An cheist anois – Trump a leagan nó Daonlathach a chur sa Teach Bán? 

Beidh an dream atá sa tóir ar ainmniúchán an Pháirtí Dhaonlathaigh do thoghchán uachtaránachta SAM i mbun díospóireachta teilifíse anocht agus oíche amárach

An cheist anois – Trump a leagan nó Daonlathach a chur sa Teach Bán? 

Tá os cionn scór acu ann – cúigear agus fiche faoin tráth seo – na daoine a dteastaíonn uathu a bheith mar iarrthóir uachtaránachta ag an bPáirtí Daonlathach sna Stát Aontaithe an bhliain seo chugainn. Cuirfear os comhair an phobail mar bhuíon anocht agus amárach iad – deichniúr chaon oíche – sa gcéad díospóireacht i measc na n-iarrthóirí.

Scór ann nó as, is féidir a rá cheana féin gur ar chúigear acu atá aird. Is é Joe Biden an fear a bhí ina leas-uachtarán ag Barack Obama atá ar cheann an chomhairimh. Ina dhiaidh sin, tá na seanadóirí Elizabeth Warren, Bernie Sanders agus Kamala Harris agus Pete Buttigieg, méara South Bend, Indiana. Léiríonn na pobalbhreitheanna go bhfuil Biden i bhfad chun tosaigh i measc na nDaonlathach agus ag daoine ‘measartha’ sa bpáirtí. Ní leor sin, ar ndóigh, leis an Teach Bán a bhaint de Donald Trump.

An é Biden an fear ceart lena dhéanamh?

Tá rogha thábhachtach le déanamh ag na hiarrthóirí agus ag na daoine a dhéanfaidh rogha eatarthu. An ngéilleann siad don ghluaiseacht nua taobh istigh den pháirtí – eite liobrálach a luaitear an focal ‘sóisialach’ léi? An eite den pháirtí a tháinig go mór chun cinn sa toghchán deiridh le tacú le Bernie Sanders. Toghadh go leor ball comhdhála anuraidh sa bpáirtí a chuir iad féin ar a boinn mar thoradh ar a dtacaíocht do Sanders – leithéidí Alexandria Ocasio Cortes i Nua-Eabhrac. Dream iad seo a deir go bhfuil na Daonlathaigh éirithe rómheasúil agus go bhfuil géillte an iomarca acu do pholasaithe cúramacha coimeádacha.

Céard a dhéanfaidh na hiarrthóirí sna díospóireachtaí anocht agus amárach, mar sin? An díospóireachtaí faoi chroí agus anam an pháirtí Dhaonlathaigh agus an fhís atá acu do na Stáit Aontaithe a bheidh iontu? An díospóireachtaí idir iarrthóirí a bheidh ag ionsaí a chéile ar bhonn pearsanta a bheidh ann? Nó an mbeidh an dá oíche faoi scáth phearsantacht agus uachtaránacht Donald J. Trump?

Tá na Stáit Aontaithe deighilte agus is léir go bhfuil an páirtí Daonlathach deighilte freisin. An fearr dóibh cloí leis na tuairimí atá acu nó pé ní is gá dóibh é a dhéanamh ar mhaithe leis an gceann is fearr a fháil ar Trump?

Beidh ar na Daonlathaigh cinneadh a dhéanamh go ríghairid.

Ba léir ó shlógadh Trump an tseachtain seo caite go bhfuil sciar an-dílis den phobal vótála aige sin i gcónaí. Tá an rud céanna ag na Daonlathaigh. Mar is gnáth, beidh corrstát cinniúnach agus caithfear dul i gcion ar phobail na stát sin, na vótóirí agus na meáin, ionas go gcruinneoidh siad na vótaí a theastaíonn.

Idir an dá linn, tá iarrthóir le roghnú. Is léir go bhfuil cuid mhór de phobal na nDaonlathach den tuairim gurb é Biden an fear leis an gceann is fearr a fháil ar Trump. An cheist anois – Trump a leagan nó Daonlathach a chur sa Teach Bán?  Ní hionann iad!

Fág freagra ar 'An cheist anois – Trump a leagan nó Daonlathach a chur sa Teach Bán? '