An chuma ar an scéal go mbeidh ‘socrú beag sealadach eile’ ag teastáil

Ní bheidh fuascailt ón socrú muiníne agus soláthair mar fhéirín don Nollaig ag Teachtaí Dála, ach tá olltoghchán ar an mbealach

An chuma ar an scéal go mbeidh ‘socrú beag sealadach eile’ ag teastáil

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Is minic a dhéantar tagairt don chur síos a rinne Albert Reynolds i 1989 ar an gcomhrialtas idir Fianna Fáil agus na PDs a raibh naimhdeas fíochmhar eatarthu. Temporary little arrangement’ a bhí ann dar le Reynolds a bhí ina aire airgeadais ag an am. Ba bheag taithí a bhí ag Fianna Fáil ar chomhrialtais go dtí sin agus ba mhó ná sin an múisiam a chuir a leithéid orthu ó tharla gurb iad a n-iar-chomhghleacaí Dessie O’Malley agus a chairde a bhí i gceist.

Deich mbliana fichead dár gcionn glactar leis nach bhfuil ach caolseans go n-éireoidh le páirtí amháin móramh iomlán a bhaint amach go deo arís, cé nach bhfuil sé an fhad sin ó chuaigh Fianna Fáil, faoi cheannaireacht Bertie Ahern, gar go maith dó nuair a bhuaigh siad 77 suíochán in 2007.

Dathraigh go leor ó shin de bharr na tubaiste eacnamaíochta agus i leaba comhrialtais tá an Comhaontú Muiníne Soláthair againn idir na sean-naimhde, Fianna Fáil agus Fine Gael. Socrú beag sealadach a bheadh ann a cheap go leor, ceann a bheadh níos sealadaí fiú ná an socrú ar thagair Albert Reynolds dó fadó. Ach tá sé níos láidre mar mhargadh ná mar a síleadh, cé go bhfuil baint nach beag ag an mBreatimeacht leis sin.

Tá polaiteoirí na Dála ar fad ar aon intinn – an rud is annamh is iontach – gur cheart tús áite a thabhairt do leas na hÉireann. Go fóill.

Ach tá scéal an Bhreatimeachta beagnach thart anois agus cé nach mbeidh réiteach iomlán ann go ceann i bhfad is cosúil go bhfuil an bealach chun cinn leagtha amach. Dá bharr sin, tá ag méadú ar an teannas i measc lucht an chomhaontaithe muiníne agus soláthair. Tá sé dhá bhliain ó tuairiscíodh go raibh buíon Teachtaí Dála de chuid Fhianna Fáil den tuairim go gcuirfeadh an chonspóid faoin Tánaiste Frances Fitzgerald agus na sceithirí sna Gardaí deireadh leis an socrú Rialtais. Tá cuid den dream céanna thar a bheith míshásta agus míchompordach i gcónaí go bhfuil siad ag coinneáil an rialtais in oifig.

Is gearr uaidh chaon pháirtí fuascailt ar an míshástacht faoin gcomhaontú muiníne agus soláthair. Ní bheidh an fhuascailt sin mar fhéirín don Nollaig acu, ach tá olltoghchán ar an mbealach. Léiríonn na pobalbhreitheanna gur comhrialtas nó comhaontú mar atá againn faoi láthair atá i ndán dúinn arís. Tá an dá pháirtí mhóra ag faire cén rath a bheidh ar Chomhaontas Glas le súil agus go mbeidh an oiread borrtha fúthu a cheadódh dóibh comhrialtas ceart a bhunú seachas a bheith i dtaobh le meascán mearaí de neamhspleáigh agus páirtithe beaga.

Shamhlófá go mbeadh drogall ar Chomaontas Glas féin roimh chomhrialtas mar gheall ar an scrios a rinneadh orthu an t-am deiridh go raibh siad páirteach i rialtas. Bheadh an drogall céanna, cheapfá, ar an Lucht Oibre nach bhfuil aon rath orthu ó thaobh tacaíochta de ar aon nós. Beidh muid ag súil arís le ráitis neamhbhalbha go luath ón Taoiseach agus ceannaire Fhianna Fáil nach ndrannfaidh siad le Sinn Féin.

Cá bhfágfadh sin muid ó thaobh bunú rialtais? I ndeireadh an lae toil an phobail a bheidh againn, ach is mór é m’amhras go mbeidh orthu breathnú in athuair ar ‘temporary little arrangement’ de shaghas éigin idir na sean-naimhde.

Fág freagra ar 'An chuma ar an scéal go mbeidh ‘socrú beag sealadach eile’ ag teastáil'