An cheist a chuirfidh an uile vótálaí air féin – an bhfuil muinín agam as mo dhuine?

Is léir cheana féin cosúlacht ghinearálta idir tairiscintí na bpríomhpháirtithe, ach bíonn cúiseanna eile ag daoine agus iarrthóir á roghnú acu

An cheist a chuirfidh an uile vótálaí air féin – an bhfuil muinín agam as mo dhuine?

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Is treise muinín ná geallúint sa saol polaitiúil, agus i ngach réimse den saol. Dá fheabhas an chuma a bhíonn ar gheallúint, is ar mhuinín a bhíonn a héifeacht ag brath.

Beidh raidhse geallúintí á dtabhairt ag na páirtithe polaitiúla idir seo agus an 8 Feabhra. Go deimhin, is léir cheana féin cosúlacht ghinearálta idir tairiscintí na bpríomhpháirtithe. Tá caiteachas breise agus laghdú ar cháin geallta cheana féin ag Fine Gael, ag Fianna Fáil agus ag Sinn Féin. Níl hionann an léargas eacnamaíochta anois agus a bhí cúrsaí nuair a bhí mífhreagracht pholaitiúil sa bhfaisean roimhe seo, ach bhí blas den déja vu ar a ndúirt na príomhpháirtithe le cúpla lá anuas.

Beidh cuimse mhór sonraí agus figiúirí á gcur faoinár mbráid acu idir seo agus lá na vótála. Ní bunaithe ar shonraí ná ar fhigiúirí áfach a thabharfaimid ár mbreith ach ar rogha níos bunúsaí: an t-iarrthóir agus/nó an páirtí is mó a mbeadh muinín againn astu mar ionadaí áitiúil nó mar rannpháirtí rialtais.

Deir gach rialtas, nuair a bhíonn rath ar gheilleagar na tíre, mar atá faoi láthair, go gcuirfeadh malairt rialtais an rathúnas i gcontúirt.

Uaireanta, mar a tharla in 2007, agus Fianna Fáil á atoghadh, tugtar aird ar a n-áiteamh. Uaireanta eile, mar a tharla i 1997 agus comhrialtas Fhine Gael agus an Lucht Oibre á chur as oifig, tugtar an chluas bhodhar do rabhadh dá leithéid.

Mar thaca lena gcás an babhta seo, tá Fine Gael ag moladh don phobal cuimhneamh ar thuairt an gheilleagair agus an státchiste nuair a bhí Fianna Fáil i gcumhacht sa tréimhse roimh 2011. Níl gach vótóir toilteanach fós maithiúnas a thabhairt d’Fhianna Fáil mar gheall ar an dochar as cuimse a rinne an páirtí don tír agus Micheál Martin ina chomhalta sinsearach den rialtas.

Tá dhá chosaint mar sin féin ag Fianna Fáil ar fhainic Fhine Gael. Ar an gcéad dul síos, bhí cuid mhór de chur chuige an rialtais ó 2016 ar aghaidh ag brath ar thacaíocht dhílis Fhianna Fáil. Ar an dara dul síos, is ag smaoineamh ar an am atá romhainn seachas ar eachtraí a tharla deich mbliana ó shin agus níos faide siar a bheidh tromlach na vótóirí san olltoghchán.

Chuaigh Leo Varadkar ar gcúl, i gcomparáid le ceannaire Fhianna Fáil, nuair a labhair sé faoi chás an fhir gan dídean ar gortaíodh é nuair a leagadh an puball ina raibh sé ag cur faoi ar bhruach na Canálach Móire. Rinne Leo Varadkar iarracht amaideach Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath Paul McAuliffe (iarrthóir Fhianna Fáil i mBaile Átha Cliath Thiar Thuaidh) a lochtú mar gheall ar ar tharla. Bhí an t-ádh ar an Taoiseach ar bhealach gur i dtús an fheachtais a rinne sé meancóg a léirigh místuaim. Tá aghaidh á tabhairt aige ar fhear atá i gceannas ar Fhianna Fáil i bhfeachtas olltoghcháin den tríú huair.

Dáiríre, ní ar chúrsaí polaitíochta, mar a bhí beartaithe ag Leo Varadkar ná ag ceannaire páirtí ar bith eile, a bhí aird an phobail dírithe le seachtain. Cibé duine nó dream a bheas i gceannas tar éis an olltoghcháin, chuir eachtra léanmhar na Canálach Móire agus dúnmharú uafásach an ógánaigh Keane Mulready-Woods i nDroichead Átha i gcuimhne dóibh go mbeidh dhá ghéarchéim dhosheachanta ar chlár oibre an rialtais nua.

Focal scoir. Ó thosaigh feachtas an olltoghcháin seo is ar éigean a pléadh ceist a bhaineann go dlúth le muinín na vótóirí as an té a roghnófar mar Thaoiseach ina dhiaidh. Ní léir seans ar bith go mbeidh páirtí ar bith ábalta na geallúintí agus na polasaithe a fhógróidh siad idir seo agus an 8 Feabhra a chur i bhfeidhm go hiomlán.

Is ar chumas an Taoisigh nua teacht ar chomhréiteach téagartha idir a pháirtí féin agus páirtithe eile a bheidh fiúntas a rialtais ag brath. B’fhearr le Leo Varadkar agus Micheál Martin ábhar chomh hachrannach a sheachaint roimh lá na vótála. Ní cóir d’iriseoirí géilleadh dá ndrogall.

Fág freagra ar 'An cheist a chuirfidh an uile vótálaí air féin – an bhfuil muinín agam as mo dhuine?'