den ‘cairdeas cogaidh’ le Sasana. Cuirfear cáin ar an talamh a ardós an cíos arís go dtí go mbeidh sé chomh trom agus a bhí sé nuair a bhí tiarnaí i réim. Coinneoidh slua mór síothmhaor sa tír agus caithfimid a gcothú agus pá a dhíol leo.

Beidh na scoileanna go léir ar bheagán airgid mar slogfaidh an t-arm an t-airgead poiblí ar fad. Ní bheidh trácht ar aon cheist ach ar cheist na hImpireachta agus ar chúrsaí na hImpireachta. Beidh an scéal go dona againn, agus scriosfar sinn ar fad má ligtear don Rialtas ár bhfir óga a chur go dtí an cogadh dá n-ainneoin.

Dúirt an Cairdinéal ag an Oireachtas go bhfuil Éire ar bheagán fear cheana féin agus gurb iad dlíthe Shasana a d’imir díth orainn. An amhlaidh a ligfimis do Sheán an méid againn atá fágtha a thabhairt leis?

Má mheabhraíonn an Claidheamh duit dul go dtí siopa áirithe ag ceannach earraí ná fág an siopa sin gan an Claidheamh a lua.

Fág freagra ar 'An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (21 Lúnasa 1915)'