An Claiḋeaṁ Soluis’: ‘Tá an Eoraip ag briseadh óna chéile ag na fathaigh…’

Cothrom an ama seo (16 Nollaig 1916)…uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

An Claiḋeaṁ Soluis’: ‘Tá an Eoraip ag briseadh óna chéile ag na fathaigh…’

Claíomh-254

An Claidheamh Soluis

Mí na Nollag, 16, 1916

Brí na Nollag

Aimsir chun suaimhnis agus síochána agus comhluadair is ea an Nollaig. Aimsir chun machnaimh, freisin, is ea í. Meabhraíonn an fhéile dúinn scéal Chríost, agus is scéal dóchasach an scéal sin, scéal a chuireann suaimhneas ar an dearóil, agus misneach agus fuinneamh sa lagchroí. Déanann sé flaith féiltiúil den bhodach doicheallach. Déanann sé croí glan den chroí meata. Déanann sé treorú don seachránaí, agus bíonn ina réalta eolais ag an lucht mearaithe agus an lucht éadóchais. Brostaíonn agus meallann sí an intinn chun machnaimh agus bíonn smaointe an duine, agus an chomhairle a cheapann sé dó féin, de réir mhianach a chroí agus a aigne.

Thug ár sean brí na Nollag, agus brí na Críostaíochta. Thuig siad gur dual do Chríost an fhéile agus an cineáltas agus an tsíocháin, agus bhí brí eile i scéal na Nollag a tuigeadh dóibh níos fearr agus níos cruinne ná mar a thuigtear dúinn inniu. í.  Lucht chun troda is na Críostaithe. Lucht chun cosanta saoirse agus dúchais agus tíre is ea iad. Lucht chun troda a bhí iontu i dtús a réime agus lucht chun troda atá iontu inniu — an chuid acu nach bhfuil meata. Ní hionann lucht chun troda agus lucht foghlach. Ní hionann tír a chosaint agus tír a chreachadh. Ní hionann saoirse a choimeád agus saoirse a chur ar neamhní. Ní hionann dúchas cine iasachta a ghlacadh chugainn féin de bharr claímh agus ar ndúchas féin a bhuanú le stuaim aigne agus a chosaint le neart lámh. Ní lucht foghlach ná lucht creiche ná lucht saoirse a scriosadh na Críostaithe ionraice, ach ní fhágann sin nach lucht chun troda iad. Caithfidh siad tír agus dúchas agus saoirse a chosaint le stuaim agus le neart nó scriosfar d’uachtar na talún iad féin. Tá an domhan lán d’fhathaigh — is maith is feasach dúinn iad — fathaigh chraosfhiaclacha, fathaigh shantacha, fathaigh neamhthrócaireacha. Fathaigh láidre gan féile gan fírinne gan cneastacht gan córtas. Mura gcuirfidh Críostaithe Fhodhla cuma na troda orthu féin agus mura dtroidfidh le stuaim agus le neart scriosfaidh agus sclogfaidh na fathaigh iad. Níor thoiligh Críost a leithéid sin riamh. Ní ar neamh a cinneadh ar chomhairle na bhfathach ach i ndoimhne fhíoríochtar ifrinn. Sea, a fheara, agus a mhná na nGael, is lucht chun troda sinne. Lucht chun buanaithe dúchais, lucht chun cosanta saoirse agus tíre sin. Iad sin a chosaint agus a choimeád sin é ár ndualgas, agus is ar neamh a ceapadh ár ndualgas dúinne.

Aimsir chun machnaimh an Nollaig. Tá an Eoraip ag briseadh óna chéile ag na fathaigh agus tá an domhan mór cráite acu, ach déanaimis an machnamh agus tuigimis brí na Nollag.

Fág freagra ar 'An Claiḋeaṁ Soluis’: ‘Tá an Eoraip ag briseadh óna chéile ag na fathaigh…’'