An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (10 Iúil 1915)

Uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

Claoimh solais

Iúil 10, 1915                    An Claidheamh                   3

 

 

 

An Ard-Fheis agus na hOidí Scoile

Tá an Ard-Fheis ag druidim linn agus beidh lucht na Gaeilge ag triail ar Dhún Dealgan faoina comhair i gceann coicíse ón Luain seo chugainn. Ní thiocfaidh lucht na Gaeilge ar fad ann, ná lucht múinte na Gaeilge, ach tiocfaidh ann go leor de na fir agus na mná atá ag obair faoi bhrat an Chonartha don Ghaeilge agus don náisiúntacht Éireannach. Déanann an cruinniú bliantúil tairbhe mór dúinn. Tugann sé misneach dúinn casadh le cairde na Gaeilge as gach cúige is contae. Tugaimid eolas i dtaobh na cúise dá cheile agus is fearrde sinn an t-eolas sin. Is trua nach mbíonn níos mó oidí scoile againn ag an Ard-Fheis ná mar a bhíonn. Tá seasamh na teanga ar na hoidí agus ba chóir do lucht an Chonartha agus do na hoidí a bheith cairdiúil lena chéile. Bíonn dul amú ar na hoidí uaireanta inár dtaobhna, agus b’fhéidir nach dtuigmidne deacraí na n-oidí i gcónaí. Bíonn sé soiléir le tabhairt faoi deara ag an Ard-Fheis gur ar son Éireann atá lucht an Chonartha ag obair. Is í an náisiúntacht atá á mbrostú chun oibre. An t-oide a thuigfeadh an méid sin chuirfeadh sé a chroí in obair na Gaeilge agus dhéanfadh sé cion fir di in ainneoin rialacha an Bhoird agus na gcigirí. Tuigeann go leor de na hoidí an scéal go maith agus tá an chosúlacht sin ar a ndaltaí scoile. Tá go leor díobh nach dtuigeann an scéal. Is iad sin na hoidí atá i gceist againn. Dá mba mhaith le na hoidí é d’fhéadfaidís tuiscint ar náisiúntacht a thabhairt don aos óg agus grá ár náisiúntacht a fhréamhú ina gcroíthe. Mura mbí brí san oideachas thar an eolas ní bheidh aon mhaith ann don náisiúntacht, agus beidh sé thiar orainn a bheith ag iarraidh an ghlúin óg a thabhairt linn nó a mhealladh ón nGalldachas. Dá dtuigfidís an chlann óg céard is náisiúntacht ann bheidís ag obair as a stuaim féin agus ní bheadh le déanamh againne ach cabhair bheag a thabhairt dóibh agus treorú a dhéanamh dóibh. Cuirimis mórán ama amú le caint gan éifeacht ag an Ard-Fheis. Is dóigh linn féin go mba chóir dúinn beagán ama a thabhairt do cheist na n-oidí i mbliana. Dá n-iarrfadh an Ard-Fheis orthu rud a dhéanamh ar Éirinn agus ar náisiúntacht Gael thaispeánfadh sé go bhfuil meas againn ar na hoidí agus go dtuigimid go bhfuil seasamh na Gaeilge orthu.

Fág freagra ar 'An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (10 Iúil 1915)'