An chos dhubh nó an Galar Buí? Bhíodh leigheas ag an nGael air…

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo faighimid cuntas ar na haicídí a bhíodh ann ceithre scór bliain ó shin…

An chos dhubh nó an Galar Buí? Bhíodh leigheas ag an nGael air…

Borradh péiste: Lámh an seachtú mac nó iníon le haghaidh easpa nó cnap. Deirtear má leagtar péist ar lámh an tseachtú mac nó iníon go bhfaighidh an phéist bás ar áit na mbonn.

Scoilteacha: Tá an fheamainn bhuí go maith ach í a róstadh sa tine agus a chur leis an áit a bhfuil an phian.

An chos dhubh: (an cheathrú ghorm) i ngamhna: Gairleog, greim beag ime agus púdar a bhrú le chéile agus a chur isteach i ngearradh sa más san áit a dtagann an aicíd.

An triuch: Bainne an asail a ól.

An bhruitíneach: Gairleog a bhrú agus a chur leis na cosa. Sú neantóige nó fréamhacha neantóige a bhruith agus a thabhairt don othar le n-ól.

Aicíd an chroí: Bonn an bharainn a bhruith le siúcra agus liocras agus é a ól ar an gcéalacan ar maidin, timpeall leathghloine.

Galar buí: Tá luibh anseo le haghaidh an ghalair bhuí ag Mairéad Bean an  Mhaolámhaill i nDumha Dhearc, Gaoth Sáile agus ní inseodh sí d’éinne é. Bláthanna an bhuachalláin bhuí bruite, deirtear go leigheasfadh sé an galar buí.

Carraí: Saill an bhagúin a chur orthu agus an tsaill a bheith chomh tanaí le páipéar.

Bonnbhualadh nó lot: An slánlus a bhrú le min choirce agus a chur mar cheirín air.

Na faithní: Dhá choinlín déag agus cranra i ngach aon cheann acu a chur isteach i bpáipéar agus é a fhágáil ar an mbóthar. An duine a thógfas é gheobhaidh sé na faithní agus leigheasfar an duine eile. Nó dhá choinneal déag a lasadh oíche chinn an dá lá dhéag.

Cáirseán: Inchinn na caorach a bhruith.

Gearradh: Slánlus a bhrú agus a chur air.

Easpa: Fuil rí a fháil ó na mná rialta i dTuaim, Co na Gaillimhe, an comhartha céasta a dhéanamh seacht n-uaire ar an easpa agus ansin é a chur faoi do mhuineál.

Leicneach: A dhul isteach agus amach trí huaire i ndiaidh a chéile i muclach agus a bheith ag rá ag an am céanna “muclach, muclach, chugat do leicneach”.

Tinneas ar bith: Brat Bríde nó cuid de a leagan ar an duine tinn.

Liosta de na tinnis éagsúla

Deilgneach, Sileadh siáin, fiabhras, sgrus, fiabhras dubh, eitinn, fiabhras dearg, grís, fiabhras creatha, carraí, múchadh, casachtach, lagar (flu), tinneas cinn, slaghdán, daigh /dó fiacla, an rua, an rua reatha, dó, snaidhm ar stéig, cléithín, neascóid, croup, piachán, goiríní, cranraí (corns), docht fuail, gágaí, buinneach, oighreacha, bruith an ladhair, tochas, breasalach, fiolún

Pádraig Ó Grudaigh, Dumha Thuama, Iorras, Co Mhaigh Eo

Triuch: An bainne a fhágann an firéad ina dhiaidh is leigheas é ar an triuch. Dul faoi asal bán trí huaire.

Gearradh ar láimh duine: Bíonn fiaile ag fás in áiteanna agus nuair a dhéantar crios di ar an ngearradh, bíonn stop leis an bhfuil. Lus na fola an t-ainm atá ar an bhfiaile sin.

Neascóid: Buidéal leanna a fháil agus é a líonadh le huisce beirithe agus an t-uisce do chaitheamh amach arís agus an buidéal do chur leis an neascóid.

Dóiteán: Uisce aoil agus ola mhilis a bhíonn mar leigheas ag daoine.

Pian id’ cheann: Tae gan bainne a ól agus dul a chodladh i seomra dorcha.

Máire Ní Mhullamhnaigh,  12/4/1938, Baile Philip, Cnoc an Fheoir, Tulach an Iarainn, Co Phort Láirge


Fág freagra ar 'An chos dhubh nó an Galar Buí? Bhíodh leigheas ag an nGael air…'

  • Maire

    An suimiuil ar fad.