An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (3 Aibreán 1915)

Uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris “An Claiḋeaṁ Soluis”

C Solais

Uimhir 888                    Cláraithe mar pháipéar nuachta                    Aibreán 3 1915                    Pingin

Cúrsaí an tSaoil

Obair do Mhná

Tionscal na mBeach

Ba dheacair ábhar súgartha níos taitneamhaí a fháil ná tionscal na mbeach. Ní bhaineann puinn saothair leis agus as an ngnó is féidir cur go maith le teacht isteach na tíre seo. Tá an dúiche seo oiriúnach go maith do bheacha. Cúitíonn an aimsir ar a chéile dóibh agus an mhil a bhailítear ar bhláthanna agus ar an bhfraoch in Éirinn bíonn sí ar fheabhas chun bia, agus ní gearánta dá cáilíocht leis mar leigheas. Toisc folláine na dúiche seo is annamh riamh a bheireann galar na beacha agus téann sin chun tairbhe na meala go mór.

Ionad don Choirceog

An ball is oiriúnaí do bheacha in aice falla nó claí ar thaobh na fothana; is é sin iad a bheith leis an deisceart agus dá mb’fhéidir é toir nó sceacha nó crainn a bheith cóngarach.
Bhí an samhradh go maith acu i mbliana. Fuarthas trí saithe a cuid de na coirceoga; dhá cheann a cuid eile; ceann amháin a cuid eile, agus cuid acu nár thug aon ní in aon chor toisc iad a bheith ró chaite tar éis an dúluachair. Gach saithe a d’éirigh i dtosach an tsamhraidh thug sí mac shaithe ina dhiaidh sin agus bhí cuid acu a bhí go maith láidir agus thugadar dhá mhac shaithe uathu.

Bia do na beacha

Bhí aon ní amháin ag cur cosc lena saothar. Tháinig an briseadh buille beag luath ar an soineann. Mar sin féin tá a lán bia bailithe acu sna coirceoga ach amháin na saithe a d’éirigh i ndéanaí an tsamhraidh agus i dtosach an fhómhair. Tá cuid acu sin is is baolach go gcaithfear dul ina gcabhair le roinnt bia. Siúcra is minice a thugtar dóibh. Ní dhéanfadh mil an gnó in aon chor mar dá mbeadh taithí na meala mar sin acu dhéanfadh sé gadaí díobh is is amhlaidh a rachaidís ag creachadh na gcoirceog eile in ionad dul amach ag soláthar dóibh féin.

Sochar

Bhí airgead maith ar mhil i mbliana mar le bliain go raibh an samhradh go maith. Dá mb’fhéidir margaí meala a chur ar bun i mbailte na hÉireann chabhródh sin le breis glaoch a fháil don mhil.
Is ait mar a éiríonn na beacha chun saithe. Ní foláir do dhuine súil a coimeád orthu féachaint cad é an áit a aimseodh siad. Ar géag crainn nó toir aitinn is mó a thuirlingíonn siad. Caithfear coirceog fholamh a fháil agus í a ghlanadh go maith ar eagla aon bholadh míbhlasta a bheith inti a chuirfeadh an ruaig ar na beacha ar ball. Is gnách an choirceog a ghlanadh le fíoruisce fuar agus bileoga sailearnach meascaithe ann. Tugann an tsailearnach boladh sobhlasta di. Nuair a bhíonn na beacha go léir bailithe le chéile agus an choirceog i dtreo beirtear ar an gcoirceog sa láimh chlé agus tugtar searradh nó dhó chun na mbeach d’fhonn iad a bhogadh dá ngreim agus a chur isteach sa choirceog a bhíonn thíos fúthu.

An Bhanríon

Ná déantar dearmad ar bhanríon na saithe a bhailiú isteach leo mar ní fhanfadh na beacha sa choirceog gan an bhanríon a bheith ina ceann orthu. Nuair a bhíonn na beacha sa choirceog iompraítear ar a béal í agus cuirtear ar leac ar an talamh í agus blúire éadaí bháin in airde uirthi mar chomhartha do na beacha chun dul isteach inti. Ardaítear taobh de bhéal na coirceoige le mion chloch chun slí a thabhairt do na beacha ar theacht amach ar dhul isteach dóibh. Ar theacht na hoíche aistrítear an choirceog go dtí pé ionad atá ceaptha ar í a fhágáil ar fad.
Ní foláir don duine atá ag déanamh an ghnó sin a haghaidh agus a ceann a chlúdach agus péire stocaí a tharraingt aníos a dá láimh. Ach an té a bhíonn i dtaithí an ghnó is róbheag aici dul ina measc gan a lámha a chlúdach mar ní dhéanfaidh na beacha pioc díobhála mura dtéitear in achrann leo. Tá a lán rudaí eile ag baint le soláthar saithe ach má dhéanann an duine an chomhairle atá anseo romham a chur i gníomh ní bheidh a saothar in aisce aici.

Cáit Ní Dhonnchadha

Conamara

Le Pádraig Ó Domhnalláin

Atá orainn ár mbád a shacadh amach ar na tonnta arís agus Inis Mhac Uí Chuinn a bhaint amach. Tá cóir linn an fheacht seo, agus Peadar agus Máirtín ag iomramh go fuinniúil. Tosach an bháid ag déanamh claise san uisce. Sinn ar bharr toinne anois. Sinn idir dhá thonn ar an ala. Faitíos orainn go mbeidh caraíocht ann ar fhilleadh dúinn. Tá meáchan ag teacht sa ngaoith, agus an loch ag breathnú gairgeach, glas agus corr cuaifeach lenár gcúl. Máirtín ag insint faoi oíche gharbh nárbh fhéidir leis baile a dhéanamh, go raibh air Bróintín a thabhairt air féin agus codladh faoi scáth na gcrann, gur beag nár dallraíodh é leis an bhfuacht, go mionnódh sé go bhfaca sé bean, ríchosúil le banríon, i gcarbad agus í ag tiomáin dhá each faoi, ar bharr na dtonn, go raibh sé ag déanamh lae tráth a thug sé faoi deara í, agus go raibh sé chomh cinnte de is go raibh méar air. Ní chreidfeadh Peadar é, agus dúirt leis gan a bheith ag déanamh pleidhce dhe féin, nó ar mheas sé gur amadáin a bhí ag éisteacht leis! Ach bhí Máirtín dearfa agus ní shin amháin ach oíche eile chaith sé amuigh go dtáinig dhá eascann aníos as an loch, agus gur ionsaíodar a chéile go raibh an loch dearg lena gcuid fola, agus ar a choinsias! Go raibh moing ar cheann acu chomh mór le moing chapaill Tom Uí Fhátharta; go raibh sin, agus ní shin amháin, ach go bhfaca sé oíche eile…

Fág freagra ar 'An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (3 Aibreán 1915)'