An Ciarraíoch ag cíoradh thábhacht agus tionchar na báistí

Comhghuaillíocht idirnáisiúnta a thug an saothar ‘Báisteach’ seo ar an bport agus é le craoladh ar TG4 agus MG Alba

An Ciarraíoch ag cíoradh thábhacht agus tionchar na báistí

Tá 70% de cholainn an duine déanta de seo agus clúdaíonn sé breis agus 71% de dhromchla na cruinne. Freagra an tomhais? Uisce, gan amhras, agus sí an bháisteach a thug, agus a thugann an t-uisce dúinn. Sa tsraith trí chlár Báisteach (TG4, Dé Céadaoin) tá an t-iriseoir Seán Mac an tSíthigh ag cíoradh thábhacht agus tionchar na báistí ar fud na cruinne; an t-ábhar seo a chuireann “gas ar barra agus rath ar stoc”.

Ní nach ionadh tá pobail ar fud na cruinne faoi gheasa aici bíodh sé ina thriomach nó ina thuile acu; í neadaithe i miotas agus sa seanchas, dá réir.  Go deimhin nach bhfuil pobal Sydney ag broc le tuilte agus t-alt seo á scríobh agam. Is comhghuaillíocht idirnáisiúnta a thug an saothar seo ar an bport agus é le craoladh ar TG4 agus MG Alba. 

Sa chéad chlár deineadh cíoradh ar eolaíocht na báistí agus tugadh geábhanna ar an India, an tSín, Inse Ghall agus South Carolina mar aon le Luimneach, Fear Manach agus Ciarraí le labhairt le lucht léinn is taighde. Thug Séan féin cuairt ar Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha mar ar léiríodh dó an dua a chuireann eolaithe na tíre sin orthu féin le báisteach a chruthú. Mar is dual do chlár den saghas seo bhí déanamh eipeasóideach air agus ní nach ionadh tá míreanna áirithe níos fearr ná a chéile agus ní bheidh an goile ag cách don rabharta eolais eolaíoch.

Sna gálaí atá le teacht beifear ag imeacht ó Inis Oírr go Arizona agus Sceilg Mhichíl. Bhí paistí cainte anseo agus ansiúd i nGaeilge agus Gaeilge na hAlban. Ina measc siúd bhí an mhír leis an eolaí Cormac Ó hÁdhmhaill a labhair linn go heolgaiseach faoi bhunús na báistí. I dtosach aimsire ní raibh aon bháisteach ar feadh na milliún bliain agus de réir mar a d’éirigh domhan níos fuaire agus gur éirigh an ghal thosaigh an bháisteach agus níor stop sí ar feadh trí mhilliún bliain (agus bímid ag cnáimhseán faoi chúpla lá báistí anseo). 

Bhí Cormac i bhfochair Sheáin agus é tabhairt cuairt ar Uaimheanna na hÁirse Marmair i gcontae Fhear Manach, áit a bhfuil radharc ar lorg na mbraonta báistí a thit na cianta ó shin. Aithníonn Cormac gur deise i bhfad na leaganacha Gaeilge aolchoinneal agus aolchuisne ná a macasamhla Béarla, stalactite and stalagmite. Na hiontais bheaga seo ag fás oiread na fríde gach míle bliain. 

Láithreoir caithiseach, cumasach é an Sítheach a bhfuil dorn cláracha téagartha tagtha uaidh i gcaitheamh na mblianta. Déanann sé sinn a threorú go hábalta tríd an saothar idirnáisiúnta breá seo. 

Fág freagra ar 'An Ciarraíoch ag cíoradh thábhacht agus tionchar na báistí'