An cic amach agus an cath idir an riarthóir agus an t-imreoir

Tá rud éigin ana-bhunúsach agus ana-spéisiúil ag titim amach le rialacha na caide le tamaillín

An cic amach agus an cath idir an riarthóir agus an t-imreoir

Shaun Patton. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Más fíor gur Márta a mharaíonn na daoine tá marú, leis, ag baint le mí an Mhárta chomh fada is a bhaineann le cuid des na teachtaireachtaí a thagann ó Chomhdháil Bhliantúil Chumann Lúthchleas Gael.

Is dócha gurb é an t-athrú is mó a bheidh i ndán do chluiche na caide tar éis na Comhdhála ná an ceann a bhaineann leis an gcic amach gearr agus leis an méid nach mbeidh ceadaithe feasta ar ghlacadh leis an gcic amach céanna duit.

Ag tosnú le cluichí craoibhe na bliana seo, ní bheidh cead ag aon chúl báire glacadh le seilbh na caide tar éis dó an chaid sin a chiceáil amach, sé sin le rá nach mbeidh cead aige pas a fháil thar n-ais ón té a ghlac leis an gcic amach uaidh.

Tá ciall agus brí leis an riail nua seo agus más é an toradh a bheidh uirthi go mbeidh ar an mbáideoir an chaid a lascáil i bhfad amach faoin ngort le go mbeadh coimhlint cheart don gcaid chéanna, is fearr ná san é.

Is é an áit atá an doiléire agus an mearathal, áfach, ná sa tslí inar tugadh isteach an riail nua. Cé go nglacadh leis an athrú le vóta 62% ar a shon ag Comhdháil CLG oíche Dé hAoine, ní go dtí go dtionóladh cruinniú d’Ard-Chomhairle CLG tar éis na Comhdhála ar an Satharn go dtuigeadh dúinn go mbeadh an t-athrú á chur i bhfeidhm laistigh de mhí cé nach mbeidh cluiche ceannais na sraithe ag deireadh na míosa seo san áireamh.

Taibhsítear dom ná fuil ach beagán le cois míosa ó cuireadh toise eile leis an gcic amach sa mhéid is go ndúradh ag comhdháil speisialta eile i bPáirc Uí Chaoimh i ndeireadh mhí Eanáir go gcaithfeadh gach cic amach dul chun cinn, go gcaithfeadh gach imreoir bheith níos mó ná trí mhéadar déag ón gcic amach, agus go gcaithfeadh an t-imreoir bheith lasmuigh den stua agus den líne 20 méadar agus an cic á thógaint.

Is riail eile í go gcaithfidh an réiteoir bocht a choimeád ina cheann ach ní dócha gurb í seo an riail is deacra a bheidh le cur i bhfeidhm aige.

Is léir ag an bpointe seo go bhfuil dianmhachnamh déanta ag daoine áirithe ar an ngné sin den imirt a bhaineann le ciceanna amach agus seans gur gearr uainn an lá go mbeidh an uile chúl báire ag iarraidh an chaid a lascáil glan thairis lár a’ ghoirt mar a dhein Shaun Patton i gcoinne Mhuineacháin Dé Domhnaigh seo caite agus mar atá déanta ag cúl báire Mhuineacháin féin, Rory Beggan, go mion minic le blianta beaga anuas.

Is deacair breith a thabhairt ar chuid mhaith des na hathruithe atá á gcur i bhfeidhm ar an gcluiche nó go bhfeictear i gceart le linn cluichí móra iad ach deinim amach go gcuirfeadh lucht leanúna Chiarraí fáilte roimis an athrú is déanaí toisc iad ag cáiseamh le tamall ná fuil a gcúl báire féin, Shane Ryan, ag dul i muinín an chic fhada nuair a bhíonn caoi aige chuige. Ba léir arís i bPáirc Mhic Éil Dé Domhnaigh seo caite ná fuil Ryan go hiomlán os cionn a bhuille ag láimhseáil na caide mar chuid de ghnáthghluaiseacht na himeartha. D’eascair báide Eoghain McLoughlin as botún pasála/láimhseála/útamála sa dara leath ó Ryan agus deinim amach, ainneoin na dtreoracha a fhaigheann sé ón dtaobhlíne, go bhfuil cúl báire Chiarraí ar dhuine acu siúd a chuirfidh an-fháilte roimis an cor is déanaí i scéal an chic amach. Cé go bhfuil seilbh na caide ríthábhachtach i gcluiche an lae inniu, seans gur tábhachtaí fós gan cúl a ghéilleadh toisc tú bheith ag útamáil le seilbh na caide céanna. Tugann an riail nua seo cinnteacht éigin do chúl báire giodamach ar nós Ryan.

An rud is nimh do dhuine amháin, is min don nduine eile. Ba dhóigh leat ó bheith ag féachaint ar chúl báire Thír Eoghain, Niall Morgan, an deireadh seachtaine seo caite san Ómaigh go mba bhreá leis go leanfadh an seana-mhúnla ón gcic amach gearr go deo. Is é an sórt báideora é Morgan gur bhreá leis seilbh na caide bheith aige chomh minic agus is féidir agus is cosúil gur cuma leis ach an oiread an chaid a láimhseáil i mbéal a bháide féin agus é ar a chamruathar. Chun a cheart a thabhairt dó, tá sé léirithe go minic chomh maith ag Morgan go bhfuil sé de chumas agus de thiarnúlacht ann an chaid a lascáil 70 nó 80 méadar más dóigh leis gurb in é atá ag teastáil.

Tá rud éigin ana-bhunúsach agus ana-spéisiúil ag titim amach le rialacha na caide le tamaillín. Tá sé ina chath anois idir lucht riartha na gcluichí (go dteastaíonn uathu béim a leagan ar chuid de bhunscileanna na ciceála agus greamaithe na caide) agus lucht bainistíochta agus imeartha na gcluichí a thuigeann níos fearr ná aoinne an luach a cuirtear ar sheilbh thar aon ní eile sa lá atá inniu ann.

Níl sa chor is déanaí i gceard an chic amach ghearr ach an comhartha sóirt nó an speach is déanaí sa chath sin idir riarthóir agus imreoir. Tiocfar ar sheift éigin chun teacht i dtír ar na hathruithe is déanaí agus beidh lucht riartha na gcluichí ag tochas a gcinn athuair ag iarraidh a gcló féin a bhualadh ar an gcluiche guagach.

Ach caithfear cuimhneamh i gcónaí gurb é an cluiche sin an máistir ar an nduine agus ní a mhalairt. Seans gur ansan atá an marú is mó ar fad.

Fág freagra ar 'An cic amach agus an cath idir an riarthóir agus an t-imreoir'