An Claiḋeaṁ Soluis – ‘Gach dream agus gach aicme Ghallda sa tír tá siad gan tuiscint ar stair na sean-Éireann’

An Claiḋeaṁ Soluis’ cothrom an ama seo (2 Nollag 1916) …uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

Claíomh-219

35. (Iomlán 971.)       Cláraithe mar pháipéar nuachta       Mí na Nollag 2, 1916       Pingin

 Cúrsaí an tSaoil

 Tá seasamh an Ghalldachais ar an aineolas — agus má mhaireann an Ghaeilge beidh an focal seo ina sheanfhocal go fóill. Gach dream agus gach aicme Ghallda sa tír tá siad gan tuiscint acu ar an nGaeilge agus gan eolas acu ar stair na sean-Éireann ná ar chúrsaí na hÉireann atá anois ann. Gan eolas, gan aird ligtear an fhaill chun leasa thart agus déantar an t-aimhleas. Tagann toradh an aineolais abhaile dúinn go léir, ach is annamh a aithnítear é.

           Tá dhá chuallacht mianadóireachta i gCúige Laighean agus dhá mhianach shaibhre guail acu. Ní thagann bóthar iarainn i bhfoisceacht deich míle do cheachtar den dá mhianach. Fágann sin siar iad. Níl tógáil mhór ar an ngual mar nach féidir a chur go réasúnta saor ar an margadh. Níl ach luach íseal air ag béal an phoill, ach tá sé chomh daor le gual Sasanach i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath.

            Ceadaíodh beagán blianta ó shin ag Parlaimint Shasana bóthar iarainn a dhéanamh don dá mhianach seo — aon bhóthar amháin a thógfadh an gual ón dá áit go dtí an bóthar mór. Ní hionann rud a cheadú agus a dhéanamh. Níor mhór an bunairgead a fháil, agus an bóthar iarainn a dhéanamh. Cheapfá nach gcodlódh lucht stiúrtha an dá chuallacht go mbeadh an t-airgead faighte agus an bóthar iarainn ar bhealach a dhéanta acu, agus dá mbeadh a gcroí i leas na tíre ní dhéanfaidís sos go dtí go mbeadh an bóthar déanta.

            Ní ar leas na tíre a bhí siad ag smaoineamh, ach ar a leas féin. Ní chuideodh cuallacht acu leis an gcuallacht eile. D’éirigh éad eatarthu. B’fhearr le gach dream acu a bheith ar an gcúlráid gan bóthar iarainn ná bóthar a fheiceáil ag an dream eile. Is láidre i bhfad an t-éad atá acu dá chéile ná a ngrá d’Éirinn. Cuireann an t-éad sin straois mhagaidh ar aghaidh an tSasanaigh, agus na céadta mílte punt ina phóca. Sin eiseamláir an ghuail.

             Tá stóras mór i mBaile Átha Cliath ag an gCuallacht Comhchúnta. Is chun earraí agus gléasanna a dhíol leis na cumainn bheaga Chomhchúnta faoin tuath a cuireadh ar bun é. Ní féidir earraí nó gléasanna Gaelacha a fháil ná a cheannach ón gCuallacht Chomhchúnta. Níl a leithéid  acu, cé gur díoladh an-chuid earraí agus mórán gléasanna feirmeoireachta. Cé air a bhfuil an locht? Ba mhaith linn eolas cruinn a fháil ar an scéal.

            I dtaobh na ngléasanna is eol dúinn nach féidir leis an gCuallacht gléasanna a cheannach in Éirinn. Ní dhíolfaí leis an gCuallacht iad. Rinne na déantóirí margadh leis na siopadóirí gan díol ná reic a dhéanamh le lucht an Chomhchúnta, agus tá an margadh sin ina mhargadh go fóill. Bíonn na cumainn tuaithe ag gearán na Cuallachta. Ach níl neart ag an gCuallacht ar an scéal. Ní féidir anois leis an gCuallacht ná le cumann tuaithe céachta ná gléas bainte féir, ná gléas buailte arbhair, a fháil in Éirinn, agus tá gléasanna Gallda á gceannach go tiubh acu. Sin eiseamláir eile ar aineolas.

            Sa bhliain 1914, cheannaíomar deich milliún tonna cruithneachta ó thíortha thar lear. Níor fhás milliún tonna cruithneachta in Éirinn sa bhliain chéanna. Níorbh fhiú leis na feirmeoirí cruithneacht a chur, nó bhí siad gan tuiscint san obair, nó gan fuinneamh chun a dhéanta. An rud nach ndéanfaidís dá ndeoin agus ar mhaithe leo féin is cosúil go gcaithfidh siad a dhéanamh ar ball dá n-ainneoin, agus ar mhaithe le Sasana, b’fhéidir. Ní dhéanfaidh na feirmeoirí rud ar Éirinn; déanfaidh siad rud anois ar Shasana.

            D’fhéadfaí fiche eiseamláir eile a léamh ach ní gá an scéal a leanúint. Is follasach go bhfuil gach aicme nach mór sa tír gan suim acu i leas na tíre. Is follasach ón easpa suime go bhfuil siad gan grá dá dtír. Is é an t-aineolas ar Éirinn is ciontach leis an easpa grá d’Éirinn. Ní thig leis an ngrá a bheith ann gan an t-eolas agus dá mbeadh an grá ann mhéadódh sé an t-eolas. Chuirfeadh sé sinn ar lorg eolais agus ealaín a d’fhóinfeadh ar ár mbochtanas agus ar ár laige i gcúrsaí déantúsaíochta agus tráchtála.

             Breathnaítear ar gach clár oideachais agus scoileanna agus in ollscoileanna na tíre agus feictear agus tuigtear fáth an aineolais in Éirinn. Bíonn an crann de réir na slaite. Scoileanna Gallda is ea ár scoileanna, agus Gaeil Ghallda is ea ár lucht maoine, ár bhfeirmeoirí, ár gceannaithe móra, agus ár siopadóirí beaga. Lorgann gach duine a leas féin, bíodh gurb é ar aimhleas na tíre an leas sin. Bíonn an tsaint agus an t-éad dár mbrostú agus dár milleadh agus sinne go léir ag milleadh faoina chéile agus faoin tír.

            Is fíor agus is rófhíor go bhfuil seasamh an Ghalldachais ar an aineolas. Tuigtear sin go dianmhaith do na boird oideachais agus ní fearr leo toradh ar obair oideachais in Éirinn ná aineolas ar Éirinn. Tá stair na hÉireann á díbirt anois acu. An t-eolas a chothódh aigne na n-óg agus a chuirfeadh a gcroí ar lasadh le grá dá dtalamh dúchais, ní thabharfar an t-eolas sin dóibh más féidir leis an mbord a choinneáil uathu. Tá a ndualgas féin á dhéanamh ag na boird. Sasana a chuir an dualgas sin orthu agus déanann siad i gcónaí mar a ordaítear dóibh. Ta ár ndualgas féin orainn.

Fág freagra ar 'An Claiḋeaṁ Soluis – ‘Gach dream agus gach aicme Ghallda sa tír tá siad gan tuiscint ar stair na sean-Éireann’'