Tá an chláirseach ar fáil go hoifigiúil mar emoji. Fógraíodh an samhradh seo caite go raibh siombail náisiúnta na hÉireann le bheith i measc na emoji nua a chuirfí ar fáil mar chuid de Emoji 16.0, a seoladh i mí Mheán Fómhair 2024.
Tá an chláirseach anois i measc na n-ocht emoji nua a chuir Apple lena ardán le déanaí agus atá ar fáil ar mhéarchlár emoji iOS 18.4 Beta ar fhóin agus ríomhairí de chuid an chomhlachta.
‘Cláirseach – uirlis cheoil thriantánach a sheinntear trí na sreanga ingearacha a phiocadh leis na méara’ an cur síos atá déanta ag an mbunachar emoji Emojipedia ar an uirlis a shamhlaítear go mór le hÉirinn. Tá an chláirseach ina comhartha suaitheantais ag Rialtas na hÉireann, Uachtarán na hÉireann agus ar bhoinn euro na hÉireann.
Tá an chláirseach mar lógó ag an gcomhlacht Guinness freisin, branda a shamhlaítear le hÉirinn ar fud an domhain mhóir, agus ceanglaítear í freisin le carachtair thábhachtacha i stair agus seanchas na hÉireann, leithéidí Bhriain Bhóirmhe, Ard-Rí Éireann, agus Toirdhealbhach Ó Cearrbhalláin ‘An Cláirseoir Caoch’.
Fágann an nuashonrú seo go bhfuil trí emoji ar fáil a bhaineann go sonrach le hÉirinn – trídhathach na hÉireann, an tseamróg, agus an chláirseach. Is minic a úsáidtear an tseamair Mhuire ar na meáin shóisialta nuair atáthar ag trácht ar Éirinn, cé gur dócha ná a mhalairt gur botún é seo agus gur seamróg a bhíonn i gceist ag na tráchtairí.
Mar a mhínigh an cláirseoir Úna Ní Fhlannagáin do Tuairisc anuraidh ní “cláirseach thraidisiúnta na hÉireann” atá léirithe san emoji nua ach cláirseach a bhaineann le traidisiún na hEorpa.
“Ba bhreá liom an chláirseach lámhchruinn chuarach Ghaelach a fheiceáil ach mar sin féin glacfaidh mé le haon triantán a bhfuil sreanga air, agus bainfead leas as go minic!” a dúirt an ceoltóir.
Is iad na seacht emoji eile atá ar fáil anois ar mhéarchlár emoji Apple: ‘lorg méire’, ‘meacan’, ‘crann lom’, ‘rámhainn’, ‘steall’, ‘éadan a bhfuil meilleoga faoina shúile’, agus ‘brat na Sairce’.
Mícheál Ó Flaithearta
Ar ndóigh tá sí le fáil i ngach teach ósta agus is féidir leat íoc uirthi lena macasamhail féin gan oiread agus nóta a bheith agat!