Uimhir 903 Cláraithe mar pháipéar nuachta Iúil 17, 1915 Pingin
Cúrsaí an tSaoil
Inis Ceithleann agus Cill Scíre
Níl duine dá raibh ag cur suime i mbarúil mhuintir na hÉireann faoi cheisteanna móra poiblí le cúpla bliain nár thug faoi deara gur lú an tsuim a bhí sa Ghaeilge le tamall ná mar a bhí roimhe sin. Le cúpla bliain tá trom-shuan ar lucht na Gaeilge. Dar liom gur furasta fáth agus cúis an trom-shuain sin a mhíniú. Ach ó tharla go bhfeictear dom go bhfuiltear ag múscailt as, ní thabharfaidh mé iarracht ar bith ar mhíniú a dhéanamh air anseo: is éard a dhéanfaidh mé, cuntas beag a chur síos ar an múscailt a thug mé faoi dear cúig nó sé de laethanta a chaith mé faoi Inis Ceithleann agus faoi Chill Scíre.
Inis Ceithleann
Lá Fhéile Peadar agus Pól a bhíonn an fheis in Inis Ceithleann. Ar chuireadh lucht na feise chuaigh mé ann i mbliana a dhéanamh scrúduithe ar na scoileanna. Tá na mná rialta agus na bráithre ar an mbaile mór agus iad ag teagasc na teanga. Cainteoir maith Gaeilge uachtarán scoil na mbráthar, agus scoláire atá ag foghlaim go dúthrachtach an bráthair atá os cionn na ngasúr a bhí faoi scrúdú agamsa. Tá cuid de na mná rialta chomh dúthrachtach faoin teanga is a casadh orm in áit ar bith riamh.
Lá bhí cúpla duine acu ag fáil bháis le tamall a chaitheamh i gCloich Cheannfhaola. Tá cead easpag na Deoise acu anois, agus is dóigh go rachaidh siad ann. Tá suim mhór acu, ar dhóigh ar bith, i gCloich Cheannfhaola, mar is beag bliain ó osclaíodh an Coláiste ann nár chuir siad scata chuici. Agus tá siad leis an rud céanna a dhéanamh i mbliana. Nuair a bhí mise sa scoil acu, bhí ceol is Gaeilge ar siúl a chuirfeadh maise ar dhuine. Idir scoil na mban rialta agus scoil na mbráthar ba léir dom nach trom-shuan ach múscailt a bhí romham in Inis Ceithleann.
Taobh amuigh de na scoileanna tá scata beag de stócaigh – agus de ghirseacha fosta creidim, cé nár casadh ormsa iad – a bhaineann leis an dream a thuigeann le náisiúntacht an rud a thuig Tomás Daibheas agus cuid de fhealsúnaigh na hEorpa lena linn léi, agus an rud a thuigeann mórán de sheanchaithe an lae inniu léi. Iadsan is mó atá ag déanamh obair na feise. Ní abraim gur duine acu Proinséas Ó Dubhthaigh, ach gan Proinséas Ó Dubhthaigh agus an sagart Mac Cearbhaill níl a fhios agam cad é mar a dhéanfaí obair Fheis Inis Ceithleann ar chor ar bith.
Taobh amuigh den bhaile, i Ros Domhnaigh, tá fear de mhuintir Chorragáin ina mháistir scoile. Ní mór a scoil le hamharc uirthi, ach is mór le rá obair Uí Chorragáin inti le ceathair nó cúig de bhlianta. Ó dheas ar an taobh eile den bhaile tá Tomás Ó Máirtín ag teagasc cóngarach do Lios na Sceach. Beirt de scoláirí Chloich Cheannfhaola Ó Máirtín agus Ó Corragáin.
Cill Scíre
Is fada cuireadh agam ón sagart Mag Uidhir go Cill Scíre, ach níor tháinig liom ar ghabháil ann riamh go ndeachaigh mé ann an iarraidh seo ar ghnóthaí. Fear iontach an sagart Mag Uidhir. As an óige atá a dhóchas. Tuigeann sé tairbhe an oideachais. Le beagán blianta bhí scoileanna oíche ar obair aige ina pharóiste. Agus d’éirigh leis costas na scoileanna seo a fháil ón mBord Náisiúnta. Is é nós lucht stiúrtha an oideachais i Sasana ligean do dhuine nó de dhream daoine scoil a chur ar bun; agus nuair atá sí curtha ar bun cuidiú léi. Tá lucht stiúrtha an oideachais in Éirinn ag déanamh aithris ar lucht stiúrtha oideachais i Sasana sa mhéid seo. Nós inmholta ag an dá dhream é. Ar an ábhar gur dóigh gur tairbhí do dhuine an obair a gcuireann sé féin tús léi ná an obair a chuirfeadh duine nó dream eile ar bun dó. Ach tá contúirt gur lú an t-airgead a bheidh le fáil feasta ar son oideachais sa tír seo ná mar a bhí, mar gheall ar na fiacha a bheidh ar Shasana ar son an Chogaidh.
Tuigeann an sagart Mag Uidhir chomh riachtanach is atá sé cuideachta is spórt a bheith ag daoine óga. Chonaic mé sagairt ag seinm ceoil do dhamhsóirí ag céilí; chonaic mé sagairt ag gabháil ceoil ag céilí; chonaic mé sagairt ag stiúradh céilí; ach is é an sagart Mag Uidhir an chéad sagart paróiste a chonaic mé mar Master of Ceremonies ag céilí. I dTrí Liag a bhí an céilí. Bhí cuid de scoláirí Anna Ní Oisín aige ann, agus bhí a fhios aige cá mhéad amhrán Gaeilge a bhí ag gach duine acu. Deireadh na céilí i gcónaí an Paidrín.
Fág freagra ar 'An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (17 Iúil 1915)'