An cineál Delta den choróinvíreas is cúis le 55% de chásanna – HSE

Tá dáileog amháin den vacsaín in aghaidh an Covid-19 faighte ag 67% den phobal agus tá an vacsaín ar fad faighte ag 45%

An cineál Delta den choróinvíreas is cúis le 55% de chásanna – HSE

An cineál Delta den choróinvíreas is cúis le 55% de chásanna anois, de réir meastachán Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Deimhníodh 220 cás den chineál Delta sa stát roimh an 12 Meitheamh.

Dúirt Príomhfheidhmeannach an HSE Paul Reid inniu gur “seachtain dhúshlánach” a bhí inti.

Dúirt sé gur údar dóchais a bhí sa bhorradh a bhí faoin gclár vacsaínithe ach go raibh imní ann faoi “scaipeadh agus forlámhas an chineáil Delta den víreas.

“Sílimid go bhfuilimid tagtha slán agus an chéad rud eile bíonn maidhm eile ann chun ár ndea-phleananna a chur ó mhaith…ba chóir dúinn aird a thabhairt ar na foláirimh thromchúiseacha agus ar an méid a d’fhéadfadh tarlú de dheasca an Delta,” arsa Paul Reid.

Tá dáileog amháin den vacsaín in aghaidh an Covid-19 faighte ag 67% de na daoine sa tír agus tá an vacsaín ar fad faighte ag 45%. Cuirfear tús le clár vacsaínithe do dhaoine idir 30-34 bliain d’aois roimh dheireadh na seachtaine seo chugainn.

Dúirt Príomhoifigeach Cliniciúil an HSE, an Dr Colm Henry, gur 96 cás in aghaidh gach 100,00 duine an ráta coicíse den ghalar agus gur 363 cás ar an meán sa lá a deimhníodh le cúig lá anuas.

Dúirt an Dr Henry gur údar misnigh a sheasmhaí is a bhí na figiúirí le roinnt seachtainí anuas agus go raibh an chosaint a bhí á tabhairt ag an vacsaín do dhaoine “iontach”.

Dúirt Paul Reid gur tháinig ardú 30% ar líon na dtástálacha a rinneadh le seachtain anuas i gcomparáid leis an tseachtain roimhe seo agus go raibh toradh dearfach ar 2.7% de na tástálacha.

Dúirt sé go raibh an ráta náisiúnta ag fanacht socair faoi bhun 100. Bhain 83.5% de na cásanna le coicís anuas le daoine faoi bhun 45 agus 26 an mheánaois.

Is i nDún na nGall atá an ráta is airde sa stát agus 221 cás in aghaidh gach 100,000 duine ansin le coicís.  I Luimneach (185) atá an dara ráta is measa agus i bPort Láirge (166) atá an tríú ráta is airde sa stát.

Fág freagra ar 'An cineál Delta den choróinvíreas is cúis le 55% de chásanna – HSE'