An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (10 Aibreán 1915)

Uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris “An Claiḋeaṁ Soluis”

An Claíomh Solais

Uimhir 889,                     Cláraithe mar pháipéar nuachta                     Aibreán 10, 1915                     Pingin

Cúrsaí an tSaoil

Slógadh ag Fianna Fáil

Rugadh rud maith in Éirinn nuair a rugadh Óglachas atá bliain go leith ó shin ann. Bhí eagla ar a lán go ligfí ar ceal arís é ach an slógadh a bhí i mBaile Átha Cliath Domhnach Cásca chruthaigh sé nach baol dó. Ba mhór an slógadh a bhí ag na hÓglaigh Náisiúnta Dé Domhnaigh. Níor facthas (ní fhacthas) a chomh-mhaith de shlógadh riamh in Éirinn agus is fada ó bhí cead ag Gaeil teacht le chéile mar a tháinig siad. Ná misneach ag taoisigh Gael a leithéid a dhéanamh. Nuair a thagann an t-am tagann an chlann agus nuair a fríth (fuarthas) an fhaill cuireadh an tArm Gaelach ar bun. Guímid saol agus sláinte dó agus ciall agus misneach dá dtaoisigh.

Bhí an aimsir go hálainn ar fad Dé Domhnaigh. Bhí an spéir go geal agus an ghrian go soilseach. Bhí an ghaoth pas beag láidir ach bhí sí go deas úr freisin. Ag triall ar an bPáirc do dhuine cheapfadh sé go raibh aghaidh mhuintir na cathrach go léir ar an ionad céanna. Bhí óglaigh ag teacht go tiubh ina gcách is ina gcath ó phoirt na mbóithre iarainn (stáisiúin traenach). Ba mhisniúil fearúil an chosúlacht a bhí ar gach cath acu. Cultacha saighdiúra ar a lán acu. Gunnaí ag mórán acu. Iad ag siúl i dtiúin agus buíonta ceoil á dtreorú is á spreagadh. Tháinig cathanna aneas óna Déise, ó Chorcaigh, ó Thiobraid Árann is ó Luimneach, agus tháinig cathanna eile aduaidh ó Ultaibh is beagán aniar ó Chonnachta.

Nuair a bhíodar ar fad tiomsaithe ar mhachaire mhór na Páirce chuirfidís iontas agus áthas thar choimrigheacht (= choitiantacht) ort lena mbreáthacht is lena líonmhaireacht. Ní rabhadar ar fad cleachtach go maith ar chúrsaí ná ar obair armála, ach bhí an mianach iontu agus an rud ba mhó ar fad dá mbaineann leo, ba iad Fianna Fáil iad, ba le hÉirinn féin iad. Ba é an bhratach ghlas agus níorbh é an bhratach chrosach a bhí ag foluain san aer os a gcionn. Níor fhéad aon Ghael gan a bheith ríméadach astu. Ní raibh acu ach aon rún amháin – a ceart féin a bhaint amach d’Éirinn agus í a chosaint ar aon dream a dhéanfadh iarracht ceart a choinneáil uaithi.

Níorbh fheasach dúinn i dtosach cén fáth a bhí le slógadh an Domhnaigh. Dúirt an Réamonnach gur thaispeáin an slógadh don Rialtas go bhfuil Fianna Fáil ann fós, agus iad go láidir líonmhar freisin. D’fhéadfaidís, ar sé, an obair a dhéanamh a bhfuil fiche míle den Arm Dearg (nó an tArm Buí) ina bhun faoi láthair agus ligean don fhiche míle sin imeacht as Éirinn thar sáile in aghaidh na Gearmáine. D’fhéadfaí ciall agus múineadh eile a bhaint as an gcaint a dúirt Seán Diolúin Dé Luain. Dúirt sé nach scaoilfear na Fianna go deo arís; go mbainfeadh siad Rialtas Dúchais amach agus go gcosnódh siad é nuair a bheas sé againn. Is mó áfach a thaitníonn an cineál sin cainte leis an slua agus is mó an mhaitheas a dhéanfaidh sé d’Óglachas.

Níor iarr aoinne de na taoisigh ar na Fianna ná níor mhol dóibh dul san Arm Dearg. Is cosúil dá réir sin go bhfuiltear leis na Fianna a láidriú is a ullmhú is a bhuanú. Má tá an intinn sin ag na taoisigh beidh saol in Éirinn ar ball. Beidh dhá dhream de na Fianna againn, ach ní in aghaidh a chéile a bheidh siad ach ar ghualainn a chéile san obair a ghabhadar orthu an chéad lá. Ní gá aon éad a bheith eatarthu ná drochamhras ar a chéile, mar is ar mhaithe le hÉirinn atá an dá dhream acu. Tá obair mhór le déanamh ag an dá dhream agus tá súil againn go dtabharfaidh siad faoin obair go dílis is go dúthrachtach feasta.

