Márta 27 An Claidheamh 3
Céard é an dream is mó atá ag marú na Gaeilge faoi láthair agus á cur ó bheith á labhairt agus á scríobh? Ní thiocfaidh na húdair lena chéile faoin gceist sin. Is é rud a deir dream acu i. gurb é Rialtas Shasana atá ag a dhéanamh. Deir dream eile gurb í an chléir agus dream eile gurb iad lucht teagaisc na scoileanna is ciontach. Is féidir cuid den fhírinne a bheith ag gach dream díobh sin ach is é mo bharúil féin nach bhfuil aon dream ann is mó atá ag marú na Gaeilge faoi láthair ná lucht labhartha na Gaeilge ó dhúchas. Conas sin? Tá seanfhocal ann – “mol an óige agus tiocfaidh sí” ach maidir le Gaeilge, is é leagan atá ar an seanfhocal ag Gaeil – “Cáin an óige agus ní thiocfaidh sí.” Má thagann Béarlóir isteach in aon áit in Éirinn ní thugtar faoi deara a chuid Béarla agus ní cháintear é, dá dhonacht an Béarla atá aige nó dá aistí an blas atá air. Ach ar theacht do dhuine de lucht foghlama na Gaeilge i measc na nGael, ní baileach a bhíonn a bhéal oscailte agus focal Gaeilge labhartha aige nuair a bhíonn cainteoir éigin ó dhúchas ag tabhairt maslaí agus achasáin dó nó ag déanamh trua dó faoina dhonacht is atá an Ghaeilge aige. “Ara, an dóigh leatsa go bhfuil Gaeilge agat?” “M’anam nach bhfuil agatsa ach Gaeilge bhriste.” “‘I nDomhnach, ní bheidh Gaeilge agatsa go deo.” “Muise, níl an Ghaeilge cheart agatsa in aon chor.” “Tá canúint ar do chuidse Gaeilge.” Agus mar sin de. Sin é an port a bhíonn acu agus mura duine daingean dána an mac léinn is gearr go mbaintear an croí agus an misneach as agus go n-éiríonn as an nGaeilge ar fad. Ní fhaightear aon locht ina chuid Béarla agus ní mian leis a bheith ina cheap magaidh ná ina dhíol trua ag Gaeil. Is iomaí duine dúthrachtach a d’éirigh as an nGaeilge ar an ábhar sin. Agus tar éis an tsaoil is minic is ag an mac léinn a bhíonn an ceart. Is iomaí canúint atá ar gach focal nach mór, cuid acu ceart agus cuid acu bunoscionn ar fad le sanasán agus litriú an fhocail. Ach an cainteoir ó dhúchas, a chónaíonn sa mbaile gan baint aige le muintir na gcúigí eile agus atá aineolach i léamh agus scríobh na Gaeilge, measann sé nach féidir aon chanúint a bheith ceart ach an chanúint atá ina bhaile dúchais féin agus ní binn leis aon fhocal nó leagan a chloisteáil ach na cinn atá aige féin. Dá bhrí sin is minic a cháineann sé an mac léinn bocht mar gheall ar fhocal nó ar leagan atá ina láncheart ag an mac léinn agus bunoscionn ar fad aige féin má tá sé aige ar chor ar bith. Cuireann sin i gcuimhne dom timire de Chonradh na Gaeilge – togha Gaeilgeora is ea é – a bhí ag caint ag cruinniú i gcontae nach contae dúchais dó. Bhain sé go leor úsáide as an bhfocal “freisin”. Ní raibh an focal sin ag muintir na háite agus b’in é an focal ba mhó a thugadar faoi deara san óráid agus dá bharr sin ba é a mbarúil nach raibh Gaeilge cheart ag an timire agus cailleadh a chlú agus a cháil mar Ghaeilgeoir san áit sin! Dúradar gurb í sin an “Ghaeilge nua” a bhí na scoláirí a dhéanamh i mBaile Átha Cliath!
