An chraobh tugtha leo ag na scannáin Ghaeilge

Rocky Ros Muc, sean-nós agus murdair. Aistear McGuinness le Paisley agus coiriúlacht Bhaile Átha Cliath. Bhí raidhse táirgí Éireannacha againn le bliain anuas agus ba iad na saothair Ghaeilge a thug an lá leo…

An chraobh tugtha leo ag na scannáin Ghaeilge

Song of Granite

Saothar coráistiúil draíochtúil é seo agus ní haon iontas gur roghnaíodh é le bheith san iomaíocht thar ceann na hÉireann d’ainmniúchán Oscar i rannóg na dteangacha iasachta. Táirge ar leithligh a dhéanann léamh impriseanaíoch ar shaol Joe Éinniú; máistir an tsean-nóis. Tugtar éachtaint ar an sean-nós mar fhoirm ealaíne, ar an bpobal/cultúr as ar eascair sé mar aon leis  an oidhreacht a d’fhág fear Charna le huacht.

 

Rocky Ros Muc

Is scannán faisnéise corraitheach, cumasach, mothúchánach é Rocky Ros Muc, saothar a bhfuil i bhfad Éireann níos mó ná dornálaíocht ag baint leis. Go deimhin taibhsíodh dom go minic go raibh an dornálaíocht in áit na leathphingine fad is a bhí cíoradh á dhéanamh ar eispéireas na n-eisimirceach, ciníochas, alcólachas, an nasc leis an bhfód dúchais, an fhéiniúlacht Éireannach/Gaeltachta, coiriúlacht ‘Southie’ agus na deiseanna a imíonn le cúr na habhann a fhágann an duine daonna ag iarraidh greim a bhreith ar a aiféala.  

 

Murdair Mhám Trasna

Ní bheidh seo le feiscint ar scáileán go dtí an bhliain seo chugainn ach táim á chur sa mheá mar gur taispeánadh ag an Oireachtas é. Táirge é seo a dhéanann na tréithe is fearr de sheánraí na faisnéise agus na drámaíochta a chniotáil le chéile.  Saothar stuifiúil, tathagach a thugann éachtaint thomhaiste, chuimsitheach ar dhúnmharú cúigear de mhuintir Sheoige i nDúiche Sheoigeach in 1882. Ina theannta sin déantar cíoradh ar an iomrall ceartais agus an chorraíl idirnáisiúnta a lean. Tá an saothar seo bunaithe ar an leabhar Éagóir le Seán Ó Cuirreáin.

 

Grace Harte

Cúbláil bheag ar siúl arís agam óir gur sraith trí chlár é seo seachas fadscannán. Saothar stuifiúil atá bunaithe ar scríbhinn ó pheann Antoine Uí Fhlatharta. Ón gcéad luí súl is rí-léir don lucht féachana gur scéinséir aigneolaíoch é seo atá teann as féin. Bogann sé ar aghaidh ar a bhogstró agus suan na muice bradaí ann i rith an ama. Taispeántais ábalta ó Kate Nic Chonaonaigh agus Dara Devaney.

 

The Drummer and The Keeper

Is trua go ndéantar an réalachas a bhrú i leataobh ar mhaithe leis an gcríoch shona a sholáthar sa táirge seo mar is scannán ar leith é a bhfuil a léamh féin ar an meabhairshláinte aige.

Cé go dtugtar faoin téama gan fuacht ná faitíos ní bhítear ag píobaireacht linn. Déantar an teachtaireacht láidir a chniotáil leis an ngreann, an ceol agus an daonnacht.

 

Cardboard Gangsters

Scannán a thugann éachtaint ar shaol an choirpigh óig i mBaile Átha Cliath an lae inniu. Faoi mar is dual dó ag an bpointe seo déanann John Connors carachtar téagartha a sholáthar. Feicimid, agus creidimid, san aistear a dhéanann sé, agus leis an gcríoch fhoréigneach ní fhéadfaí a chur i leith na meithle go bhfuil cuma na mealltachta á cur acu ar shaol an choirpigh.

 

The Journey

Tá sé ábhairín ciotach agus cliste go ndéantar turas bóthair samhailteach a úsáid le cíoradh a dhéanamh ar thosach an chaidrimh idir Ian Paisley agus Martin McGuinness. Mar chuid de sin déantar trácht ar chuid de thragóidí agus tubaistí móra na coimhlinte. Cé gurb é an leagan Ladybird de stair a fhaighimid, is táirge réasúnta taitneamhach atá anseo, a bhuíochas sin don bheirt cheann feadhna a thugann taispeántais ábalta uathu.

 

Maze

Caitheann an saothar seo leis an éalú ó phríosún míchlúiteach an teidil i 1983 amhail is gur leagan Éireannach de The Great Escape é. Is sna radharcanna éalaithe is mó atá an saothar os cionn a bhuille agus bíonn tine ar an gcraiceann agus an t-éalú príosúin is mó i stair Shasana faoi lán seoil. Tom Vaughan-Lawlor sa phríomhról.

Fág freagra ar 'An chraobh tugtha leo ag na scannáin Ghaeilge'