Tadhg Ó Ceallaigh

Caitheamh na Saoire

D’éirigh Pádraig Ó Murchadha deich nóiméad go díreach roimh a dó dhéag maidin Dé Domhnaigh. Chuir uime go mear agus tháinig anuas na staighrí de dhá léim. Glaodh ar bhean an tí “bolgam tae” a leagadh chuige gan mhoill nó go gcaillfeadh sé an tAifreann. “Mo sheacht mallacht duit, a scraiste,” ar sise léi féin, ach má dúirt féin leag sí a bhricfeasta chuige. Shlog sé siar an phutóg dubh agus dá chupán tae i dtrí mheandar. Bhuail air a hata. Tharraing chuige a mhaide láimhe agus amach leis. Deich nóiméad tar éis a dó dhéag shroich sé an séipéal. Tháinig sé amach arís roimh cheathrú uaire. Bhuail síos an tsráid mhór. Chonaic sé páipéar nua ar díol. Cheannaigh sé ceann. Abhaile leis. Léigh sé an páipéar cois tine. Páipéar Sasanach ab ea é agus bhí sé lán de scéalta i dtaobh lucht briste an dlí – dlí an rí agus dlí na hEaglaise. Mná nach mbíodh sásta le bithiúnach d’fhear céile agus a ghreamódh iad féin do bhithiúnach eile, agus daoine den tsórt sin (den sort sin) nach raibh beann acu ar Dhia ná ar dhiabhal. Léigh Pádraig an páipéar tríd síos agus tar éis é a bheith léite aige d’airigh sé tuirse éigin aigne air agus shíl gur theastaigh uaidh rud éigin a dhéanamh a chuirfeadh spreacadh ann. Chaith a dhinnéar agus chuaigh amach. Casadh cara leis. Shocraíodar dul go teach pictiúr. Chuadar. Giúdaigh agus Sasanaigh a bhí i mbun an ghnó, ach níor bhac sin iad. Bhí na pictiúir an-bheo gan aon amhras. Chonaiceadar fear ag satailt ar an gCadhsar. Chonaic fear ag éalú le céile fir eile. Chonaic raidhse Gael nach ndéanfadh aon obair ach a chuaigh ag scrapadóireacht thar bhalla ard leathchéad troithe ar airde ar thóir pionta leanna le saor cloiche. Ghoid sé an pionta go healaíonta, bhí an-bhualadh bos nuair a ghoid. Bhuail Pádraig chomh maith le duine. Ní fhéadfadh aoinne ach Éireannach, dar leis, rud chomh cliste a dhéanamh. Faoi cheann uaire mothaíodar go raibh an t-aer an-mheirbh sa teach. Amach leo arís. Bhí an tuirse aigne fós ar Phádraig agus bhí tart mór air freisin. Bhí teach ósta na Cúinne i ngar dóibh. Chuadar ann agus mhaolaíodar an tart sa gcaoi nár theastaigh aon tae uathu tráthnóna. Maidin lá arna mháireach níor ith Pádraig an phutóg dubh a bhí dá bhricfeasta agus níor chaith ach cupán tae. Ar a bhealach síos an tsráid mhór thug cuairt eile ar theach ósta na Cúinne.

Manach

Conamara

Le Pádraig Ó Domhnalláin

Conga na Glóire

“Airgead a’s ór,

Maoin agus sctór,

Níl iontu ach ceo,

I measc daoine.”

Dá mbeadh ceart le fáil is anseo ba chóir d’Ardchathair na hÉireann a bheith. Dar mo bhreithiúnas modhúil féin níl ball eile talún ar fód ghlas na hÉireann chomh hársa aoibhinn ná an limistéar tíre sin idir Uachtar Ard agus Loch Measca. Agus os ceart go mbeadh dlúthbhaint ag stair náisiúin lena Ardchathair cá bhfaighfí í, mura bhfaighfí anseo í. Tuatha dé Danann, Fir Bholg, Clann Mhílí, na Danair, Sasanaigh, Normannaigh, lucht leanúna Chromail. Righnigh siad uile nead anseo. Bhain gach aicme acu a ngreim féin as. Shladadar agus chreachadar…

Tá páipéar nuachta againn sa deireadh. Más maith leat é a bhuanú tabhair lámh chúnta dó.

Fág freagra ar 'An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (10 Aibreán 1915)'