Na Gunnaí Móra
Ach is deacair milleán a chur ar dhaoine gan mórán eolais agus an gnó céanna ar siúl ag scoláirí maith, agus ollúna agus eile. Ní dhéanann an drong úd faic chun scríobh na Gaeilge a chur chun cinn. Ligeann siad a scíth go socair sásta nó go bhfuil sé de dhánacht ag duine mí-ámharach éigin leabhar Gaeilge a chur amach. Ansin is ea a bhíogann siad as a suan. Beireann siad ar an leabhar. Go mórmhór más i gcanúint nach canúint dóibh ƒein atá sé scríofa ní foláir leo léirmheas cáinteach a scríobh ina thaobh. Léann siad leathanach nó dhó agus tá ábhar léirmheasa acu! Dá airde na smaointe atá sa chuid eile den leabhar, dá fheabhas an modh scríofa, dá chlisteacht an chaoi a bhfuil an scéal curtha le chéile, is cuma sin uile má scríobhann an t-údar “a bhí” in ionad “do bhí”, “tháinig” i leaba “táinig” nó “thug” in áit “tug”. Cáintear é agus ansin is dócha nach mbeidh sé de mhisneach aige aon leabhar eile a scríobh.
Cuireann nós na droinge sin i gcuimhne dúinn na focail a scríobh an Céiteannach ag cur síos dó ar lucht cáinte na hÉireann agus ag a gcur i gcomparáid leis an bpriompallán – “Is ea, iomorra, is nós don phriompallán an tan a thógfas a cheann sa samhradh, a bheith ar foluain ag imeacht, agus gan cromadh ar mhionscoith dá mbí san machaire, nó ar bhláth dá mbí i luibhghort, géimadh rós nó lile uile iad, ach a bheith ar fuaidreamh go dtéann bualtrach bó nó otrach capaill ris, go dtéann siad dá únfairt féin iontu.” Mar sin do lucht cáinte na scríbhneoirí Gaeilge mar an gcéanna. Ní cromadh ar áilleacht an leabhair nó ar na hardsmaointe atá ann a dhéanann siad ach ní foláir leo locht a fháil i bponc beag gramadaí nó i leagan éigin nach dtuigtear ina ndúiche féin, ag tabhairt feabhais an leabhair i ndearmad. Sin é an dóigh ar cuireadh stad beagnach le scríobh na Gaeilge mar ní lú le hÉireannach an sioc ná a bheith ina staicín áiféise os comhair an tsaoil, bíodh go dtuilleann nó nach dtuilleann sé an magadh. Tá a fhios agam duine a bhfuil leabhar amhrán Gaeilge le ceol réidh aici le cur amach ach ní féidir léi duine a fháil leis na focail Ghaeilge a chur in eagar ar eagla an luchta cáinte úd.
An Dúil Nime
Drochshampla eile a bheireann an cainteoir ó dhúchas uaidh trés an (i.e. tríd an) dúil nimhe a bhíon aige i mBéarlóireacht. Tá daoine ann a bheadh ag treabhadh na talún mura mbeidh Gaeilge a bheith acu agus a bhfuil poist mhóra agus tuarastal maith acu dá bharr sin agus focal Gaeilge ní labhróidís ar bhás an domhain lena ndaoine muinteartha féin. Arna chloisteáil sin do na daoine bochta ní hionadh go n-abrann siad “Tá Gaeilge sách maith d’fhear an bháinín ach, ar ndóigh, níl sí sách maith d’ollamh Gaeilge ná do dhaoine léannta.”
Is intuigthe as an méid atá ráite agam gurb é an cainteoir ó dhúchas an namhaid is mó dá bhfuil ag an nGaeilge ar an aimsir seo. Tá sé ag éirí as an nGaeilge a labhairt agus ag cur stad le daoine eile á labhairt agus á scríobh. Tá sé ag tógáil a chlainne gan Gaeilge agus ní hé sin amháin ach le drochmheas uirthi. Ní bhíonn meas aige uirthi ach de réir mar atá airgead le baint aisti. Dá mbeadh an sprid cheart ann níorbh fhéidir le rialtas ná le heaglais ná le scoil bás a imirt ar an teanga go deo.
Cothrom na Féinne
Nuair cheannaíonn tú an Claidheamh cabhraíonn tú le cúis na Gaeilge. Tá do chabhair uainn anois