An cineál cluiche atá uait mar chlabhsúr ar an séasúr

Má tá aon fhoireann sa taobh seo den domhan in ann stop a chur le Glaschú, sin  foireann Leo Cullen

An cineál cluiche atá uait mar chlabhsúr ar an séasúr

Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Díreach mar a bhí súil leis, ní raibh mórán stró ar na foirne a bhí ar bharr Ghrúpaí A agus B, sin Glaschú agus Cúige Laighean, ag deireadh réamhbhabhtaí an Pro 14 a gcuid áiteanna a chinntiú sa gcluiche ceannais a bheas á imirt i nGlaschú an Satharn seo. 

Go deimhin ba chúis náire do na hUltaigh an drochiarracht, gan sprid gan caoi a chonaic muid uathu siúd agus iad i gcoinne Ghlaschú sa mbabhta leathcheannais ar an Aoine seo caite. Is cinnte gur chúis imní d’fhoireann bhainistíochta an Pro 14 go raibh foireann a d’aimsigh áit i measc na gceithre fhoireann a bhí ar bharr an tábla ag imirt chomh dona sin i gcluiche leathcheannais. Is dona an bholscaireacht é d’aon chomórtas má bhíonn bearna tríocha pointe (50 in aghaidh 20) idir na foirne i gcluiche ar bith. Ní hamháin sin ach ní dóigh gurb é an easpa iomaíochta a chonaic muid ó Chúige Uladh an cineál réamhullmhúcháin a bhí ó Ghlaschú mar réiteach don chluiche ceannais.

Ar ndóigh bhí foireann Ghlaschú féin thar barr ar fad i gcoinne na nUltach.  Níor ghéill siad orlach don fhreasúra ón gcéad nóiméad go dtí an t-ochtú nóiméad.  Bhí an lámh in uachtar acu i ngach gné den imirt. Ní hamháin gur bhris siad croí Chúige Uladh ach thug siad le fios freisin go bhfuil siad dírithe go hiomlán ar chraobh an chomórtais seo a thabhairt leo.

Más aon chomhartha an imirt a chonaic muid uathu an Aoine seo caite beidh sé deacair iad a stopadh. Mar sin féin má tá aon fhoireann sa taobh seo den domhan in ann stop a chur le Glaschú, sin  foireann Leo Cullen. Cinnte bhí muid ar fad díomách maidir le hiarrachtaí Chúige Laighean i gcluiche ceannais Chorn na gCuradh coicís ó shin ach is port eile ar fad a chonaic muid uathu i gcoinne na Muimhneach an Satharn seo caite. Cé nach raibh an cluiche idir Cúige Laighean agus Cúige Mumhan leath chomh leataobhach agus a bhí an ceann idir Cúige Uladh agus Glaschú, bhí na curaidh i bhfad róláidir d’fhoireann Luimnigh.

Bhí smacht iomlán ag foireann Átha Cliath ar an imirt, go háirithe sa dara leath.  Bhí an chosaint chomh tréan sin nár éirigh le Cúige Mumhan bagairt ar bith a dhéanamh ar líne an úid, iad ag brath go hiomlán ar bhróg Joey Carbery. Bhíodar chomh compordach sin nár ghá dóibh ‘imreoir rugbaí an domhain’, Johnny Sexton a thabhairt chun páirce go dtí nach raibh fágtha le n-imirt ach fiche nóiméad sa gcluiche.

 Níl na geallghlacadóirí féin in ann na foirne seo a scaradh óna chéile roimh thús chluiche an lae inniu a bheas á imirt in Celtic Park, i nGlaschú. Tá de bhuntáiste ag Glaschú mar sin  go bhfuil siad ag imirt ina gcathair féin agus bhí seacht lá réitigh acu i gcomparáid leis na sé lá a bhí ag Cúige Laighean. Ach is iad Cúige Laighean na curaidh, agus seo an t-aon seans atá acu ar chorn de shórt ar bith i mbliana.

Ar ndóigh, is amhlaidh an scéal ag foireann Ghlaschú freisin agus gach seans dá bhrí sin go mbeidh sár-iomaíocht den chaighdeán is airde againn i gcluiche a bheas iontach fisiciúil agus fíochmhar. Seo é an cineál cluiche atá uait mar chlabhsúr ar an séasúr.

Maidir le tuar a thabhairt faoin toradh, céard eile a déarfainn ach go seasaim le mo dhream féin.

Fág freagra ar 'An cineál cluiche atá uait mar chlabhsúr ar an séasúr'