An Claiḋeaṁ Soluis – cár caitheadh an punt Gaelach sa bhliain 1915?

An tseachtain seo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, foilsítear fógraí a bhí in ‘An Claiḋeaṁ Soluis’ i gcaitheamh na mblianta 1915 agus 1916

Níor foilsíodh eagrán den Chlaidheamh Soluis cothrom an lae seo céad bliain ó shin. Bhí lucht Chonradh na Gaeilge gnóthach i nDún Dealgan an tseachtain sin ach b’fhéidir gurbh in an chúis nár cuireadh eagrán i gcló. Ar ndóigh, ba é an tseachtain sin a d’éirigh Dubhghlas de hÍde as uachtaránacht an Chonartha agus bhí go leor cainte agus conspóide ag an am faoin rún a ritheadh ag an Ard-Fheis a laghdaigh an stádas neamhpolaitiúil a bhí ag an gConradh ó bunaíodh é sa bhliain 1893.

Ní fios arbh é an chaoi nach raibh eagrán den Chlaidheamh ann ar chor ar bith nó gur rinneadh gach cóip den eagrán áirithe sin a scriosadh mar gheall ar alt nó tuairim chonspóideach a foilsíodh ann. Níl teacht ar eagrán sheachtain deiridh Mhí Iúil i gcartlann Chonradh na Gaeilge féin agus ní dhéantar aon tagairt d’eagrán na seachtaine sin san innéacsú a rinne an Dr Regina Uí Chollatáin ar an irisleabhar.

Bailithe anseo thíos tá fógraí difriúla a foilsíodh ar imeall na n-alt i gcaitheamh na mblianta 1915 agus 1916. Bhí cuid acu i nGaeilge agus cuid acu i mBéarla agus maireann roinnt de na gnólachtaí a bhí ag fógairt a n-earraí do Ghaeil na linne i gcónaí.

Fág freagra ar 'An Claiḋeaṁ Soluis – cár caitheadh an punt Gaelach sa bhliain 1915?'