An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (15 Deireadh Fómhair 1915)

Uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

C SOLAIS

Uimhir 916                    Cláraithe mar pháipéar nuachta                    Deireadh Fómhair 16, 1915                    Pingin

Cúrsaí an tSaoil

Seanmóir Ghearr

Clanna Fánacha

Nuair a bhíonn an teaghlach gan cheann, is iondúil go mbíonn an chlann gan tabhairt suas. Ma thagann ciall dóibh, nó do chuid acu, in am, cuidíonn siad le cheile agus stiúradh iad féin go cóir. Ta clanna na hÉireann gan cheann, agus tá dearmad ar a n-athardha déanta ag a lán acu. Sinne atá ag dréim leis an nGaeilge, ní mór dúinn súil a choinneáil ar ár ndeartháireacha atá ag imeacht la Galldachas agus iad a mhealladh ar ais, nó imeoidh siad ar fad uainn. Ba dual do mhuintir na Gaeilge riamh an uaisleacht agus an fhearúlacht, agus caithfimid an uaisleacht agus an fhearúlacht a chothú i gcónaí agus a thaispeáint inár ngnóthaí, nó buafaidh an uaisleacht bhréige agus an ghaiscíocht bhréige orthu. Má chuirimid an rud uasal agus an gníomh fearúil faoi mheas, beidh an rud bréige gan mheas agus leagfaidh sé.

An bhfuilimid gan fearúlacht!

Is minic a cuireadh inár leith nach dream fearúil sinn – agus ní fearúlacht chun cogaidh atá anois i gceist againn. Easpa fearúlachta a ligeann do dhaoine faillí a dhéanamh ina ngnó. Ta mórán againn a bhfuil sé ar ár gcumas gnó agus cúis na Gaeilge a chur chun cinn agus tá faillí sa ghnó sin á dhéanamh sin. Má tá creideamh i nGaeltacht, cladhairí agus cluanaithe is ea sinn gan Gaeltacht a leathnú agus a chur chun cinn. Mura ndéanfaimis ach beagán de stair na hÉireann a mhúineadh d’aosóga, ba mhaith an obair é. Mura ndéanfaimis ach an Ghaeilge a mhúineadh do dhuine eile, ba mhaith an obair é. Nuair a mhúin na Gaill dúinn gan muinín a chur in aon rud a bhain le hÉirinn, mharaigh siad an fhearúlacht sa mhéid againn a chreid iad. Ní dhéanann an fhearúlacht faillí.

An tAineolas

Nuair a dhéanann lucht Rialtais nó lucht stiúrtha an oideachais nó lucht dlí lucht an airm – nuair a dhéanann aon dream aon éagóir ar an tír seo – ligtear an éagóir leo in aisce. Ta an t-aineolas chomh tréan sa tír nach dtugtar an éagóir faoi deara go minic. An méid daoine a thugann faoi deara í, bhíonn neart acu ar lucht déanta na héagóra. Tá lucht an chirt agus an eolais róghann. Tá dream na héagóra róláidir.

Crann cosanta ag lucht na heagóra is ea an t-aineolas. Aineolas a choimeádann an t-oideachas Gallda sa scoil agus an Starcach i gceannas. Aineolas a choimeádann an tIúdach sa Chaisleán, agus an síochmhaor ina bhreitheamh. Aineolas a dhíolann agus a cheannaíonn déantús iasachtach. Aineolas a dhéanann aithris ar Sheán Buím agus a choimeádann ina rí é. Tá seasamh Sheáin ar an aineolas. Is mar sin a bhí an scéal ag Crom Cruach fadó.

Aineolaithe in Airde

Cuireann an t-aineolas an t-aineolaí in airde. Tá go leor dá threibh sin in airde sa tír. Is iad a dhéanann na héagóracha. Bíonn dea-mhian, mar dhea, i gcónaí acu agus déanann siad gach ní de reir an chirt .i. ceart Sheáin. Tugann siad cothrom dúinn. Ní hé cothrom na féinne a thugann ach cothrom cóir Sheáin. Focail mhóra mheasúla, uaisle is ea ceart agus cothrom. Is maith le muintir na hÉireann iad, ach ní thuigeann siad nach hionann ceart agus cothrom Sheáin agus a gceart agus a gcothrom féin. Tá dhá shaghas cirt ann. Tá an chóir agus an éagóir. Má chuirtear craiceann na cóire ar an éagóir, ní aithnítear ag lucht an aineolais thar a chéile iad. Beidh an t-aineolaí in airde agus Seán ina rí go gcuirfidh muintir na hÉireann eolas ar a dtír agus ar chúrsaí a dtíre. Ní gaol dúinn Seán agus mura mbeadh an t-aineolas, thuigfimis sin go maith.

Ní dhéanfaidh airgead an gnó

Meathfaidh an t-aineolas an uaisleacht agus an fhearúlacht ar fad má ligfimid dó. Beimid ag súil le breis saothair a fheiceáil ar lucht cosanta na Gaeilge feasta. Tá seasamh Gaeltachta agus seasamh Éireann orthu. Ná bídís faillíoch ina ngnó. Ta meas saortha acu cheana agus réitíonn an meas an bóthar roimh dhuine. Má táimid ar bheagán airgid féin agus ar bheagán córach chun scoileanna, tig linn ranganna den aos óg a bhailiú timpeall orainn agus an dílse a fhréamhú ina gcroí. Níorbh é an taisce beag airgid a bhí ag Conradh na Gaeilge tráth a chuir an obair ar aghaidh ach an dúthracht.

Iúr Cinn Trá

Cuireadh craobh Iúr Cinn Trá ar bun arís atá tamall ó shin. Tathar le múinteoir a chur ag obair sa bhaile mór anois agus féachfar le ranganna Gaeilge a choinneáil ar siúl go Lá Bealtaine. Seán Breathnach a bhíodh go gnóthach i gCumann Gaelach na hOllscoile i mBaile Átha Cliath, tá anois ina chónaí in Iúr Cinn Trá agus beidh sé ar a chumas cúnamh a thabhairt do lucht na Gaeilge ann.

Béal Átha Luain

Is fada an turas ón Iúr go Béal Átha Luain ach más ea, ní turas in aistear é. Thosaigh Máirtín Ó Droighneáin ag obair sa bhaile mór os cionn míosa ó shin agus tá obair a dhóithín dó ann. Tá bráithre Gaelacha i mBéal Átha Luain. Tá sagairt Ghaelacha ann. Tá buíon píobairí ann, agus tá dúil sa Ghaeilge ag an aos óg. Tá máistir scoile sa bhaile a mhúineann stair na hÉireann dá dhaltaí i slí go bhfuil tusicint chruinn acu ar chúrsaí a dtíre agus, dá bharr sin, níl aon tóir acu ar an nGalldachas.

Co. Loch Garman

Thainig Coiste Chontae Loch Garman le chéile tá tamall ó shin agus leag siad amach clár dón bhliain atá romhainn. Bhí coirmcheoil mhór in Inis Córthaidh an tseachtain seo caite. Bhí slua mór croíúil ina láthair. Bíonn ranganna Gaeilge ar siúl faoi scáth na Craoibhe agus tá an t-aos óg ag feastal orthu go maith. Ní mór do mhuintir Loch Garman féachaint i ndiaidh na scoileanna. Ní fiú trácht ar an méid acu a thosaigh ar mhúineadh na Gaeilge le trí bliana anuas.

Nuair a cheannaíonn tú an Claidheamh cabhraíonn tú le cúis na Gaeilge.  Tá do chabhair uainn anois.

Fág freagra ar 'An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (15 Deireadh Fómhair 1915)'