An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (8 Bealtaine 1915)

Uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

8 Bealtaine 8

8                    An Claidheamh.                    Bealtaine 8, 1915

…baineadh sé triail as na haisteoirí. Aon Ghael gur mian leis oíche shultmhar a chaitheamh, ba cheart dó cuairt a thabhairt ar na haisteoirí Dé Domhnaigh…

An Gaeilgeoir Gruama

“Ná bac leis,” is ainm do pháipéar beag bídeach a tháinig ar an saol le gairid. Tá eagla orainn bacadh leis mórán – mar gheall ar an leid a thugann an t-ainm dúinn – ach is maith linn an giota seo faoin “nGaeilgeoir Gruama”.

Hó! Rú! a Ghaeilgeoir Ghruama!

ná bí ag casaoid ’s ag amharc go huaigneach,

Níor cailleadh an Ghaeilge, ’s níor

cailleadh a tuairisc,

“Múscail do mhisneach,” a Ghaeilgeoir Ghruama!

Hó! Rú! a Ghaeilgeoir Ghruama!

Nach gcluin tú na páistí ag comhrá ’s

ag súgradh?

Nach bhfeiceann tú na hÓglaigh ag máirseáil

go huaibhreach?

Hó! Rú! Beir beannacht is bua dóibh.

Hó! Rú! a Ghaeilgeoir Ghruama!

Siúd iad na mílte go grinn is go

stuama

Ag foghlaim na Gaeilge le fonn is

le lúfair

Ag cleachtadh na cainte go hard is go buacach.

Hó! Rú! a Ghaeilgeoir Ghruama!

Tá Gaeilge sa chathair ’s Gaeilge faoin

tuath fós,

Tá Gaeilge sa teampall ’s ar fhaiche

na lúthchleas,

Hó! Rú! Caith uait an ghruaim seo.

Hó! Rú! Is iad na Gaill atá i gcruachás,

Is seoiníní s’againne faoi bhrón is faoi

dhuairceas,

Táid Gaeil go daingean ag cosaint a

ndúiche,

Hó! Rú! Is againn atá buaite.

Hó! Rú! a Ghaeilgeoir ghruama,

Cuir díot an searbhghnúis, bí feasta

go súgach,

Tá an ghaeilge ag borradh i ndeisceart

’s i dtuaisceart

Cad fáth do chnáimhseáil, a Ghaeilgeoir

Ghruama?

Éirígh-se amach is déan tusa do dhualgas,

Labhair leis na páistí; cuir an Ghaeilge

in úsáid –

Cead ag ar naimhde feasta a bheith

buartha

Hó! Rú! Níl feidhm duit a bheith gruama.

Cúrsaí Gaeilge

Léirigh muintir na gCúig Chúige Dráma nua le hÚna bean an Diocsaigh Dé Sathairn.

Tar éis an léirithe bhí céilí mór acu – rincí, ceol is amhráin.


Tá lucht na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ag ullmhú i gcomhair coirme  ceoil a bheas i gCluain Dolcáin

seachtain ón Domhnach seo chugainn. Is amhlaidh a fuair Gaeil na Cathrach cuireadh amach ann agus iarradh orthu an choirm cheoil a chur ar siúl. 


Beidh lucht léinn Choláiste Laighean ag céilíocht oíche an tSathairn seo chugainn i Halla an Chonartha. Oíche Dé Domhnaigh léireoidh na haisteoirí dhá dhráma le Piaras Beaslaoi ag 41 Cearnóg Pharnell.


Tá Peadar Ó Domhnalaighe tofa mar thimire Gaeilge do Chúige Uladh. Tá seal mór fada curtha isteach ag Peadar in obair na Gaeilge. Is as Tír Eoghain dó. Chaith sé cúig bliana ag múineadh Gaeilge i gContae  Ros Comáin, agus tá sé ag obair in Iarmhí le dhá bhliain anuas. Ceoltóir breá agus rinceoir aerach is ea é.


Beidh slua ag Gaeilgeoirí óga Bhaile Átha Cliath sa Pháirc Dé Domhnaigh. Tiocfaidh amach le cheile ina mórshiúl agus beidh píobaire á gcinnireacht. Déanfar súgradh agus féasta agus siamsaí sa Pháirc.


Is gearr go mbeidh Feis Locha gCarman buailte linn, coicís ón Domhnach seo chugainn. Is clos dúinn go bhfuil an aimsir curtha faoi árachas ag Coiste na Feise.


Tá léitheoirí Gaeilge ag cur fáilte roimh chéadleabhar Sheaghain Mhic Mheanman. Beidh “Seáinín Seabhaic” ina ábhar leabhar roimh lár an tsamhraidh.


Éire sa tSean-Aimsir

Le Caitlín Nic Ghabhann

(Duais-aiste an Oireachtais 1914)

Na Tithe – (ar leanúint)

Bhíodh éadach álainn orthu ag dul ar na haonaigh dóibh. Bhíodh gúnaí fada go troigh ar na mná agus brait fhairsinge, daite go breá. Bhíodh deilgní nó bróistí luachmhara d’ór nó d’airgead, agus clocha soilseacha iontu, ag ceangal na mbrat, agus bhíodh ornáideacha eile thar a muineálacha agus faoina gcom agus ina gcuid gruaige. Bhíodh círe deasa acu freisin. Bhíodh bróga d’umha geal nó de leathar orthu agus iad greanta go hiontach. Bhíodh filleadh beag go glúine ar na fir agus brait daite; bhíodh bioráin luachmhara ar nós cuid na mban á gceangal siúd. I dteannta na gcomórtas úd bhíodh scéalaíocht agus filíocht, rásaí, agus gach uile shórt caithimh aimsire, agus díol agus ceannach, ar siúl – thagadh ceannaithe anall as críocha i gcéin i bhfeighil a ngnó ar aonaigh na hÉireann. Dhéantaí dlíthe a fhógairt, agus d’ordaítí cíos-cháin freisin ag na cruinnithe seo.

I gcarbaid ba ghnáthaí le daoine saibhre triall ar an aonach. Bhíodh carbaid chompordacha, a mbíodh cúisíní agus brait chlúmhacha iontu, acu siúd. Théadh go leor eile ar mhuin capaill agus ní bhíodh aon diallait ar na capaill acu. Bhíodh na bóithre go maith agus droichid adhmaid trasna na n-aibhneacha. Duine ar bith a mbeadh a chuid talún leath-thaobh cinn de na bóithre, bhíodh air cuidiú lena choinneáil i dtreo.

Eilís Nic an Bhaird

Tá Eilís Nic an Bhaird tar éis teacht go Baile Átha Cliath ó Londain. Ní raibh éinne sa Chonradh thall níos dúthrachtaí ná Eilís in obair na Gaeilge, ná aoinne is mó a labhródh Gaeilge nuair a bheadh gá le caint. Tá brón ar a cairde í a bheith imithe uathu ach tá fáilte roimpi i mBaile Átha Cliath agus roimh an gcroíúlacht a thug sí léi anall.

Pósadh Dea-Ghaeil

An chéim a thug Muircheartach ó Seaghdha le déanaí cuirfidh sé áthas ar a chairde go léir. Is beag Gael i gCúige Mumhan a bhfuil níos mó déanta aige ar son na Gaeilge ná mar atá déanta ag an Muircheartach – tá sé ar a chumas mórán maitheas a dhéanamh mar oide scoile agus tá sé á dhéanamh aige. Tuilleadh dá shórt atá ag teastáil in Éirinn.

Fág freagra ar 'An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (8 Bealtaine 1915)'