An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (12 Meitheamh 1915)

Uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

C solais

Uimhir 898, Cláraithe mar pháipéar nuachta  Meitheamh, 12 1915            Pingin

Cúrsaí an tSaoil

An Chontúirt

Díth Fear

Tá mórchumhachtaí na hEorpa i gcruachás faoi láthair agus a neart á chaitheamh acu gan stad. Tá ógbhaidh gach tíre á marú ina mílte in aghaidh an lae. Is gearr go mbeidh díth fear orthu ar fad má mhaireann an cogadh. Beidh díth fear ar Shasana chomh maith leis an bhFrainc agus an Almáin [An Ghearmáin]. Nuair a bheas deireadh leis na saorbhuanaibh céard a dhéanfaidh an Rialtas? Cuirfidh dlí na preasála i bhfeidhm agus tógfaidh na fir dá n-ainneoin. Nuair is crua do Sheán ní rithfidh sé, ach cuirfidh sé na Gaeil amach ina sluaite in aghaidh an namhad. Má mhaireann an cogadh cuirfear an phreasáil i bhfeidhm gan aon amhras. Dúirt Lloyd George go mba chóir a leithéid a dhéanamh má bhíonn gá leis. Dúirt Churchill é. Ní dhéanfadh Balfour ná a lucht leanúna cás ar bith de. Tá siad go láidir anois gan rialtas. Tá lucht na preasála in uachtar sa Rialtas agus nuair a thiocfas an chontúirt crua orthu scaoilfidh siad chugainn an dlí nua gan fógra dá laghad. Ní iarrfaidh aon údarás ar an bpobal. Ní gá a leithéid a iarradh, dar leo. Níl aon údarás ón bpobal ag an Rialtas atá anois ann. Níor ceadaíodh ag an bpobal riamh iad. Ná bíodh aon dul amú orainn. Tiocfaidh an phreasáil nuair a bheidh gá léi. Ní léifear focal feasa chugainn feasta. Céard a dhéanfaidh muintir na hÉireann má thagtar orthu? Ní mór dóibh machnamh ar an scéal, idir taoisigh is tuathaigh, idir cléir is pobal. Tá cead cainte agus comhairle fós acu, ach is gearr a bheidh. Bainfear an cead sin díobh gan rómhoill. Ná bíodh aon dul amú orthu, tá lucht na preasála chucu.

Dá dtógfaí ár n-ógbhaidh (ógánaigh) is cinnte go millfeadh sé fúinn sa tír seo. D’fhágfaí Éire ar deire go deo. Is gearr an léas a bheadh an an nGaeilge, mar chomh luath is a dhéanfaí an phreasáil ina dlí dhéanfaí dlíthe eile chun deireadh a chur le náisiúntacht. Ní bheadh ann ach impiriúlacht, agus is ionann impiriúlacht agus Galldachas.

Feis Chathair Mhóir

Tiocfaidh na sluaite Gael i gceann a chéile an seachtú fichead den Mheitheamh i dTulach Ó bhFeidhlimihe i gContae Cheatharlach – áit a mbeidh an fheis mhór ar siúl. Tá a fhios ag gach éinne cad a bheidh ar siúl ann agus cad é an saghas feise an fheis seo againne. Ba mhaith liomsa focal nó a rá i dtaobh na radharcanna atá le feiceáil ar bhórda na Sláine agus mórthimpeall ar an Tulach agus i dtaobh na rudaí a bhainfidh le stair an cheantair gur fiú trácht orthu agus cuairt a thabhairt orthu.

Tulach Fheirceirne ainm don áit le linn Naomh Pádraig. Uí Fheidhlimthe d’áitigh an ceantar an uair úd agus sin faoi ndear an ainm a thugtaí air ina dhiaidh sin. Bhí dhá mhainistir sa bhaile mór, ceanna  bhain leis na chéad Chríostaithe agus Mainistir Naomh Aguistín a tógadh timpeall an 12ú AC. Chuirtear daoine i reilig na mainistreach seo fós agus tá tobar beannaithe agus giota de sheanchrois ann. Ní rian de bhallaí an chaisleáin le feiceáil anois.

Leathmhíle amach ón mbaile mór tá gallán a bhfuil scríbhinn in Ogham chraobh air. Tá na litreacha go han-soiléir ar an gcloch.

Dhá mhíle ar an taobh thoir den Tulach tá Ráth Geal nó mar a thugann na daoine air “An Ráth” níos minice “The Ring of the Rath”. Is é an caiseal nó daingean is iontaí bhfuil ina sheasamh ar thalamh na hÉireann é. Tá trí bhalla cosanta ina seasamh fós. Is amhlaidh atá an ciorcal cloiche ar bharr an chnoic. Sin é an fáinne láir. É i bhoirm cearbhaill – céad slat de lárlíne ann. Cúig troithe ar airde agus a fiche ar leithead. Gan cloch ann níos mó ceann duine. Is é an dara fáinne an ceann is daingne agus is áille. Claí mór créafóige agus balla cloch bauilte suas i gcoinne an dá thoabh. Díog leathan domhain faoi choinne uisce ar an taobh amuigh de.

creidim, níos mó fiche acra taobh istigh den bhalla is faide amach. Ní radharc go dtí é.

Achadh Ubhaill. Teampall álainn agus crois an-ársa, timpeall 520. Teampall Fhinghín ba ea é agus “Cros Fhinghín” a thugtar ar an gcrois fós féin. Ceann de na seanteampaill is áille is ea é seo. Gan díon air – na ballaí go léir ina seasamh ach leathbhalla a leagadh 1839. Doras ann agus fuinneoga ornáideacha.

Áth-fathadd (i. Áth Fit nó Palladius). Thóg Diarmad na nGall Mac Murchú clochar do shiúir d’Ord San Aguistín i mbliain 1151. Ní féidir cur síos ar áilleacht na Sláine sa bhaile seo.

Cloch an Phoill. Leac mhór chloiche a bhfuil poll mór ina lár. Seo í an chloch a cheanglaíodh d’Eochaidh Feidhlim Mac Eanna Ceannsalaigh – an fear a mharaigh Niall na Naoi nGiallach sa Fhrainc ina dhiaidh.

Cill Osnadh nó Baile Uí cheallaigh. Bhí baint ag Naom Pádraig leis an áit. Tá tobar beannaithe leis ann agus fothraí teampaill agus cloigthithe. Tugadh cath mór anseo sa bhliain 479 agus maraíodh Aonghus Rí Chaisil agus a bhean cheile. Cath idir Mac Murchú agus Ó Ruairc i mbliain 1156, agus is anseo a thit Roger Mortimer.

Ráthbhile. Áit chónaithe Chriomthainn agus ríthe Ó gCeannsalaigh. Baistíodh Criomthainn agus a líon tí ag Pádraig i dtobar atá elathmhíle amach ón tsráidbhaile. Tá chrois Cheilteacha san áit.

Cluain Mhór Maodhóg. Seanchaisleán, reilig an-ársa, dhá sheanchrois arda, tobar agus mainistir an-mhór ba ea é an ceann seo. Bhíodh níos mó á trí mhíle sagart ann uaireanta.

Domhnall Mac Murchadha

Seón Ceannt II

ba dhuine umhalchroíúil é Seón Ceannt ina lán nithe, bhí ar a chumas, áfach, labhairt go dána nuair a mheasadh sé go mbíodh gá leis an dánacht. Ag tabhairt comhairle do dhaoine agus á dteagasc i slí a shaortha…

Tá páipéar nuachta againn sa deireadh. Más maith leat é a bhuanú tabhair lámh chúnta do.