‘An Claiḋeaṁ Soluis’ 1915 (11 Meán Fómhair 1915)

Uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

Claíomh

Cúrsaí an tSaoil

Toradh na Troda

Sa Tuirc

Tá teipthe glan ar na Sasanaigh sa Tuirc. Níor gabhadh oiread agus aon daingean Turcach amháin go fóill. Dhearbhaigh an ‘Daily Mail’ an méid sin Dé Sathairn. An chéad arm a cuireadh i dtír chuir siad greim sa talamh agus ní dhearna siad ach an méid sin. Bhí an namhaid suite ródhaingean sna cnoic agus níor féadadh teacht aniar nó aoir air. B’éigean ionsaí caol díreach a dhéanamh air.

Rinneadh sin ach níor baineadh fanc as. Chaill na Sasanaigh timpeall 50,000 fear san iarracht. Nuair a sáraíodh orthu sa chéad áit, chuir siad arm eile i dtír in áit eile ar a dtugtar Subhla ionas go dtiocfaidís aniar i ngan a fhios ar an Arm Turcach. Le linn don arm Sasanach a bheith ag teacht i dtír, bhí an loingeas cogaidh ag plancadh na gcnoc le pléascáin as na gunnaí móra agus choinnigh an plancadh sin an namhaid scaitheamh isteach ón trá go dtí go raibh suíochán curtha fúthu ag na Fómharaigh.

Gabhadh limistéir den chósta, dhá mhíle dhéag ar fad agus dhá mhíle ar leithead. Thosaigh an tromachar (na gunnaí móra) ar an dá thaobh. Ní fhacthas an t-arm Turcach ar chor ar bith. Bhí foscadh maith acu ar shleasa agus ar mhullaigh na gcnoc. Ceapadh nach raibh aon neart acu ann agus tháinig na Sasanaigh amach ar na machairí idir na coillte ag bun na gcnoc. Bhí sé ceaptha acu tobann-ionsaí a dhéanamh agus briseadh a dhéanamh ar an namhaid le breis nirt.

Chomh luath is a nochtaigh na Sasanaigh iad féin, ionsaíodh iad go héifeachtach le tromachar agus le gunnaí láimhe agus imríodh díth fear orthu gan rómhoill. Mar sin féin, níor staon siad. Bhí ordú acu dhá chnoc a ghabháil agus níor thug siad cúl ar an namhaid go dtí go raibh cnoc gafa acu. Ghabh siad trinse fada ar bharr an chnoic.

Chomh luath is a bhí siad daingnithe ann, scaoileadh na pléascáin orthu ó dhá cheann an trinse agus cuireadh an dearg-ruaig orthu le fána arís.

Ar an gcnoc eile, cuireadh na coillte agus na fochoillte agus an foscadh ar fad trí thine. Níor lig an tine fear ná fás maireachtáil in aice léi. Ba é deireadh an scéil go raibh an t-arm Turcach suite chomh daingean is a bhí siad i dtosach agus go raibh mórán fear agus nirt caillte ag na Sasanaigh. Ba le slua Chitsineir (Herbert Kitchener) cuid mhaith den arm ionsaithe, agus bhí fir ón Astráil leo. Saighdiúirí nua ab ea iad agus leagadh an milleán orthu. Dúradh nach raibh siad sách mear chun ionsaithe agus nár tháinig siad tobann go leor ar an namhaid. Bhí an ‘Slua Éireannach’ ann agus imríodh ár agus scrios orthu. Níor tugadh aon chreidiúint dóibh. Tá na mílte acu anois ag tabhairt an fhéir sa domhan thoir agus talamh na hÉireann, ní fheicfidh siad arís go deo.

Deirtear gur throid an t-arm Turcach go cróga. Cén t-ionadh go ndéanfadh agus iad ag cosaint a dtalún dúchais. Tá timpeall 100,000 fear caillte sa Tuirc ag Sasana agus níl oiread agus daingean Turcach acu go fóill.

Más ar mhaithe leis an Rúis atá Sasana ag iarraidh na Dardanelles a oscailt, tá sé ag éirí mall fóirithint a dhéanamh ar arm na tíre sin. Cuirtear i gcás go mbuailfear an Turcach roimh Nollaig agus go mbeidh pléascáin agus gunnaí móra go fairsing le díol leis an Rúis tar éis an ama sin. Beidh an Turcach buailte, ach cá mbeidh arm na Rúise? Má leanann an t-arm sin de shiúl an bhroic (dul i ndiaidh a gcúil), beidh an Gearmánach ar chósta na Mara Duibhe roimh Nollaig, beidh na bailte poirt gafa aige agus beidh sé thiar ag Sasanaigh fóirithint ar an Rúis.

Dúirt an Reachtaire Cogaidh Rúiseach le gairid nach mbeidh arm nua ullmhaithe aige go dtí am éigin san earrach. Mura dtiteann an lug ar an lag ar an nGearmánach roimh an earrach, beidh sé láidir a dhóthain don arm nua. Ní feasach dúinn go bhfuil rún ag Sasana an Tuirc a ghabhail dó féin. Pé ar bith scéal é, is mór a mhill an cogadh sa Tuirc faoi na cairde sa bhFrainc.

Níor fhéad Sasana na sluaite a chur go dtí an dá áit agus tá sé soiléir anois nach raibh an Fhrainc láidir go leor leis an nGearmáin a ionsaí. Níor cuireadh an Gearmánach soir míle sa bhFrainc nó sa Bheilg le bliain anuas.

Tá caint faoi shíocháin san Oileán Úr. Thug an Cairdinéal Mac Giobúin cuairt ar an Uachtarán agus thug teachtaireacht ón bPápa dó. Tá ceist na mbád fothoinn réitithe agus Rialtas na Stát lán sásta.

Seanamóin Gaeilge

Beidh an tAthair Peadar i gCorcaigh Dé Céadaoin an 15 lá den mhí seo chun seanmóir a thabhairt uaidh do Chuallacht Mhuire in Eaglais Pheadair agus Phóil ar a 8 a chlog. Táimid ag brath air go mbeidh gach Gaeilgeoir sa chathair láithreach an oíche sin chun onóir a thabhairt dó.

Má mheabhraíonn an Claidheamh duit dul go dtí siopa áirithe ag ceannach earraí ná fág an siopa sin gan an Claidheamh a lua.

Foilsíodh Claidheamh Soluis na seachtaine seo an tseachtain seo caite trí thimpiste. Ár leithscéal faoin dearmad. Táid ar fad suas chun dáta anois.

– Foireann eagarthóireachta Tuairisc.ie

Fág freagra ar '‘An Claiḋeaṁ Soluis’ 1915 (11 Meán Fómhair 1915)'

  • Fearn

    Chuir an tuairisc seo an scannán siúd “Galipoli” in iúl dom, ach go raibh ní ba mhó fáisnéis sa tuairisc.

    Nach maith mar a chuireann an tuairisceoir in iúl gur cogadh idir dhá ghall a bhí ann, seachas faisean tuairimíochta na linne seo?