An chóir le Boris Johnson i gcónaí agus Stewart curtha de dhroim seoil

Ceathrar atá fágtha anois i rás ceannaireachta na dTóraithe agus an chuma ar an scéal nach gcuirfidh aon duine Boris Johnson dá bhuille

An chóir le Boris Johnson i gcónaí agus Stewart curtha de dhroim seoil

Díbríodh ó thoghchán ceannaireachta Thóraithe Shasana tráthnóna Rory Stewart a fuair sé 10 vóta níos lú i mbabhta vótála an lae inniu ná mar a fuair sé inné.

Tá Boris Johnson ag dul ó neart go neart sa toghchán i gcónaí agus 143 vóta a fuair sé tráthnóna, 17 vóta níos mó ná inné agus 38 vóta níos mó ná Jeremy Hunt agus Michael Gove le chéile.

54 vóta a fuair Hunt sa dara háit agus 51 a fuair Gove a bhí sa tríú háit agus is cosúil gur duine acusan a bheidh fágtha i gcoinne Johnson nuair a bheidh deireadh déanta amárach.

Chuaigh Sajid Javid  chun tosaigh ar Stewart a raibh go leor cainte faoi le déanaí agus é á lua mar an t-aon iarrthóir a bhí sásta dúshlán Johnson a thabhairt agus seasamh láidir a ghlacadh i gcoinne an Bhreatimeachta chrua.

Murab ionann agus iarrthóirí eile a raibh leathshúil acu ar cad a bheadh i ndán dóibh faoi cheannaireacht Johnson, ní raibh Stewart ag dul go réidh leis na buillí ach ráineodh gur bhain a thaispeántas patuar i ndíospóireacht teilifíse an BBC aréir cuid den ghaoth dá sheolta.

Leanfar leis na babhtaí vótála go dtí nach mbeidh fágtha ach beirt iarrthóirí. 

Beidh an ceathrú agus, más gá, an cúigiú vóta amárach ann. 

Beidh mí ag an mbeirt dheireanach a bheidh fágtha le feachtas tacaíochta a rith ó cheann ceann na tíre.

Le linn na míosa sin seolfar páipéar ballóide chuig gach ball den Pháirtí Caomhach le go bpiocfaidh siad a rogha duine mar cheannaire ar an bpáirtí. Fógrófar an ceannaire nua an tseachtain dár tús an 22 Iúil.

Fág freagra ar 'An chóir le Boris Johnson i gcónaí agus Stewart curtha de dhroim seoil'